W. B. Yeats

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
William Butler Yeats
Yeats Boughton.jpg
Yeats sa bhliain 1903 - grianghraf le Alice Boughton
Dáta breithe 13 Meitheamh 1865
  Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis 28 Eanáir 1939
  Menton, An Fhrainc
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Drámadóir, File, Seanadóir
Duaiseanna Duais Nobel na Litríochta (1923)

File Éireannach ab ea William Butler Yeats (13 Iúil 1865 - 28 Eanair 1939) agus ceann de na céad daoine ina raibh lámh ar leith acu don/sa litríocht san fichiú haoise déag.  Cabhraigh sé le bunú Amharclann na Mainistreacha agus níos déanaí ina shaol, thóg sé páirt i Saorstát na hÉireann (Seanad) mar Seanadóir ar feadh dhá théarma. Chuir WB Yeats (comh maith le Lady Gregory, Edward Martyn agus daoine eile) brú mór ar chruthú agus ráth Athbheochan Litríócht na hÉireann.

Rugadh é i nDumhach Thrá, Éireann[1], agus fuair sé a oideachas ann, comh maith le i Londain. Chaith sé a laethanta saoire i gContae Shligigh ag déanamh staidéar ar an bhfilíocht ó aois óg tríd an ard-spéis a bhí aige i bhFinscéalta na hÉireann agus sa Geasgrógacht.  Bíonn sé seo le feiceáil sa chéad dá n-obair, a lean go deireadh an fichiú haoise déag.[1]

Foilsíodh a imleabhar ba luath, sa bhliain 1889. Ó 1900 ar aghaidh tháinig athrú mór ar a chuid obair. Bhí ábhar níos fisicúila agus réalaíoch le feiscint. I 1923, bhronnadh Duais Nobel na Litríochta air.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

John Butler Yeats

John Butler Yeats (1839 -1922), mac le Jervis Yeats, Ealaíantóir, Líoncheannaí agus Saighdiúír a fuair bás sa bhliain 1712, ab ea a athair [2][3][1] [4][5]. Rinne athair le Yeats staidéar ar an dlí, ach thug sé neamhaird air le staidéar a dhéanamh ar an ealaín ag Heatherley School of Fine Art[6] Londain, Tháinig a mháthair ó theaghlach rachmasach[2] Ceannaí ó Sligeach ar a raibh úinéireacht acu ar chomhlacht trádála agus muilleoireacht.

Nuair a tugadh Yeats isteach sa saol, bhog an clann go Teach Pollexfen ag Merville, le bheith níos cóngaraí le muintir a mháthair. D’fhás Yeats aníos ann agus d’fhéach sé ar mar a cheantar luath-óige agus mar teach spioradálta dó.  Le himeacht ama, bhí íomhá tugtha dúinn ar an tírdhreach, comh maith leis an trá cóngarach dó, gurb é go liteartha agus go siombalach, ‘ceantar a chroí’,[7] "by marriage with a Pollexfen, we have given a tongue to the sea cliffs".[8] Clann an-ealaíonta ab iad na Yeats. Ealaíntóír cátúil ab ea a dhearthair Jack agus bhí a deirfiúracha Elizabeth agus Susan Mary, (Lollie agus Lily a ghlaotaí orthu) an-bainteach i nGluaiseacht na nEalaín agus na Ceardaíóchta.[9]


Charles Stewart Parnell

Saolaíodh Yeats mar ballaí den Chinsealacht Phrotastúnach a bhí faoi gearchéim aitheantais ag an am. Bhí a chlann i bhfábhar na hathruithe a bhí ag tarlú in Éirinn ach thug Athbheochan na Náisiúnaigh i dtreo deireadh an naoú haoise déag, míbhuntáiste díreach ar oidhreacht Yeats. Déir beathaisnéisí le Yeats, R. F. Foster go bhfuil sé le feiscint ó a ógantacht agus a luathógantacht go raibh sé faoi scáth an t-athrú cumhachta, seachas an mionlach Cinsealacht Phrotastúnach. Bhí tionachr mór ag eiriú Charles Stewart Parnell agus an Ghluaiseacht Féinriailúcháin ar fhilíocht Yeats.[10][11]


Slough
Scoil Godolphin

In 1867, bhog a chlann go Sasana le ealaín a athair a thabhairt chun dea-chríche. Bhíodh a mháthair ag insint scéalta agus béaloideas mar siamsaíocht dóibh (na páistí go léir), agus mhúin John Oideachas Carraigeacha ón dTíreolaíocht agus ón gCeimic do William. Thóg sé é amach ag taisceálaíocht mórthimpeall tuath Slough[12]a raibh cóngarach dóibh.


Binn Éadair

Ar an 26ú Eanair 1877, cláraigh Yeats, an filí óg, ar Godolphin School,[13] agus d’fhreastal sé ann ar feadh ceithre bhliain. Tugann tuairisc scoile le fios dúinn nach raibh ach meángrádanna a fháil aige. Ní raibh sé go maith ag an litriú[14] ach bhí sé den chéad scoth sa Laidin. Bhí fadhbanna aige sa Mhata agus sna teangacha eile ach is dócha gur chúis leis a bhodhracht tun[15] é sin. Bhí suim agus spéis aige sa Bhitheolaíocht agus sa Zó-Eolaíocht freisin.


Bedford Park

I 1879, bhog an clann go Bedford Park ar léasa dhá bhliain de 8 Woodstock Road.[16] Ar chúiseanna airgeadaíochta, filleadh ar ais go BÁC iad i dtreo deireadh 1880, ar dtús ina chónaí sna mbruachbhailte de Harold's Cross[17] agus níos déanaí, i mBinn Eadair. Athosaigh Yeats ar an oideachas ag Erasmus Smith High School,[18] Baile Átha Cliath.  Bhí stúideo a athair in aice láimhe leis, mar sin, chaith sé dhá trian dá am ann. Bhí aithne á chur aige ar ealaíontóírí agus scríobhneóirí na cathrach ann.


