Cill Rónáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Rónáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°07′29″N 9°40′06″W / 53.1247°N 9.6683°W / 53.1247; -9.6683
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie130990

Is í Cill Rónáin[1] (Kilronan as Béarla) an príomhbhaile in Árainn.

An baile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann báid isteach ina chalafort as Dubhlainn i gContae an Chláir agus as Ros a' Mhíl i gContae na Gaillimhe. Tá aerstráca in aice lámha i gCill Éinne. ´Siad na príomh-thionscail ná an iascaireacht agus an turasóireacht. Bíonn sluaite ag triail ar na h-oileáin sa samhradh ag tabhairt cuairt ar na dúnta agus ar na hiarsmaí eile. Tagann an-chuid daltaí scoile, freisin, chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge sna Coláistí Samhraidh ar an oileán.

Tá cheithre theach tábhairne sa mbaile, is iad seo An American Bar, Tí Joe Mac, Tí Joe Watty agus an Lucky Star Bar. Tá príomh-ollmhargadh an oileáin agus Óstán Árann lonnaithe ann freisin.

Is i gCill Rónáin ann atá ionad leighis agus halla pobal Inis Mór freisin, Halla Rónáin.

Tá tionchar tionscal na turasóireachta le feiceáil ar fud an bhaile. Tá neart gnónna bheaga ag ofráil réimse seirbhísí agus táirgí do na mílte turasóirí a thugann cuairt an an oileán gach bliain. Tá siopaí ceardearraí, rothair ar chíos, lóistín de gach shaghas, turais mionbhus agus bialanna go leor le fáil i gCill Rónáin. Is baile fuinneamhach bríomhar a bhíonn inti i lár an tsamhraidh.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an daonáirimh, bhí 270 duine ina gcónaí i gCill Rónáin sa bhliain 2002. Ceannáireamh 2002 ach laghdaíodh an daonra go 259 idir 2002 agus 2006.[2]

Sna Meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amhrán de chuid The Magnetic Fields' is ea Abigail, Belle of Kilronan, san albam 69 Love Songs.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cill Rónáin/Kilronan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Alphabetical list of Towns with their Population, 2002 and 2006". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-30. Dáta rochtana: 2009-09-07.
  3. http://69lovesongs.info/wiki/index.cgi?Abigail,_Belle_Of_Kilronan Curtha i gcartlann 2011-07-18 ar an Wayback Machine Compilation of Song Meanings and Liner Notes from the Album 69 Love Songs