Jump to content

Alan Titley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlan Titley

(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Meitheamh 1947
78 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreBelles-lettres, drámaíocht agus an Ghaeilge
Gairmscríbhneoir, drámadóir, iriseoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire agus scríbhneoir, úrscéalaí, gearrscéalaí, file, feabhalscéalaí, léirmheastóir, criticeoir, tráchtaire polaitíochta agus sochaí, múinteoir, léachtóir, ollamh, smaointeoir agus ilcheardaí focal is ea Alan Titley (An Titlíoch scaití) a rugadh sa bhliain 1947.[1] Is iad sainchomharthaí Titley ná an greann, an cur chuige uathúil, an déanamh súl, an spreagadh smaointeoireachta agus draíocht na deismireachta.

Rugadh Alan Titley i gCorcaigh sa bhliain 1947 agus is ann a cuireadh scolaíocht air.

Chuaigh Titley le múinteoireacht agus d'fhreastail sé ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, áit ar bhuaigh sé an bonn óir sa teagasc.

Chaith sé tamall ag múineadh agus ag taisteal san Afraic agus é ina mhúinteoir i gcoláiste Oiliúna Mount Carmel sa Nigéir idir na blianta 1967 agus 1969. Bhí sé ag múineadh páistí bodhra i Scoil na mBuachaillí Bodhra sa Chabrach i mBaile Átha Cliath (ó 1969 go 1974).

Sa bhliain 1981 ceapadh é mar Cheann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig (Ollscoil na hÉireann, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath). Sa bhliain 2006 ceapadh Titley ina Ollamh le Nua‑Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.[2]

Tá an Titlíoch ina chónaí i nGlas Naíon, taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Tá cúigear clainne aige lena bhean Mary - Gavan, Keelan, Aoife, Bróna agus Fergal.[3]

Is iriseoir, criticeoir, úrscéalaí, gearrscéalaí, agus drámadóir é Titley, agus is iomaí duais scríbhneoireachta atá buaite aige.

Méirscrí na Treibhe (1978) suite in Iarthar Afraice agus cuntas ann ar an achrann a lean an neamhspleáchas.

Tagann Godot (aist.)

Ansin tháinig Stiall Fhial Feola (1980), úrscéal, agus Eiriceachtaí agus Scéalta Eile (1987) óna lámh. Is minic an greann searbh agus an scigaithris le haithint ar a shaothar. Úrscéal stairiúil is ea An Fear Dána (1993) agus é bunaithe ar shaol Mhuireadhaigh Albanaigh Uí Dhálaigh, file.

Tá lé aige le ficsean gearr greannmhar, rud a chuir sé in iúl le Fabhalscéalta (1995) agus Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Léiríodh drámaí stáitse agus raidió dá chuid: bhí Tagann Godot (1991) le feiceáil in Amharclann na Mainistreach.

Foilsíodh Gluaiseacht, úrscéal faoin imirce, sa bhliain 2009.[4]

Tá criticeoireacht liteartha agus shóisialta Titley le fáil ar An tÚrscéal Gaeilge (1991) agus ar Chun Doirne (1997), bailiúchán aistí.

"Is é an t-aon teist fhiúntais amháin ar fhilíocht nó ar phrós an bhfuil sé láidir nó lag, misniúil nó meata..........

"Is é atá san litríocht, mar sin, ná cleamhnas idir nós agus samhlaíocht. Nuair is é an tsamhlaíocht atá in uachtar agus an nós á chur ó chothrom aige bíonn faill na hardlitríochta chugainn. Nuair a bhíonn an nós thuas is minic go mbíonn an toradh lag, faoin, glídiúil. Ach is litríocht í mar sin féin."[5]

Tá colún Gaeilge aige ar an Irish Times darb ainm Crobhingne.

"Tá scamall an bháis os cionn na Gaeilge i gcónaí. Ní féidir féachaint timpeall ná romhat ná in airde gan é a fheiceáil. Ba dhall an té a dhéanfadh neamart ann. Ach más dídean é an ealaín aonair i gcoinne an bháis aonair is cosaint í litríocht teanga in aghaidh bhás na teanga sin. Is gníomh creidimh, dóchais agus carthanachta í an scríbhneoireacht in éineacht; is dúnadh súl í; is cluiche í leis an gcinniúint, iasacht ón aimsir fháistineach, gadaíocht ón tsíoraíocht, éamh in éadan an chiúnais. Dá dhána, dá mhisniúla, dá chróga í an litríocht, dá airde a glam, is ea is óige, is fuinniúla, is bíogúla a bheidh sí. Is iad na seandaoine a fhanann cois na tine agus a chuimhníonn ar na laethanta fadó, a mhaireann in anallód is a fhanann leis an mbás. Is é an duine dalba a chaitheann seile in aghaidh an éaga, a théann ag magadh faoi is ag spochadh as, a deireann "fúbún fútsa freisin" suas lean phus.[5]
  • Ag dul i bhfad, 2023[6] Ar Ghearrliosta Leabhar Gaeilge na Bliana Fhoras na Gaeilge
  • Liricí Gearra, 2021. Liricí, véarsaíocht, dánta is prós. An dara cnuasach filíochta de chuid Titley Coiscéim[7]
  • Lúba, 2020, do pháistí 6-12 mbliana d’aois An Gúm ISBN 9781857919608[8]
  • Lámh, Lámh Eile, 2018
  • An Bhean Feasa, 2014
  • An Chuallacht Léannta: ceiliúradh ar Íosánaigh agus Léann na Gaeilge, 2013
  • Rabhadh Dánta, 2013
  • Smuf, 2012
  • Na Drámaí Garbha, 2011
  • Scríbhneoirí faoi chaibidil, 2010
  • Gluaiseacht (úrscéal), 2009
  • An réabhlóid mar ghníomh dínite, 2007
  • Tyda, 2006
  • Beir leat do shár-Ghaeilg Súil siar agus ar aghaidh, 2004
  • Amach, 2003
  • Leabhar Nóra Ní Anluain: céad scéal ó cheartlár na cruinne, 1998
  • Chun doirne: rogha aistí, 1996 (Lagan Press, Béal Feirste)

Leabhar 203 leathnach ina bhfuil ocht n-aiste thathagacha a chuireadh i gcló cheana idir 1981 agus 1990. Pléann sé teoiric na critice go mion ann. Pléann sé scríbhneoirí na Gaeilge agus scríbhneoirí na teanga eile úd, agus cúinsí a scríbhneoireachta. Agus pléann sé go mion, an Cadhnach mar iriseoir agus mar ghearrscéalaí, Brian Merriman agus Iain Mac a' Ghobhainn, sríbhneoir Albannach.

  • Fabhalscéalta, 1995
  • An cogadh in aghaidh na critice, 1994
  • An fear dána, 1993
  • An t-úrscéal Gaeilge, 1991
  • Tagann Godot (dráma Beckett), 1991 T Clóchomhar, ISBN 978-1-906882-10-5
  • Eiriceachtaí agus Scéalta Eile, 1987
  • Stiall fhial feola, 1980
  • Méirscrí na treibhe, 1978
  • Máirtín Ó Cadhain: clár saothair, 1975
  • The Dirty Dust. Cré na Cille, 2015
  • The History of the Irish Book, vol. II, 2013
  • Nailing Theses:selected essays, 2011
  • A pocket history of Gaelic culture, 2000

Cláir faisnéise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Scéal na Gaeilge, TG4 2012[9]
  1. "UCC Research Profiles: Prof. Alan Titley, Nua-Ghaeilge (Modern Irish)". web.archive.org (2016-12-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-14. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  2. Ionad Litríochta an Deiscirt (2016-03-05). "Alan Titley". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  3. "New life for 'darkly comic masterpiece'" (en). Irish Echo Newspaper. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  4. Alan Titley (2009). "Gluaiseacht /". An Gúm,.
  5. 1 2 Alan Titley, Litríocht na Gaeilge, Litríocht an Bhéarla agus Irish Literature. Aiste 1981.
  6. Alan Titley. "Ag dul i bhfad" (ga-IE). An Siopa Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-02-11.
  7. Alan Titley (2021). "Liricí Gearra | Litríocht ISBN 6660012210121" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-02-11.
  8. Alan Titley (2020). "Lúba | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-02-11.
  9. NÓS (Eanáir 2021). "‘Scéal na Gaeilge’ Alan Titley ar fáil ar YouTube anois" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-04.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]