Saorthitim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gluaisne réada a ligtear dó titim faoi dhomhantarraingt, gan friotaíocht an aeir nó athruithe sa domhantarraingt le hairde a chur san áireamh. Sa chas seo is ionann an luasghéarú ag gach nóiméad do réad ar bith, is cuma cén mhais nó cén t-ábhar atá ann. Tagann an toradh seo ó shaothar Galileo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Saorthitim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 577.