NCAD

Comhuain is a bhí sé ann, thosaigh sé ag scríobh dánta agus in 1885, d'fhoilsigh an ‘Dublin University Review’, an chéad dán a scríobh Yeats agus aiste i dteideal, ‘The Poetry of Sir Samuel Ferguson’. Idir 1884 agus 1886, d’fhreastal Yeats ar Metropolitan School of Art anois National College of Art and Design, Thomas Street, Sráid San Tomás. I mí Márta 1888, bhog an clann go 3 Blenheim Road i mBedford Park.[19] Ní raibh ach £50 le híoc mar chostais cíos in aghaidh na bliana.

Thosaigh Yeats ag scríobh a obair is luaithe, nuair a raibh sé seacht mbliana déag d’aois, ina measc, bhí dán, faoi mhór-thionchar Percy Bysshe Shelley, a thugann cur síos ar draíodóir a chuir ríchathaoir ar bun i lár na hÁise. Comh maith le seo, bhí píosaí eile ar nós Manach agus bean a cúisíodh de pháganachas ó aoireoirí áitúila agus dánta grá.

Charles Johnson
Oscar Wilde

Deir critic Charles Johnson fapina obair, go raibh sé “utterly unIrish” agus go raibh sé cosúil gur tháinig sé as “ a vast murmway gloom of dreams”[20]. Chas Yeats níos déanaí, ar an mbéaloideas, Miotaseolaíócht na hÉireann agus scríobhneoireacht William Blake. Thug sé ómós dó ag rá go raibh sé mar cheann dos na "great artificers of God who uttered great truths to a little clan".[21] Sa bhliain 1891, d'fhoilsigh Yeats, John Sherman agus ‘Dhoya,’ scéal agus úrscéal.

Is féidir an tionchar a bhí ag Oscar Wilde ar Yeats[22] a fheiceáil ina dTeoiric Aestéiticiúil [3] go mórmhór sna drámaí stáitse. Is féidir an Teoiric Masca le Wilde a fheiceáil go díreach sa drama, ‘The Player Queen’[23] agus tugann Salomé [4]- saothar leis an t-ainm céanna le Wilde,- teimpléad dúinn ar na haithraithe a rinne Yeats, go háirithe sna dramaí a scríobhadh sé níos déanaí, ‘On Baile’s Strand’ (1904), ‘Deirdre’ (1907) agus a dramaíocht damhsa ‘The King of the Great Clock Tower' (1934).

[24]

File Óg[cuir in eagar | athraigh foinse]

HGD
Londain

Bhog an clann ar ais go Londain in 1887. Ballraigh Yeats leis an Hermetic Order of the Golden Dawn agus taobh le Ernest Rhys[25], bunaíodh The Rhymers Club,- grúpa de filí Londain a bhualadh suas lena chéile go minic i dtabhairne Sráid na Toinne le haithris a dhéanamh agus a chur ar a chuid vearsaí.

Theastaigh ó Yeats an obair a phléadh a dhéanamh mar thopaic den mhiotaseolaíocht, ag glaoigh ‘Tragic Generation’ air ina beathaisnéis,[26] agus d’fhoilsigh sé dhá duanaire de obair na Rhymers; an céad cheann in 1892 agus an dara cheann in 1894.

D’oibrigh sé ar an chéad eagrán iomlán de obair William Blake le Edwin Ellis agus sa phróiséas thanadar trasna ar dán dearmadta, “vala, or, the Four Zoas’.[27]

William Blake


Emanuel Swedenborg

Bhí suim ag Yeats sa mhitheolaíocht, Spioradáltacht [5] agus san astralaíocht dá shaol ar fad. Rinne sé dian-staidéar ar an ábhar i rith a shaol agus bhí sé mar bhall den grúpa taighde paranórmalta, ‘The Ghost Club' i 1911. Tháinig an spéis seo ón tionchar a bhí ag scríobhneoireacht Emanuel Swedensburg[28] ar an ábhar seo . Comh luath le 1892, d'fhógair sé

"If I had not made magic my constant study I could not have written a single word of my Blake book, nor would The Countess Kathleen ever have come to exist. The mystical life is the centre of all that I do and all that I think and all that I write."[29][30][31][32][33]

I rith 1885, bhí baint ag Yeats leis an mbunaíocht, 'Dublin Hermetic Order'. Rachtálach céad cruinniú an sochaí ar an 16ú lá de mí Meitheamh le Yeats mar Cathaoirleach.


[34][35][36]

Maud Gonne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maud Gonne

Sa bhliain 1889, tháinig Yeats trasna ar Maud Gonne, banoidhre, 23 bliain d’aois agus í mar Náisiúnaigh Éireannach díocasach, díógraiseach. Bhí sí 18 mí níos óige ná Yeats agus dúirt sí gur bhuail sí leis agus é ina "paint-stained art student”[37]. Bhí meas ag Gonne ar obair ‘The Island of Statues’ le Yeats, agus iarraidh sí air aithne a chur ar a chéile. Bhí Iompraíocht dhúghabhálach tosnaithe ag Yeats uirthi agus bheadh meall agus tionchar aici ar a obair agus ar a shaol ar fad níos déanaí in a shaol [38]. [6]

Olivia Shakespear


Major John MacBride

D’admháil sé,- ”it seems to me that she [Gonne] brought into my life those days—for as yet I saw only what lay upon the surface—the middle of the tint, a sound as of a Burmese gong, an over-powering tumult that had yet many pleasant secondary notes." [39]

Ba é Drogall Yeats, páirt a ghlacadh i nGníomhmhaíocht Náisiúnach Gonne, príomchúis taobh thiar dá ngrá gan cúiteamh .[40]

I 1891, thug sé cuairt ar Gonne agus de mhol sé pósadh. Diúltaigh Gonne. Dúirt sé níos déanaí "the troubling of my life began"[41]. De mhol sé pósadh trí huaire eile i 1899, 1900 agus 1901 ach diúltaigh Gonne é gach uair. Faoi anacair, phós Yeats Náisiúnach Éireannach Major John Macbride.[42] An t-aon caidreamh eile a bhí aige ná le Olivia Shakespear a bhuail sé le in 1894 agus scaradar in 1897.

