Frithchuimilt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
giniúint na frithchuimilte

Tugtar frithchuimilt ar an bhfórsa a chuireann in aghaidh gluaiseacht choibhneasta idir dhá dhromchla atá ag sleamhnú thar a chéile. Tá cineálacha éagsúla frithchuimilte ann:

  • Tur-fhrithchuimilt, a chuireann i gcoinne gluaisne cliathánach coibhneasta dhá dhromchla sholadacha i dteagmháil. Aithnítear dhá shórt tur-fhrithchuimilte, sé sin, frithchuimilte statach idir dromchlaí neamh-chorraitheacha, agus frithchuimilt chinéiteach idir dromchlaí atá ag gluaiseacht.
  • Fhrithchuimilt shreabhánach, a dhéanann cur síos ar fhrithchuimilt idir sraitheanna laistigh de leacht vioscósach a bhíonn ag bogadh i gcoibhneas lena chéile.
  • Fhrithchuimilt bhealaithe, gur chineál áirithe frithchuimilte sreabhánaí í, ina scarann an leacht ina dhá dromcla soladach.
  • Frithchuimilt chraicinn, gur chomhpháirt de chúltarraingt í, an fórsa a chuireann i gcoinne gluaisne réad soladach trí leacht.
  • Frithchuimilt inmheánach, an fórsa a chuireann i gcoinne gluaisne idir na heilimintí de chuid ábhair soladach le linn dífhoirmíochta.