Cois Fharraige
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
| Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Is ceantar é Cois Fharraige atá in iarthar Chontae na Gaillimhe agus é ag síneadh siar ó chathair na Gaillimhe go Casla. I measc na mbailte i gCois Fharraige tá Bearna, na Forbacha, an Spidéal, Indreabhán, An Tulaigh agus Ros an Mhíl. Is cuid de Chonamara é an ceantar seo, a deirtear (síneann Conamara i bhfad níos faide siar agus ó thuaidh).

An Ghaeltacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceantar Chois Fharraige ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Bíodh sin mar atá, tá an teanga faoi bhrú ón mBéarla sna bailte seo, go háirithe na cinn is gaire den chathair.
Tithíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá go leor tógála ar bun sa cheantar agus is minic gur daoine gan Gaeilge ó thaobh amuigh den cheantar a cheannaíonns na tithe. Le blianta beaga anuas tá díospóireacht go leor ar siúl mar gheall ar an gceist seo agus tá alt faoi ráiteas tionchair teanga curtha i bplean an chontae dá bharr.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cónaíonn formhór phobal Chois Fharraige laistigh de chúpla ciliméadar ó bhruach na mara, mar gur ann atá an bóthar, agus mar go rabhadar go mór ag brath ar an bhfarraige san am a caitheadh. Cé go raibh an ceantar bocht go maith go dtí na 1980í, tá i bhfad níos mó dul chun cinn déanta i gCois Fharraige ná mar atá déanta in go leor ceantar eile in Iarthar na hÉireann. Chuir Údarás na Gaeltachta riar maith fostaíochta ar fáil sa cheantar. Cuidíonn tionscal na gColáistí Gaeilge cuid mhaith le hioncam a chruthú do mhuintir na dtithe lóistín sa cheantar. Chomh maith leis, tá tábhacht leis na Coláistí sa cheantar mar go dtugann siad spreagadh do dhaoine an teanga a labhairt agus a úsáid agus go dtugann siad fostaíocht shéasúrach d'aos óg an cheantair trí Ghaeilge.