Rinne Yeats scigmhagadh faoina bhean chéile, é míshásta le pósadh Gonne, agus é comh brónach gur chaill sé amach ar a bhé do fear eile[43], comh maith leis sin, chur iompú Gonne go Chaitliceachas roimh pósadh chiontaig air Yeats.

Seán MacBride


Níor eirigh go maith le pósadh Gonne. Bhí Yeats an-sásta le seo mar thosaigh sí ag tabhairt cuairt air i Londain. Tar éis breith mac le Gonne, Seán MacBride i 1904, bheartaigh ar fear chéile léí deireadh a chur leis an bpósadh. Níor aontaigh na cúirteanna leis an gcolscoradh dlithúil ach ligeadh dóibh briseadh suas lena chéile le caomhnóireacht an leanbh ag Gonne.[44]


Cuireadh deireadh le cairdeas Gonne agus Yeats arís i bPáras 1908. CITE 42 Ó 1909Eanair, bhí Gonne ag scríobh litreacha go Yeats ag moladh an bhuntáiste a thugtar d’ealaíntóirí a chuireann bac ar an ghnéas.[45]

Níos mó ná fiche bhliain ina dhiaidh, thug Yeats trácht ar na litreacha sa dán  "A Man Young and Old":[46]

Yeats níos Sine

“My arms are like the twisted thor

And yet there beauty lay;

The first of all the tribe lay there

And did such pleasure take;

She who had brought great Hector down

And put all Troy to wreck.”

[47]


A Phósadh le Georgie Hyde Lees[cuir in eagar | athraigh foinse]

Georgie Hyde Lees

Faoin mbliain 1916, bhí Yeats 51 bliain d'aois agus ba mhian go mór leis pósadh le go mbeadh oidhre aige. Chuir sé an ceiliúr pósta deireanach ar Maud Gonne i Samhradh na bliana 1916. Dar leis, ba bhean chéile neamhoiriúnach í ar chúiseanna áirithe: bhí sí róghníomhnach sa pholaitíocht réabhlóideach le fada; bhain roinnt tubaistí pearsanta di sna blianta beaga roimhe sin, lena n-áirítear í a bheith gafa le clóraform agus a pósadh trioblóideach le John Mac Bride, Réabhlóidí Éireannach ar chuir Fórsaí na mBreataine chun báis é toisc gur ghlac sé páirt san Éirí Amach 1916. Dar le R.F. Foster, an cúis leis an gceiliúr pósta deireanach seo ná gur mhothaigh Yeats go raibh sé de dhualgas air í a phósadh agus nach raibh cúrsaí grá i gceist chomh mór sin i ndáiríre. Chuir Yeats an ceiliúr pósta uirthi go lagspreosach agus bhí coinníollacha leis. Bhí sé ag tnúth le go ndiúltódh sí an ceiliúr pósta agus ba mhian leis go ndiúltódh sí é chomh maith. Dar le Foster, nuair a d'iarr sé ar Maud é a phósadh agus nuair a dhiúltaigh sí, b’fhíorthapa a dhírigh sé a chuid smaointe i dtreo a hiníne. Ba í Iseult Gonne an dara páiste a bhí ag Maud agus Lucien Millevoye, agus ag an am sin, bhí Iseult 21 bliain d’aois. Saol dona go leor a bhí aici go dtí seo; bhí a tuismitheoirí ag iarraidh go dtabharfadh sí áit a deartháir, deartháir nár mhair le fada, agus ba shin an fáth ar saolaíodh Iseult. Cuireadh i láthair í mar neacht uchtaithe a máthar ar feadh na chéad bhlianta dá saol. Rinne a leasathair í a ainteagmháil nuair a bhí sí 11 bhliain d’aois. Níos faide anonn, d’oibrigh sí le hÓglaigh na hÉireann chun gunnaí a sholáthar. Nuair a bhí sí 15 bliana d’aois chuir sí ceiliúr pósta ar Yeats. Cúpla mí i ndiaidh don fhile ceiliúr pósta a chur ar Maud, chuir sé ceiliúr pósta ar Iseult ach dhiúltaigh sí.

I Meán Fómhair na bliana sin, chuir Yeats ceiliúr pósta ar George (Georgie) Hyde-Lees (1892–1968) a bhí 24 bliain d’aois agus ar chas sé léi i gcomhluadar a raibh suim acu i gcúrsaí diamhra. Mhol a cairde di gan glacadh le ceiliúr pósta Yeats “George..you can't. He must be dead” [3]. Dá ainneoin sin, ghlac Hyde-Lees leis agus pósadh an bheirt an ar an 20ú Deireadh Fómhair. D’éirigh leis an bpósadh in ainneoin go raibh an difríocht aoise ann agus in ainneoin go raibh aiféala agus doilíos ar Yeats agus iad ar mhí na meala. Rugadh beirt pháistí dóibh, Anne agus Michael. Bhí caidreamh rómánsúla ag Yeats le mná eile níos faide anonn sa saol agus b’fhéidir go raibh caidrimh sheachphósta aige freisin. Dá ainneoin sin, scríobh George chuig a fear chéile ag rá go ndéanfadh daoine caint maidir lena chaidrimh sheachphósta nuair a bheadh sé marbh ach nach ndéarfadh sise rud ar bith mar go gcuimhneodh sí cé chomh bródúil agus a bhíodh sé.

