Sí-abhabha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sí-abhabha
WhiteTanChihuahua.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Animalia
Fíleam:Chordata
Aicme:Mammalia
Ord:Carnivora
Fine:Canidae
Géineas:Canis

Is é an sí-abhabhachihuahua an saghas madra is lú dá bhfuil ann.

Chihuahua .jpg

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé in ainm a bheith éirimiúil agus neirbhíseach. Tá cuma shaintréitheach air. De ghnáth bíonn na súile agus na cluasa mór. Bíonn an tsrón gearr. Bíonn na hainmhithe 500g-3kg ar meáchan.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eascair an t-ainm ó stát Chihuahua i Meicsiceo. Ní léir conas a tháinig na madraí seo ar an bhfód, ach ó lár na naoú haoise déag ar aghaidh, bhí turasóirí á gceannach i stát Chihuahua. Deirtear gurbh iad na Techichi, madraí beaga a bhí ina gcónaí Meicsiceo roimh theacht na nEorpach, sinsir an phóir.[1]

Sa bhliain 2023, ba ea í Pearl as Florida an madra is lú ar domhan go hoifigiúil,. Bhí sí chomh fada le nóta dollair ($1) agus bhí 0.553 cileagram meáchain inti.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Chihuahua Handbook, D. Caroline Coile, Ph.D., foilsithe ag Barron's, 2000; ISBN 0-7641-1521-9.
  2. ELeathanach 439, 2 Bealtaine 2023

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]