Aicéitiléin
Jump to navigation
Jump to search
Gás gan dath is ea aicéitiléin (C2H2) a fhiuchann ag -84 °C. Boladh aerga aisti. Déanann sí meascán pléascach le haer. Pléascach agus í leachtaithe An dá adamh carbóin sa mhóilín ceangailte le nasc triarach. Déantar é trí imoibriú uisce le cairbíd chailciam. Úsáidtear í mar bhreosla, go príomha sa tóirse ocsaicéitiléin chun miotail a ghearradh is a tháthú, agus mar bhunús i sintéis orgánach.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |