Amharclann na Mainistreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tosach Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2006

Is amharclann i mBaile Átha Cliath, i bPoblacht na hÉireann í Amharclann na Mainistreach, glaotar Amharclann Náisiúnta na hÉireann air chomh maith a d'osclaítear don chéad uair ar an 27ú Nollag 1904. Cé gur cailleadh an bunfoirgneamh i dtine i 1951, tá sé fós gníomhach sá lá atá inniú ann. Ba é Amharclann na Mainistreach an chéad amharclann fóirdheonaithe ag an stát i ndomhan an Bhéarla; ó 1925 ar aghaidh fuair sí fóirdheontas bliantúil ó Saorstát Éireann. Tá an Máinistreach lonnaithe ag 26 Sráid Íochtar na Mainistreach, Baile Átha Cliath 1 ó mí Iúil 1966.

Bhí an amharclann an-bainteach le scríobhneoirí Athbheochan Liteartha na hÉireann ina blianta luath agus bhí go leor de na scríobhneoirí pairteach i mbunú an amharclann agus scríobh an cuid is mó dóibh dramaí a bhí ar siúl ann ag pointí áirithe. Bhí cuid mhaith de na scríobhneoirí agus aisteorí is mór le rá páirteach leis an Mainistreach, William Butler Yeats, Lady Gregory, Sean O'Casey agus John Millington Synge ach go háirithe. Tá sí an tábhachtach i dtionscal turasóireachta na hÉireann comh maith.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunús[athraigh | athraigh vicithéacs]

Póstaer na chéad oíche san amharclann.

Ba iad W.B. Yeats agus Lady Augusta Gregory a bhunaigh Amharclann na Mainistreach i 1903. Roimhe sin, bhí Amharclann Liteartha na hÉireann agus An Cumann Drámata Náisiúnta ann chun drámaíocht a chur ar taispeáint do lucht féachana na hÉireann. Bhí Amharclann Liteartha na hÉireann bunaithe ag Yeats, Gregory agus ag Edward Martyn sa bhliain 1899 agus d'eascair Amharclann na Mainistreach as an gcompántas sin, agus í ag feidhmiú faoin ainm Cumann Náisiúnta Amharclannaíochta na hÉireann. Bhronn bean darb ainm Annie Horniman pátrúnacht ar an tionscnamh agus d'éirigh leo suíomh a cheannach don amharclann nua ar Shráid na Mainistreach agus osclaíodh na doirse don chéad seó ar 27 Nollaig 1904. Ba é On Baile's Strand, ar dhráma é le W.B. Yeats féin, an chéad dráma a cuireadh os comhair an phobail san amharclann nua. Bhronn an Saorstát nua fóirdheontas ar an amharclann náisiúnta i 1925 agus tá cáil uirthi mar gheall air sin, toisc gurbh í an chéad amharclann i saol an Bhéarla a fuair maoiniú stáit.

Bunú[athraigh | athraigh vicithéacs]

Blianta Luath[athraigh | athraigh vicithéacs]

Scoileanna Cleamhnaithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

An Peacock agus an Gate[athraigh | athraigh vicithéacs]

I nDiadh Aistarraingt Yates[athraigh | athraigh vicithéacs]

Drámaí conspóideacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tharraing cuid de na drámaí go leor achrainn ar lucht na hamharclainne i rith na mblianta. Bhí sé ina chíréib nuair a léiríodh The Playboy of the Western World den chéad uair in Eanáir 1907, toisc gur mheas cuid mhaith den lucht féachana go raibh an dráma ina mhasla do mhná na hÉireann. Tharla an rud céanna i 1926 nuair a léiríodh The Plough and the Stars le Seán O'Casey den chéad uair agus daoine áirithe den tuairim nár léirigh an dráma go leor urraime do cheannairí Éirí Amach na Cásca.

Foirgneamh nua[athraigh | athraigh vicithéacs]

Scriosadh foirgneamh bunaidh na hamharclainne ar 16 Iúil 1951, nuair a réab tine tríd. Cuireadh áitreabh sealadach ar fáil don amharclann in Amharclann na Banríona ar dtús agus aistríodh an amharclann ar ais go dtí an seansuíomh ar 18 Iúil 1966, tar éis d'fhoirgneamh nua-aimseartha a bheith tógtha ar láthair stairiúil na hamharclainne, rud a bhí deartha ag an ailtire Michael Scott.

Athlonnú arís san 21ú haois[athraigh | athraigh vicithéacs]

I mí Mheán Fómhair 2006, sheol rialtas na hÉireann comórtas idirnáisiúnta dearaidh chun foirgneamh nua buan a chruthú d'Amharclann na Mainistreach ar shuíomh nua ag Cé Sheoirse, ar thaobh theas na cathrach. Fógraíodh coiste moltóireachta an chomórtais seo i nDeireadh Fómhair 2007. Agus an comórtas seo á thabhairt chun críche, tá go leor uasghrádú agus athchóiriú déanta ag lucht na hamharclainne ag tús an 21ú haois, le cur le heispéireas amharclannaíochta an lucht féachana san fhoirgneamh a tógadh sna naoi déag seascaidí.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]