Gort Inse Guaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gort Inse Guaire
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Galway Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
- Tuath:
 
2,644 (2011) 
1809 (2002)
Airde: 37 m
Contae: Contae na Gaillimhe
Cúige: Connachta

Baile i ndeisceart Chontae na Gaillimhe in Éirinn is ea Gort Inse Guaire. Bhí cónaí ar 2,644 duine i nGort Inse Guaire ar lá an daonáireamh 2011. Cé go bhfuil sé ar an mbóthar idir Inis agus Gaillimh, níl mórán dul chun cinn tagtha ar an mbaile le 20 bliain anuas. Bhí monarcha feola ann sna nóchóidí, ina raibh buíon oibreoirí ón mBrasaíl, ach dhún sé cúpla bliain ó shin. Fanann tuairim agus 500 acu seo i gceantair an bhaile.

Cúpla míle ón mbaile atá an Chúil, áit a raibh an drámadóir Lady Gregory i dtús an 20ú Aois. Ó dheas ón mbaile, tá ceantar na Boirne i gContae an Chláir.

Tá sé suite i gcríocha Uí Fhiachrach Aidhne, ‘Maigh Aidhne’ mar a thugtar air chomh maith. Téann an logainm ‘Gort Inse Guaire’ i bhfad siar. ‘Gort’ is ea móinéar, is comhchiallach é ‘inse’ don fhocal ‘oileán’ agus tagann ‘Guaire’ ó Guaire Aidne Mac Colmáin, rí na Connachta agus pátrún ar Naomh Colmán Mac Duagh. Le linn na méanaoiseanna, bhí daingean ag na Seachnasaigh, clann a shíolraigh ó Guaire Aidhneach i nGort, ar shuíomh ina mbéadh beairic marcra níos déanaí. Ag deireadh na 17ú haoise, coigistíodh talamh Ó Seachnasaigh agus bronnadh é ar Sir Thomas Prendergast, an chéad bairnéad den bhaile. B’é John Prendergast Smyth, an chéad bíocunta i nGort, a gharmhac. Bhí an áit buailte go dona ag an Gorta Mór faoi lár an naoú haois déag agus tá teach na mbocht ón tráth úd fós le feicéail. Tá an-chuid láithreacha stairiúla suite timpeall na háite. Tá mainistir agus cloigtheach Chill Mhac Dua suite 3 ciliméadar ón mbaile. Tá Caisléan Rahaly suite 4.8 ciliméadar soir ón mbaile.

Osclaíodh staisiúin traenach an bhaile ar an 15ú Méan Fomhair sa bhliain 1869 agus dúnadh é ar an 5ú Aibreán sa bhliain 1975. Daoine cáiliúla Cheannaigh an file WB Yeats túrtheach Normannach i dTúr Bhaile Uí Laí, sráidbhaile 3 ciliméadar ón mbaile, agus chuaigh sé á chónaí ann. Bhí sé an-chairdiúil le Lady Gregory agus thug sé cuairt ar a baile i bPáirc an Chúil atá suite in aice le príomh-bhóthar na Gaillimhe, go rialta.

De réir Dhaonáireamh 2006, níorbh Náisiúnaigh de chuid na tíre seo ab ea 40% de chónaitheoirí an bhaile. B’as an mBrasaíl iad tromlach na ndaoine siúd. Tháining na daoine se ár dtús ag lorg oibre sna monarchana fheola, áit ina raibh an pá níos airde ná an pá i mBrasaíl. Le linn an chúlú eacnamaíochta, chaill an-chuid díobh a bpostanna áfach, agus bhog go leor acu ar ais go dtí an Bhrasaíl. Faoin am an Dhaoináireamh sa bhliain 2011, ní raibh ach 27.5% de chónaitheoirí i nGort ó thíorthaí eile ó dh