Dímheáchan
Is éard is dímheáchan[1] ann ná laghdú dealraitheach sa domhantarraingt taobh istigh de spásárthach atá i bhfithis os cionn an Domhain, nó árthach atá ag saorthitim. Cuireann an laghdú meáchain, is an easpa cinnteachta ar cá bhfuil an treo síos nó suas, isteach go mór ar fhiseolaíocht na spásairí agus a gcumas obair is turgnaimh a dhéanamh. Go minic faigheann siad tinneas taistil. Má chaitheann spásaire fad mór ama sa staid seo, tagann a mhatáin le bheith lag, ceal teannais, agus idirleathann an-chuid cailciam amach óna chnámha, á ndéanamh bog sobhriste.
Tá an-taighde ar siúl, go mór mór ar an tointeálaí spáis, ar na saghsanna turgnamh is próiseas is féidir a dhéanamh sa staid gan mheáchan, féachaint an féidir tionsclaíochtaí nua a bhunú air seo. Ag tosú ó smaoineamh ar an staid gan mheáchan nó dul i léig na domhantarraingthe, shaothraigh Einstein teoiric na coibhneasachta ginearálta i 1916.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““dímheáchan” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dímheáchan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |