Madra dúiseachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pointeoir sasanach

Madra spóirt de phóir éagsúla is ea an madra dúiseachta, a saothraíodh chun géim a bhrath is a aimsiú. Seasann sé go docht mar a bheadh dealbh ann agus a shoc dírithe i dtreo an ainmhí creiche. Madra a saothraíodh i Sasana is ea an madra dúiseachta Sasanach. Níos airde ag na guaillí ná ag na geadáin, an soc fada domhain cuasach ag an mbarr, an t-eireaball barrchaol is iompartha beagnach cothrománach, an fionnadh gearr.