Le linn bhlianta tosaigh a phósta, bhíodh uathscríbhneoireacht ar siúl ag an mbeirt. Is é a bhí i gceist leis seo ná go ndéanadh George teagmháil le spioraid agus le treoraithe éagsúla ar thug siad lucht teagaisc “intructors” orthu.[12] Chuir na spioraid córas casta rúndiamhair de charachtair agus de stair in iúl dóibh. Rinne siad forbairt ar an gcóras seo le linn tástálacha a bhain le cúinsí an támhnéil agus le léiriú céimeanna, cón agus morghuairneán. Chaith Yeats a lán ama i mbun an t-ábhar seo a réiteach le go bhfoilseofaí é mar A Vision (1925). Sa bhliain 1924, scríobh sé le T. Werner, a fhoilsitheoir, agus d'admhaigh sé: “I dare say I delude myself in thinking this book my book of books.”[48]

Amharclann na Mainistreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lady Gregory
Amharclann na Mainistreacha

I 1989, thosaigh Lady Gregory, Edward Martyn agus George Moore, The Irish LIterary Theatre le Dramaíocht Éireannach[49] a chur i láthair. S’í idéal an amharclann ná go gcuirfí níos mó béime ar,-

"The ascendancy of the playwright rather than the actor-manager à l'anglais."[50][51] a tháinig ón amharclann avant-grande Fraincíse. Scríóbh Yeats léiriú an grúpa a deir, "We hope to find in Ireland an uncorrupted & imaginative audience trained to listen by its passion for oratory ... & that freedom to experiment which is not found in the theatres of England, & without which no new movement in art or literature can succeed."[52]

Níor mhair an comhchoiteann ar feadh ach dhá bhliain. Níor tháinig ráth air.

George Moore
Fógra Oscailt

Bhunaíodar ‘The Irish National Theatre Society’, fuaireadar talamh i mBÁC ar an 27ú mí na Nollag 1904 agus d’osclaíodar Amharclann na Mainistreacha, Cuireadh drama le Yeats ‘Cathleen Ni Houlihan’ agus drama le Lady Gregory, ‘Spreading the News’ ar siúl ar an gcéad oíche oscailt. D’obair Yeats leo dá shaol ar fad mar dramadóir agus mar bhall den ghrúpa.

Bhuail Yeats leis an bhfile Meiriceánach Ezra Pound sa bhliain 1913. Thaistil Pound go Londain chun an fear níos sine a fheiceáil i measc rudaí eile. Mheas sé gurbh é Yeats “the only poet worthy of serious study”. Idir 1913 agus 1916, bhí an bheirt fhear ag cur fúthu in Stone Cottage in Ashdown Forest, ina raibh Pound ainmnithe mar rúnaí ag Yeats. Ní raibh tús maith leis an gcaidreamh nuair a shocraigh Pound véarsaíocht de chuid Yeats ─ ar a raibh athruithe neamhúdaraithe déanta aige ─ a fhoilsiú san iris Poetry. Léiríonn na hathruithe sin déistin Pound maidir le prosóid Victeoiriach. Bhí tionchar níos indírí ag an scoláireacht a bhain leis na drámaí Seapánacha Noh. Fuair Pound an scoláireacht úd ó bhaintreach Ernest Fenollosa agus chuir an scoláireacht sampla den dráma uasaicmeach ar fáil do Yeats, dráma a bhí beartaithe aige a scríobh. Ba é At the Hawk’s Well an chéad dráma a ghlac sampla Noh, agus dheachtaigh sé an chéad dréacht do Pound in Eanáir na bliana 1916.


I 1902, cabhraigh sé leis an mbunú, Dun Emer Press, le obair na ndaoine a bhí bainteach leis an Athbheochan a fhoilsiú. Cuala Press a ghloach air i 1904-1964; táirgeadh 70 teideal, 48 dóíbh leabhra ó Yeats é féin.[53][54][55]

Rinne Yeats athmheasúnú ar a dhán ‘Easter 1916’, “all changed, changed changed utterly / A terrible beauty is born”, a scríobh sé maidir le teacht chun cinn ar Ghluaiseacht Reabhlóid na Náisiúnaigh.

Theip ar Yeats fiúntais na ceannairí a aithint ón Éirí Amach de bharr a mheon ar an gcúlra nádúrtha agus ar an saol a bhí ag na fír

[56]

Bhí caidreamh maith ag Yeats le Lady Gregory agus a áit bhaile, 'Coole Park’ i gContae na Gaillimhe. Tugadh sé cuairt di go minic agus fanadh sé ann. Áit lárnach ab ea é do dhaoine a thug tascaíocht don athbheochan litríócht agus tradisiúnta cultúrtha na hÉireann. Scríobh sé an dán,  "The Wild Swans at Coole" ann sa bhliain 1916-1917. [57]



Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ómós d'Éirí Amach na Cásca

Náisiúnach Éireannach ab ea Yeats a iarr ar stíl mhaireachtála traidisiúnta mar a chuirtear i láthair ina dhán, ‘The Fisherman’. Scar sé ón bpolaitíocht de bharr an tírdhreach polaitíóchta dian go dtí go raibh sé mar bhall den Seanad i 1922.[58][59]

Seanad 2016


Go luath ina shaol, bhí sé mar bhall den Irish Republican Brotherhood[60] ach arís, de dheasca teannas sa pholaitíocht, fan sé amach ón ngníómhaíocht phoiliticúil lárnach, fiú ag fanacht go dtí 1920 le a obair ar an Éiríu Amach a fhoilsiú.


[61][62]

Duais Nobel na Litríochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siombail Saorstát Éireann

Sa bhlaiin 1923, bhronnadh Duais Nobel na Litríochta air Yeats, "for his always inspired poetry, which in a highly artistic form gives expression to the spirit of a whole nation"[63]. Bhí sé eolach ar an luach siombalach do bhuachaint duine Éireannach comh luath le neamhspleáchas an tír a bhaint amach agus theastaigh uaidh é seo a chur in iúl gach uair is féidir. Ina fhreagraí ar litreacha comhghairdeas, deir sé "I consider that this honour has come to me less as an individual than as a representative of Irish literature, it is part of Europe's welcome to the Free State.”[64]


Royal Acadamy of Sweden

D’úsáid sé an léacht a bhí aige ag an Royal Academy of Sweden, le é fhéin a chur i láthair mar iompróir caighdeánach de náisiúntacht na hÉireann agus neamhspleáchas cultúrtha na hÉireann. Deir sé, "The theatres of Dublin were empty buildings hired by the English traveling companies, and we wanted Irish plays and Irish players. When we thought of these plays we thought of everything that was romantic and poetical, because the nationalism we had called up—the nationalism every generation had called up in moments of discouragement—was romantic and poetical."[65]

Tháinig méadú ar líon na ndíolacháin ar a leabhra agus theastaigh ó a fhoilsitheoiríMacmillan’, é seo a caipitliú. Don chéad uair riamh, bhí airgead aige agus bhí sé ábalta a fiacha a aisíoc agus fiacha a athair a aisíoc freisin.

[66]

Sean-Aois agus a Bhás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cill Phrotastúnach
Ethel Mannin

Ó thús 1925, bhí sláinte Yeats cobhsuithe agus chríochnaigh sé an chuid is mó dá scríobhneoireacht do, ‘A Vision’ (1925 a deir an dáta ach taibhsigh siad sa bhliain 1926 é, nuair a bheagnach thosaigh Yeats á athscríóbh le haghaidh leagan a dó). Ceapach é mar Seanadóir sa bhliain 1922 don chéad Seanad Eireann agus ceapadh arís é do théarma eile i 1925.[67] Go luath ina buainseilbh, bhí díospóireacht ar an gcolscaradh ar a dúirt sé gur fadhb go phríomhúil í an achrann idir an éiteas Eaglais Chaitliceach Rómhánach atá ag teacht chun cinn agus an Chinsealacht Mionlach Phrotastúnach.[68]

Nuair a dhiúltaigh an Eaglais Chaitliceach glan athbhreithniú a dhéanamh ar a seasamh i gcoinne an cholscartha, dhearbhaigh an Irish Times go gcruthódh aon bheart a chuirfeadh bac dlíthiúil ar cholscaradh deighilt mhór idir Caitlicigh agus Protastúnaigh agus go ndéanfadh sé críochdheighilt na tíre a chriostalú dá bharr.



Mar fhreagra, thug Yeats sraith óráidí inar chuir sé in aghaidh uaillmhianta an rialtais agus na cléire, uaillmhianta a bhí “quixotically impressive”[29] dar leis. Dar leis, chuirfeadh a mbearta Feachtais na Spáinne Meánaoisí i gcuimhne do dhuine. Dúirt sé: "Marriage is not to us a Sacrament, but, upon the other hand, the love of a man and woman, and the inseparable physical desire, are sacred. This conviction has come to us through ancient philosophy and modern literature, and it seems to us a most sacrilegious thing to persuade two people who hate each other...to live together, and it is to us no remedy to permit them to part if neither can re-marry.” [37]

Cuireadh síos ar an bplé a tharla ina dhiaidh sin mar cheann de bhuaicphointí poiblí Yeats agus, ó thaobh idé-eolaíochta de, thosaigh Yeats ag bogadh ó iolrachas i dtreo na hEaglaise. D'éirigh a chuid cainte ní ba ghéire; Rinne Yeats cur síos ar Peter Finlay, sagart de chuid na nÍosánach, mar fhear a bhí thar a bheith drochbhéasach ar fad. Dúirt sé, agus aiféala air, “It is one of the glories of the Church in which I was born that we have put our Bishops in their place in discussions requiring legislation”. Le linn an ama a chaith sé sa Seanad, thug Yeats rabhadh eile dá chomhghleacaithe: “If you show that this country, southern Ireland, is going to be governed by Roman Catholic ideas and by Catholic ideas alone, you will never get the North...You will put a wedge in the midst of this nation.” Is maith is cuimhin le daoine an abairt seo a dúirt sé maidir lena chomh-phrotastúnaigh Éireannacha : “we are no petty people.”[69]


Tá an chuma ar an scéal gur éirigh Yeats báúil arís leis an gcóras uasaicmeach ag deireadh a shaoil. Tharla seo i ndiaidh Chliseadh Wall Street agus i ndiaidh An Spealta Mhóir go háirithe. Mar thoradh orthu siúd, bhí roinnt daoine in amhras maidir le cumas an daonlathais dul i ngleic le géardúsláin gheilleagracha. I ndiaidh dheireadh An Chéad Chogadh Domhanda, d’éirigh sé amhrasach maidir le héifeachtacht rialtais dhaonlathaigh. Cheap sé go dtiocfadh athchóiriú polaitiúil trí rialú ollsmachtach san Eoraip. Mar thoradh ar an mbaint a bhí aige níos déanaí le Pound, tarraingíodh a aird ar Benito Mussolini. Léirigh sé ar roinnt ócáidí go raibh meas aige ar Mussolini. Scríobh sé trí amhrán máirseála − nár úsáideadh riamh − do Léinte Gorma Éireannacha Ghinearáil Eoin Duffy. Nuair a thug Pablo Neruda cuireadh dó cuairt a thabhairt ar Mhaidrid sa bhliain 1937 áfach, d’fhreagair Yeats le litir ag tacú leis an bPoblacht i gcoinne an Fhaisisteachais, agus thug sé droim láimhe don Fhaisisteachas i mblianta deiridh a shaoil.[70]


Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann


I ndiaidh dó a bheith aige i 1934 nuair a bhí sé 69 bliain d’aois bhí níos mó fuinnimh aige. Ba léir óna chuid filíochta agus óna dhlúthchaidrimh le mná níos óige ná é, go raibh an tsláinte níos fearr aige. Dos na cúig bliana deireanacha dá shaol, tháinig Yeats air fuinneamh nua follasach ina fhilíocht agus ina gcaidreamh pearsanta le mná óga.[71] Le linn é seo, bhí baint ag Yeats le roinnt caidreamh rómánsúla, le cuid mhór daoine: an file/aisteoir Margot Ruddock agus an úrscéalaí/iriseoir agus gnéasaí radacach Ethel Mannin[72] [73] . D’oir an eachtraíocht earótaic d'fhuinneamh cruthaitheach Yeats, mar a d’oir riamh, agus in ainneoin go raibh sé ag dul in aois agus go raibh an tsláinte ag teip air bhí sé fós ina scríbhneoir ilghníomhach. I litir sa bhliain 1935, dúirt Yeats: “I find my present weakness made worse by the strange second puberty the operation has given me, the ferment that has come upon my imagination. If I write poetry it will be unlike anything I have done”.[74] I 1936, ghlac sé leis an bpost mar eagarthóir ar an Oxford Book of Modern Verse, 1892–1935.[7]

Menton
Roquebrune

Fuair sé bás i Hotel Ideal Ségour, Menton, An Fhrainc, ar an 28ú Eanair 1939 ag aois 73 bliain. Adhlacadh é tar-éis socraid discréideach agus príobháideach ag Roquebrune-Cap-Martin. Rinneadh iarrachtaí ag Roquebrue le rogha a theaghlach, Yeats a bhogadh ar ais go hÉireann, a athscaoileadh mar nach raibh siad cinnte ar a bhféiniúlacht. Rinneadh a chorp a dhíadhlaic agus a bhogadh go ossuary é.[74]

Bhíodh Yeats agus George ag plé ar a bháis go minic agus bhí sé mar mhiansainráite ag Yeats go gcuirfí faoi thalamh é go tapa sa Fhrainc gan fuaidreamh ar bith. De réir George, na focail díreach a bhí ráite ná, “If I die bury me up there [at Roquebrune] and then in a year's time when the newspapers have forgotten me, dig me up and plant me in Sligo."[75]

I Mean Fómhair 1958, bhogadh chorp le Yeats go St. Columas Church, Droim Chliabh, Sligeach ar an mbád corvette, Le Macha,[69] Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann.[76] Tógadh a feartlaoi ós na líonta deireanacha de ‘Under Ben Bulben[77] ceann dá dánta deireanacha.

Feartlaoi le Yeats



“Cast a cold Eye

On Life, on Death.

Horseman, pass by!”


[78]


Stíl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síntús le Yeats

Meastar go bhfuil Yeats ar cheann de na príomh filí Béarla sa fichiú aois déag. Bhí sé ina bhfile siombailí, ag úsáid íomhánna agus struchtúr siombalach tríd is trid a ghairm bheatha. Roghnaigh sé focail agus chuir sé le chéile iad ionas go bhfeadfadh siad i dteannta le brí áirithe, smaointe teibí a d’fhéadfadh a bheith níos suantasaí agus athshondach. Is gnách gurb iad an úsáid a bhain sé as siombailí[79] rud éigin fisiceach atá mar an rud í féin comh maith leis an moladh ar chailíocht eile b’fhéidir neamhábhartha nó tréithe gan am.[80]

Go neamhchosúil le filí eile nua-aimseartha a bhain trial as an tsaorvearsaíocht, bhí maistreacht bainte amach ag Yeats sna foirmeacha tradisiúnta.[81]

Obair le Yeats

Tá obair litríochta le Yeats,[82] a raibh scríofa níos deanaí an-pearsanta ar fad, le trácht ann dá mhac agus dá iníon[83] sna fiche bhliain deireanacha, comh maith le meabhrú ar a thaithí ag fás d’aois[84] sa dán, ‘The Circus Animals' Desertion’,

“Now that my ladder's gone

I must lie down where all the ladders start

In the foul rag and bone shop of the heart.”

[48]

Tá tionchar an nua-aoiseachais ar a shaothar le sonrú ar an tslí ar thréig sé friotal fileata gnásúil a luathshaothair ar mhaithe le teanga níos géire agus le cur chuige níos dírí chun a chuid téamaí a chur in iúl. Is teanga agus cur chuige iad seo atá le sonrú níos mó ar fhilíocht agus ar dhrámaí dá chuid le linn a lárthréimhse. Cuimsítear na himleabhair seo a leanas sa tréimhse sin: In the Seven Woods, Responsibilities agus The Green Helmet.

Litir go hEzra Pound

Le linn 1929, d’fhan sé ag Thoor Ballylee den uair dheireanach, gar don Ghort i gContae na Gaillimhe (áit a raibh teach samhraidh ag Yeats ó 1919). Chaith sé an chuid is mó dá shaol ina dhiaidh sin ina chónaí thar sáile, ach mar sin féin, léasaigh sé Teach Riversdale i Ráth Fearnáin, bruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i 1932. Scríobh sé go rafar i mblianta deiridh a shaoil agus d’fhoilsigh sé filíocht, drámaí agus prós. Sa bhliain 1938, d’fhreastal sé ar Amharclann na Mainistreach den uair dheireanach chun céad léiriú a dhráma Purgatory a fheiceáil. Foilsíodh a Autobiographies of William Butler Yeats an bhliain chéanna.

