Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pór madra a ritear anois ar son spóirt, ach a bhíodh in úsáid leis na mílte bliain chun giorriacha, sionnaigh is fianna a sheilg. Caol le fionnadh gearr. Na cosa, an t-eireaball is an soc fada. Is mionphór an cú Iodálach. Tarlaíonn rásaíocht con ar chúrsa fálaithe ciorclach nó ubhchruthach, agus mealltar na cúnna timpeall an chúrsa le giorria meicniúil. Tógadh an chéad chúrsa mar seo in Emeryville, California i 1919.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 189.