Tarbh-bhrocaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tarbh-bhrocaire

Is pór madra é an tarbh-bhrocaire a saothraíodh sa Bhreatain le haghaidh gríosú tarbh, trí chros-síolrú tarbhghadhar le brocairí. An cholainn cumasach, an t-eireaball fada, na cluasa biorach díreach in airde, an ceann leathan le súile beaga, an fionnadh gearr. An tarbh-bhrocaire Sasanach bán de ghnáth, tarbh-bhrocaire Staffordshire scothdhearg/buídhonn de ghnáth. Ó timpealll 1980 tá an tarbh-bhrocaire Meiriceánach ag tarraingt aire an phobail as ionsaithe ar pháistí is daoine fásta, ionsaithe marfacha uaireanta. I gcuid mhaith tíortha tá rialacháin is srianta orthu.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tarbh-bhrocaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 643.