Breosla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gás á dhóigh mar bhreosla

Is éard atá i gceist le breosla ábhar ar bith a dhóitear nó a athraítear chun fuinneamhteas a fháil uaidh. Is iomaí cineál breosla atá ann, leacht, gás agus solad. Dóitear adhmad mar bhreosla ar fud an domhain. Is amhlaidh gurb é seo an breosla is sine a bhain daoine feidhm as. Dónn daoine breosla eile amhail artola chun inneall a chur ag gluaiseacht; gás chun tithe a théamh agus bia a chócaireacht. Sa lá atá ann inniu faightear fuinneamh ó bhreoslaí eithneacha.

Is breosla é bia freisin. Faigheann daoine agus ainmhithe fuinneamh ó bhia. Tiontaítear an bia go fuinneamh sna cealla.

Ag deireadh na dála, eascraíonn an fuinneamh go léir atá ar fáil i mbreoslaí ón ghrian.