'Cathleen Ní Houlihan,' drama Béaloideas le Yeats


Bhain luathfhilíocht Yeats go mór le miotaseolaíocht agus le béaloideas na hÉireann ach ba mhó a bhain a shaothar ní ba dhéanaí le saincheisteanna nua-aoiseacha agus tháinig athrú ollmhór ar a stíl. Is féidir a shaothar a roinnt i dtrí thréimhse ghinearálta. Tá fíorthon réamh-Rafaeilíteach le sonrú ar a chuid luathdhánta. Tá siad ornáideach ar bhealach féin-chomhfhiosach agus, in amanna, de réir léirmheastóirí neamhbháúla, is dánta craptha iad. Ba dánta eipice a bhí á scríobh ag Yeats nuair a thosaigh sé ar dtús, dánta mar “The Isle of Statues” agus “The Wanderings of Oisin”. I ndiaidh dó “The Wanderings of Oisin” a chríochnú ní dhearna sé iarracht dán fada eile a chumadh. Is liricí iad a chuid luathdhánta eile ar théamaí an ghrá nó ar ábhair mhistiúla agus rúndiamhra. Le linn a lárthréimhse, thréig Yeats nádúr réamh-Rafaeilíteach a luathshaothair agus rinne sé iarracht stíl Landor a ghlacadh chuige féin agus a bheith ag trácht ar an tsochaí go híorónta ina chuid scríbneoireachta. Dfhéadfadh léirmheastóirí a dtaitníonn saothar a lárthréimhse leo a rá gur saothar é a bhfuil rithimí lúbacha agus láidre ann, saothar a bhfuil an nua-aoiseachas le sonrú go géar air uaireanta. Ceapann léirmheastóiri eile áfach, gur dánta laga neamhshuimiúla iad na dánta seo ó thaobh cumhacht samhlaíochta de. Fuair Yeats inspreagadh samhlaíochta nua dá shaothar níos déanaí ón gcóras mistiúil a bhí sé á dhéanamh amach aige dó féin faoi thionchar an spioradáltachais. I mbealaí éagsúla, is ag filleadh ar fhís a shaothair ní ba luaithe atá Yeats san fhilíocht seo. Déantar an deighilt idir fear an chlaímh a bhfuil a intinn gafa le cúrsaí an tsaoil, agus an fear spioradálta diaganta, téama “The Wanderings of Oisin”, a mhacasamhlú in “A Dialogue Between Self and Soul”.[30]


Maíonn léirmheastóirí áirithe go léirítear an targhabháil ón 19ú haois go nua-aoiseachas an 20ú haois i bhfílíocht Yeats mar a léirítear i bpéintéireacht Pablo Picasso. Ceistíonn léirmheastóirí eile an raibh morán cosúlachta idir saothar Yeats níos déanaí agus nua-aoisithe leithéidí Ezra Pound agus T.S. Eliot i ndáiríre. Mheas nua-aoisithe gur chaoineadh i leith mheath shibhialtacht na hEorpa de nádúr Eliot é an dán cáiliúil sin “The Second Coming”. Léirigh léirmheastóirí ní ba dhéanaí, áfach, gur dán é seo atá bunaithe ar theoiricí mistiúla apacailipteacha Yeats agus, dá bharr sin, go léiríonn an dán intinn atá faoi thionchar na 1890idí. Thosaigh a chnuasaigh filíochta is tábhachtaí le The Green Helmet (1910) agus Responsibilities (1914). Maidir le híomháineachas, ba ghonta agus ba chumhachtaí a d’éirigh filíocht Yeats de réir mar a chuaigh sé in aois. Tá roinnt de na híomhánna is cumhachtaí i bhfilíocht an 20ú haois sna dánta The Tower (1928), The Winding Stairs (1929), agus New Poems (1938); admhaítear i gcoitinne gurb iad na dánta in Last Poems ar na cinn is fearr a scríobh sé riamh.


Bhí an-suim ag Yeats i gcúrsaí mistiúla, is é sin i gcreidiúintí Diasúnachta Hiondúigh agus i gcúrsaí diamhaire agus bhí an t-ábhar seo mar phríomhbhonn ag a chuid filíochta déanaí. Tá léirmheastóirí áirithe in amhras faoi inchreidteacht intleachtúil na filíochta seo. Chun meitifisic shaothair dhéanacha Yeats a thuiscint is gá iad a léamh i gcomhthéacs a chórais de bhunphrionsabail rúndiamhra atá in A Vision (1925). Tá an dán “The Second Coming”, dán a scríobh sé in 1920, ar an bhfoinse íomhánna is cumhachtaí faoin bhfichiú haois.

"Things fall apart; the centre cannot hold;

Mere anarchy is loosed upon the world,

The blood-dimmed tide is loosed, and everywhere

The ceremony of innocence is drowned.

The best lack all conviction, while the worst

Are full of passionate intensity." Bhí Yeats i gcoinne an daonlathais agus is éard atá i gceist le ‘the best’ ná aicmí traidisiúnta ceannais na hEorpa nach raibh in inmhe cultúr traidisiúnta na hEorpa a chosaint ar ollghluaiseachtaí ábharaíocha. Tagraíonn na línte deiridh do thuairim Yeats go raibh an stair timthriallach agus gurbh é a ré féin deireadh na timthrialla a thosaigh le teacht i dtreis na Críostaíochta. "And what rough beast, its hour come round at last,

Slouches towards Bethlehem to be born?"

