Labradór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Labradór

Is cineál madra foghlaeireachta é an Aimseadóir Labradóir nó díreach Labradór. Tá siad ar ceann de na pór madraí is mó a bhfuil tóir air sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

Is pór cúnamh múchumais i cuid mhór tíortha. Traenáiltear iad chun cúnamh a thabhairt go daoine atá dall, cunamh a thabhairt go iadsan le uathachas, a bheith mar mhadra teiripe agus obair braite a dhéanamh i gcomhair gníomhaireachtaí um fheidhmiú an dlí agus gníomhaireachtaí oifigiúila eile. Tá siad luachmhar mar gadhair fiaigh agus lúthchleas chomh maith.

Bhí roinnt de na coinéil a shíolraigh a shinsir, an uisceadóir Naomh Sheáin, i Sasana. Ag an am céanna, tosaíodh meascán de factóirí bás an uisceadóir Nomh Sheáin, cuireadh polasaí um chosaint caora i dTalamh an Éisc agus coraintín confaidh sa Ríocht Aontaithe, agus lean é seo go bás an uisceadóir Naomh Sheáin i gCeanada.

Sna 1830idí, iomportáil an 10ú Iarla Home agus a bheirt nia an 5ú Diúc Buccleuch agus an Tiarna John Scott sinsir an pór ó Thalamh an Éisc go dtí an Eoraip chun iad a úsáid mar mhadraí foghlaeireachta. Duine eile a bhí mar thacadóir luath go na madraí Thalamh an Éisc, nó Aimseadóir Labradóir mar atá aithne againn orthu, ná an 2ú Iarla Malmesbury a shíolraigh iad de bharr a shaineolas ar seilg a dhéanamh ar éanlaith uisce.

I rith na 1880idí, chomhoibrigh an 3ú Iarla Malmesbury, an 6ú Diúc Buccleuch agus an 12u Iarla Home chun an nua-pór Labradór a fhorbairt agus a bhunú. Thug Buccleuch dhá mhadraí go Malmesbury, Buccleuch Avon agus Buccleuch Ned. Chúpláil na madraí seo le madraí baineann a bhí ag iompar fuil ó na madraí a iomportáil an 5ú Diúc agus an 10ú Iarla Home. Tógtar na sliocht mar shinsir an Labradór nua-aimseartha.

Tuairiscí Luath[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá roinnt cur síos luath den uisceadóir Naomh Sheáin le fáil. I 1822, thrasnaigh an taiscealaí W.E Cormack an oileán Talamh an Éisc ar cos. In a dhialann scríobh sé "Tá na madraí traenáilite go han-mhaith mar aimseadóirí i bhfoghlaeireacht agus tá siad úsáideach i slíthe eile chomh maith.... Tá an madraí le gruaigh mín nó gearr níos fearr mar nuair a thagann aimsir sheaca cuireann an sioc isteach ar na madraí le gruaig fada agus iad ag teacht amach as an uisce"

Rinne an Coirnéal Walker cur síos luath ar an madra, dúirt sé gurbh iad "an madra is fearr i comhair foghlaeireacht d'aon saghas. Tá sé dubh go ginearálta agus níl sé níos mó ná Phointéir, cosaí an-tanaí, le gruaig gearr agus mín agus níl eireaball catach aige; tá sé an tapaí; ag rith, ag snámh agus ag troid... agus tá srón ghéar aige"

Deirtear gur thógtar an chéad madra Naomh Sheáin ó Shasana timpeall ar 1820, ach bhí clu agus cáil ar an madra i Sasana cheana féin; tá scéal ann a deireann gur chonaic an 2ú Iarla Malmesbury madra Naomh Sheáin ar bád iascaireachta agus rinne sé socruithe láithreach le trádalaí cúpla de na madraí seo a iomportáil go Shasana. Chuaigh na madraí seo i bhfeidhm chomh mór sin ar an Iarla lena chuid cumas agus ábaltacht aon rud a aimsiú in uisce agus ar an tír go thug sé a choinéal ar fad dóibh len iad a fhorbairt agus a cobhsú.


Ainmhí
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.