Tarbhmhaistín
Cuma
Ginearaltaí | |
---|---|
Tír bhunaidh | an Ríocht Aontaithe |
Tréithe fisiciúla | |
Meáchan | 50 kg, 59 kg, 41 kg agus 50 kg |
Airde | 64 cm, 69 cm, 61 cm agus 66 cm |
Aicmiú agus caighdeán póir | |
Cód catalóige | 157 (Federation Cynologique Internationale ) |
Is pór madra é an tarbhmhaistín a saothraíodh sa Bhreatain trí tharbhghadhair a chros-síolrú le maistíní. An cholainn dingthe, an fionnadh gearr donn, na cluasa bog is an soc cumasach. Ionsaitheach ach insrianta. D'úsáideadh maoir seilge é chun cosc a chur ar phóitseálaithe sa 19ú céad.[1]
Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí in Éirinn, tá rialacha i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí. Ina measc sin tá tarbh-bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman. De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d'aois na madraí a shrianadh le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tarbhmhaistín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 643.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-07). "Tarbh-bhrocaire maraithe ag na Gardaí tar éis ionsaí ar bhean" (as ga-IE).
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |