Lady Gregory

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Augusta, Lady Gregory.

Drámadóir, béaloideasóir agus bainisteoir amharclainne Angla-Éireannach ba ea Isabella Augusta, Lady Gregory An Bantiarna Gregory uaireanta (15 Márta, 1852 - 22 Bealtaine, 1932), née Isabella Augusta Persse. In éineacht le W. B. Yeats agus daoine eile, bhí sí ar duine acu siúd a bhunaigh Amharclann Liteartha na hÉireann sa bhliain 1899, agus Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1904. Scríobh Lady Gregory a lán drámaí do na hamharclanna nua, agus í ag tarraingt ar thobar mhiotaseolaíocht na hÉireann le haghaidh inspioráide.

Tá aithne ar Lady Gregory don chuid is mó de bharr an obair a rinne sí le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí a teach i bPáirc na Cúile, Contae na Gaillimhe úsáideach mar gur bhuail go leor de na phearsa lárnach don Athbheochan ann.

Luath-Saol agus Pósadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Saolaíodh Gregory i mBaile an Róistigh, Contae na Gaillimhe. Ba í an iníon is óige don teaghlach uasalaicme Angla-Éireannach Persse. Bhí a máthair, Frances Barry, gaolta leis an Viscount Guillamore agus is eastáit 6,000 ácra a bhí ina teach teaghlaigh, Baile an Róistigh agus é suite idir an Gort agus Baile Locha Riach. Dóightear príomhpháirt an teach go talamh níos déanaí i rith Cogadh Cathartha na hÉireann. Fuair sí a cuid oideachas sa bhaile, agus bhí tionchar mór ag an buime teaghlaigh, Mary Sheridan, Caitliceach agus Gaeilgeoir dúchasach, ar gairm Gregory sa todhchaí. Chuir Mary í ar an eolas faoi stair agus finscéalta an ceantar áitiúil.

Phós sí Sior William Henry Gregory, baintreach fir le eastát i bPáirc na Cúile, gar don Gort, ar an 4ú Márta 1880 i Séipéal Naomh Matthias i mBaile Átha Cliath. Bhí Sir William 35 bliain níos sinne ná Isabella. Bhí sé díreach tar éis éirigh as a phost mar Ghobharnóir ar an tSiolóin (Srí Lanca anois) agus bhí sé tar éis cúpla téarmaí a dhéanamh mar Theachta Parlaiminte i gcomhair Contae na Gaillimhe. Bhí oideachas an-mhaith aige agus bhí suim aige sna healaíona agus liteartha. Bhí leabharlann agus bailiúchán ealaíne ollmhór aige ina theach i bPáirc na Cúile, agus bhí an Bantiarna Gregory ar bís iad seo a fheiceáil. Bhí teach aige i Londain chomh maith, agus chaith an bheirt acu go leor am ansin. D'eagraigh siad salón liteartha cuile seachtain sa teach agus d'fhreastal go leor pearsa lárnach sna healaíona agus liteartha ar na salóin, ar nós Robert Browning, Lord Tennyson, John Everertt Millais agus Henry James. Saolaíodh an t-aon pháiste a bhí acu, Robert Gregory, sa bhliain 1881. Maraíodh é i rith an Chéad Chogadh Domhanda agus é ag déanamh seirbhís mar phíolóta, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar W.B Yeats agus scríobh sé trí dhánta mar gheall ar "An Irish Airman Forsees His Death", "In Memory of Major Robert Gregory" agus "Shepherd and Goatherd."

Luath-Scríobhneoireachtaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thaisteal an teaghlach Gregory timpeall an domhain. Chuaigh siad ar cuairt go dtí an tSíolóin (Srí Lanca), an India, an Spáinn, an Iodáil agus an Éigipt. Agus iad san Éigipt, bhí caidreamh rúnda ag an Bantiarna leis an bhfile Sasanach Wilfred Scawen Blunt agus scríobh sí sraith de dhánta grá, A Women's Sonnets, mar thoradh ar seo.

Saothair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Drámaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Twenty Five (1903)
  • Spreading the News (1904)
  • Kincora: A Play in Three Acts (1905)
  • The White Cockade: A Comedy in Three Acts (1905)
  • Hyacinth Halvey (1906)
  • The Doctor in Spite of Himself (1906)
  • The Canavans (1906)
  • The Rising of the Moon (1907)
  • Dervorgilla (1907)
  • The Workhouse Ward (1908)
  • The Rogueries of Scapin (1908)
  • The Miser (1909)
  • Seven Short Plays (1909)
  • The Image: A Play in Three Acts (1910)
  • The Deliverer (1911)
  • Damer’s Gold (1912)
  • Irish Folk History Plays (First Series 1912, Second Series 1912)
  • McDonough’s Wife (1913)
  • The Image and Other Plays (1922)
  • The Dragon: A Play in Three Acts (1920)
  • The Would-Be Gentleman (1923)
  • An Old Woman Remembers (1923)
  • The Story Brought by Brigit: A Passion Play in Three Acts (1924)
  • Sancha’s Master (1927)
  • Dave (1927)

Saothair eile agus Aistriúcháin[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Arabi and His Household (1882)
  • Over the River (1887)
  • A Phantom’s Pilgrimage, or Home Ruin (1893)
  • ed., Sir William Gregory, KCMG: An Autobiography (1894)
  • ed., Mr Gregory’s Letter-Box 1813-30 (1898)
  • ed., Ideals in Ireland: A Collection of Essays written by AE and Others (1901)
  • Cuchulain of Muirthemne: The Story of the Men of the Red Branch of Ulster arranged and put into English by Lady Gregory (1902)
  • Ulster (1902)
  • Poets and Dreamers: Studies and Translations from the Irish (1903)
  • Gods and Fighting Men (1904)
  • A Book of Saints and Wonders, put down here by Lady Gregory, according to the Old Writings and the Memory of the People of Ireland (1906)
  • The Kiltartan History Book (1909)
  • A Book of Saints and Wonders (1906)
  • Our Irish Theatre: A Chapter of Autobiography (1913)
  • Kiltartan Poetry Book, Translations from the Irish (1919)
  • Visions and Beliefs in the West of Ireland (1920)
  • Hugh Lane’s Life and Achievement, with some account of the Dublin Galleries (1921)
  • Case for the Return of Sir Hugh Lane’s Pictures to Dublin (1926)
  • Seventy Years (1974).

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]