Fuipéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fuipéad

Pór madra is ea an fuipéad, atá ana-chosúil le cú rása, ach é a bheith níos lú. Póraíodh an fuipéad i gcomhair seilge is rásaíochta ar dtúis. Bíonn toirt mheasartha ag an bhfuipéad, le meáchán idir 6.8–14 kg agus airde idir 47-51 cm de ghnáth ag an gceann fireann (idir 44-47 cm d'airde ag an gceann baineann). Bíonn dathanna éagsúla ag an bpór---bán, dubh, buídhonn, riabhach ina measc---mar is cuma dath an chú seo agus breith á tabhairt air i dtaispeántas gadhair.

Bíonn an fuipéad ciúin mánla, agus is minic a bhíonn sé sásta mórchuid an lae a chaitheamh ina luí, d'ainneoin a luas i mbarr reatha (agus é ar an ainmhí is tapúla dá thoirt ar an domhan). Ní oireann an pór mar mhadra garda.

Bhíodh an fuipéad ina mhadra seilge ar dtúis, agus é géarshúileach go leor. Is féidir leis teacht suas le coinín gan stró, agus nuair a bheireann sé ar ainmhí croitheann sé an créatúr chun muineál an ainmhí a bhriseadh.