Madra
Cuma
Canis familiaris | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Canidae |
Treibh | Canini |
Géineas | Canis |
Speiceas | Canis familiaris Linnaeus, 1758 |
Ainmhí clóis is ea an madra (madadh nó gadhar) (Canis lupus familiaris nó Canis familiaris). Mamach atá ann. D'eascair madraí an lae atá inniu ann ón mac tíre. Mar gheall ar an bpórú a rinne daoine is mór an éagsúlacht atá ann i measc na gcineál éagsúla. Tá na madraí flúirseach go maith ar fud an domhain.
Tá madra sléibhe Beirneach darb ainm 'Bród'[1] ag Uachtaráin na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, a mbíonn leis formhór den am agus é ag obair in Áras an Uachtaráin. Bíodh deirfiúr le Bród, Síoda aige freisin ach fuair sí bás i meán fómhair 2020.
Seanfhocail
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Is teann gach madra gearr i ndoras a thí féin.
- Má bhuaileann tú mo mhadra buailfidh tú mé féin.
- Is fearr madra beo ná leon marbh.
- Nuair atá do lámh i mbéal an mhadra, tarraing amach go bog é.
- Coinnigh an cnámh agus leanfaidh an madra thú.
- Is olc an cu nach fiú a liú.
- An té a luíonn le madraí, éiríonn sé le dreancaidí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "GAILEARAÍ: Cé a bhí ag Cóisir na Gaeilge le Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-20.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |