Cailciam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCailciam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus essential medicine (en) Aistrigh
Cailciam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCa
Uimhir adamhach20
Mais adamhach40.078
Cumraíocht leictreon[Ar] 4s² agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 4s²
Peiriad, Grúpapeiread 4
miotal cré-ailcealach
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe838.85
Fiuchphointe1,483.85
Leictridhiúltacht1
Ga ianach1, 1.12, 1.23 agus 134
Stair
AimsitheoirHumphry Davy
Fionnachtain1808
EapainmAol

Is é an cailciam dúil cheimiceach uimhir 20. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ca. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é, agus mar sin, is miotal réasúnta bog é - níl sé chomh bog leis an luaidh, ach is féidir é a ghearradh le scian. Tá sé ar an gcúigiú dúil is líonmhaire i screamh an Domhain, de réir na maise. Tá an cailciam ar an gcúigiú hian is coitianta dá bhfuil tuaslagtha in uisce na bhfarraigí, de réir na mólarachta agus na maise i ndiaidh an tsóidiam Na+, na clóiríde Cl-, an mhaignéisiam Mg2+ agus na sulfáite SO42-.

Riachtanas é an cailciam (nó an t-ian cailciam Ca2+) do na beothaigh, go háirithe i bhfiseolaíocht na gceall, nó nuair a bhíonn na hiain chailciam ag bogadh isteach nó amach as cíteaplasma na cille, is comhartha tábhachtach é dá lán de na próisis a bhíonn ar siúl sa chill. Cailciam atá i gcuid mhaith de na cnámha freisin.

Miotal imoibríoch é an cailciam, is é sin, is dual dó dul i gcomhdhúile leis na dúile eile go réidh, agus mar sin, ní mór dul i dtuilleamaí leictrealú leis an gcailciam miotalach a bhaint as na salainn chailciam. Tiocfaidh brat ocsaíde ar an gcailciam go sciobtha má chuirtear i dteagmháil leis an aer é. Is féidir é a chur trí thine fosta, ach ní ghlacfaidh smutáin mhóra chailciam tine go furasta. Nuair a rachaidh an lasair i gcailciam, áfach, beidh sé á dhó agus bladhaire geal flannbhuí nó deargbhuí as.

Imoibreoidh an miotal leis an uisce, ionas go saorfaidh sé móilíní hidrigine H2 as agus é féin ag dul isteach i bhfoirm ian Ca2+. Arís, áfach, bíonn an t-imoibriúchán seo mall go leor ag teacht i gcrann más smután mór cailciam atá i gceist, ó thagann brat hiodrocsaíde Ca(OH)2 idir an miotal agus an t-uisce, agus níl an hiodrocsaíd seo sothuaslagtha san uisce. Má chuirtear púdar cailciam san uisce, áfach, beidh an t-imoibriúchán i bhfad níos fíochmhaire.

Bíonn na salainn chailciam sothuaslagtha san uisce. Is eisceachtaí iad an hiodrocsaíd (an t-aol teilgthe), an tsulfáit CaSO4 (an gipseam), an charbónáit CaCO3 (an aolchloch) agus na fosfáití.

Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an gcailciam, mar atá, cailciam 40 (96.941 % de chailciam an dúlra), cailciam a 42 (0.647 %), cailciam a 43 (0.135 %), agus cailciam a 44 (2.086 %). Thairis sin, tá dhá iseatóp nádúrtha radaighníomhacha ann, agus iad chomh fadsaolach is gur féidir neamhshuim a dhéanamh den radaighníomhaíocht sin: cailciam a 46 (0.004 %) agus cailciam a 48 (0.187 %). Tá iarsmaí de chailciam a 41 sa dúlra freisin. Is iseatóp cosmaigineach é, is é sin, is í an radaíocht chosmach (an radaíocht ón spás) a chruthaíonn é: nuair a bhuaileann na neodróin ón spás faoi núicléis chailciam 40, faightear cailciam a 41. Iseatóp radaighníomhach é, agus é 103,000 bliain ar leathré.

Tá fiche neodrón agus fiche prótón i núicléas chailciam 40, agus is í an núiclíd chobhsaí is troime a bhfuil an líon céanna neodrón agus prótón inti.

Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcailciam sa chuid is mó de na comhdhúile ná +2, cé gur tháinig na ceimiceoirí ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +1 aige. Salainn nó comhdhúile ianacha iad na comhdhúile cailciam, agus bíonn úsáid phraiticiúil iontu go minic.

  • Úsáidtear an charbónáit chailciam CaCO3 i ndéantús na soiminte agus an mhoirtéil, mar shampla.
  • Is féidir tuaslagán na hiodrocsaíde cailciam Ca(OH)2 (aoluisce) a úsáid leis an dé-ocsaíd charbóin a aithint san uisce.
  • Úsáidtear an arsanáit chailciam Ca3(AsO4)2 mar fheithidnimh.
  • Is í an chairbíd chailciam CaC2 amhábhar na haicéitiléine (na heitíne) a úsáidtear i dtáthú na miotal.
  • Cuirtear clóiríd chailciam CaCl2 ar na bóithre leis an leac oighir a ghlanadh díobh.

Cuid nádúrtha den cholainn daonna iad na hiain chailciam, agus mar sin, is ar éigean is féidir bás a fháil le nimhiú cailciam. Is iad na clocha duáin an priacal is mó a théann le ródháileog chailciam, ach is féidir do na clocha sin cliseadh na nduán a tharraingt ina ndiaidh má fhásann siad rómhór.

Scéal eile go bhfuil an miotal cailciam féin dainséarach go leor, agus an claonadh chun imoibriúcháin atá ann. Má théann an cailciam i dteagmháil leis na comhdhúile bithcheimiceacha íogaire i gcolainn an duine, cuirfidh sé ó mhaith iad go hiomlán, nó gallúnóidh sé an tsaill agus leachtóidh sé na próitéiní. (Le fírinne baintear úsáid as an miotal cailciam le draenacha a oscailt ar an gcúis chéanna: leachtóidh sé na ruainní gruaige a bhíonn ag blocáil draenacha.) Má shlogtar miotal cailciam, déanfaidh sé dochar tromchúiseach don bhéal, don éasafagas agus don ghoile, agus is minic nach bhfuil an dochar sin inleigheasta ar aon nós.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]