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Pálas Ríoga
Dealbh Yeats

Taispeántar Yeats i mBaile Sligeach le deilbh a chruthaíodh i 1984 ón dealbhóir Rowan Gillespie. Tógadh é taobh amuigh de Bhainc Uladh ag cúinne Sráid Stiabhna agus Bóthar Markievecs, ar an 50ú bliain ó bhás an file. Dúirt Yeats, ar a Duais Nobel a fháil, go raibh An Pálas Ríoga i Stocólm cosúil le Banc Uladh i Sligeach.[85]


Trasna an abhann, tá foirgneamh cuimhneacháin Yeats, baile le Chumann Yeats Shligigh.

[86]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Obituary. "W. B. Yeats Dead". The New York Times, 30 January 1939. Retrieved on 21 May 2007. Wireless to THE NEW YORK TIMES Times Studio (1939-01-30). "W.B. YEATS DEAD; FAMOUS IRISH POET; Winner of the Nobel Prize for Literature in 1923 Is Stricken in France NOTED TOO AS PLAYWRIGHT Hailed by Masefield in 1935 as 'Greatest Living Poet'-- An Abbey Theatre Founder Wrote Poems, Esays, and Plays Went to School in London Active in Abbey Theatre Crowded Years Recalled ABBEY THEATRE CLOSES Will Remain Inactive for a Week as Tribute to Yeats" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2019-02-11.
  2. A. Norman Jeffares (1996). "Man of Action". W. B. Yeats: 108–138. New York: Palgrave Macmillan US. 
  3. 3.0 3.1 "A Yeats dictionary: persons and places in the poetry of William Butler Yeats" (1999-01-01). Choice Reviews Online 36 (05): 36–2477-36-2477. doi:10.5860/choice.36-2477. ISSN 0009-4978. 
  4. Limerick Chronicle, (13 August 1763). "". 
  5. [Phelan]. "Meredith-J-Wiltfong-CO - User Trees - Genealogy.com". www.genealogy.com lch, 174. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  6. "Ricorso: Digital materials for the study and appreciation of Anglo-Irish Literature". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  7. "W. B. Yeats" (in en) (2019-02-12). Wikipedia: lch, vii. 
  8. W. B. Yeats (Londain 1956). "Autobiographies". Macmillan. 
  9. N. Gordon Bowe (1989-02-01). "Two Early Twentieth-Century Irish Arts and Crafts Workshops in Context: An Tur Gloine and the Dun Emer Guild and Industries". Journal of Design History 2 (2 and 3): 193–206. doi:10.1093/jdh/2.2_and_3.193. ISSN 0952-4649. 
  10. Foster (1997). "": lch, xxviii. 
  11. Foster (1997). "" (lch, xxvii). 
  12. 12.0 12.1 Foster (1997). "" (lch, 24). 
  13. Hone (1943). "" (lch 28). 
  14. Foster (1997). "" (lch, 25). 
  15. Sessa, Anne Dzamba. (1979). "Richard Wagner and the English". Rutherford [N.J.]: Fairleigh Dickinson University Press. OCLC 4037607. 
  16. "Yeats in Bedford Park". www.chiswickw4.com. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  17. Jordan (2003). "" (lch, 119). 
  18. Hone (1943). "" (lch 33). 
  19. [Davies] (19ú Deireadh Fómhair, 2018 & 8ú Aibreán, 2013). "The Attraction of Bedford Park" (en-US). web.archive.org. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  20. Tom Paulin (Iúil 2007). "The Poems of William Blake". Taylor & Francis, 2004. doi:10.4324/9780203995051. 
  21. Doody, Noreen, author.. "The influence of Oscar Wilde on W.B. Yeats : "an echo of someone else's music"" (lch, 10-12). OCLC 1028605568. 
  22. Doody, Noreen, author.. "The influence of Oscar Wilde on W.B. Yeats : "an echo of someone else's music"" (lch, 116-123). OCLC 1028605568. 
  23. Doody, Noreen, author.. "The influence of Oscar Wilde on W.B. Yeats : "an echo of someone else's music"" (lch, 207-280). OCLC 1028605568. 
  24. Hone (1943). "" (lch, 83). 
  25. Alford, Norman. (1997). "The Rhymers' Club : poets of the tragic generation". Macmillan. OCLC 59665734. 
  26. "RPO -- William Blake : The Four Zoas". web.archive.org. Department of English, University of Toronto, 2005. 3 June 2007. (2007-06-14). Dáta rochtana: 2019-02-12. Dáta rochtana: https://rpo.library.utoronto.ca/poem/169.html.
  27. "FZ Online Variorum Edition". web.archive.org (2011-09-26). Dáta rochtana: 2019-02-12.
  28. Burke, Martin J (7 Mean Fómhair, 2005). https://en.wikipedia.org/wiki/Columbia_University:"Daidra from Philadelphia: Thomas Holley, Chivers and The Sons of Usna". Columbia University. Dáta rochtana: 5 July 2007.
  29. 29.0 29.1 Ellmann (1948). "": lch, 97. 
  30. 30.0 30.1 "Sample Chapter for Auden, W.H.; Mendelson, E., ed.: The Complete Works of W.H. Auden: Prose, Volume II, 1939-1948.". web.archive.org (2007-06-10). Dáta rochtana: 2019-02-12.
  31. Foster (1997). "": lch, 82-85. 
  32. Russell K. Alspach (1946-10). "The Use by Yeats and Other Irish Writers of the Folklore of Patrick Kennedy". The Journal of American Folklore 59 (234): 404. doi:10.2307/537040. ISSN 0021-8715. 
  33. Warwick Gould (2004-09-23). "Gyles, Margaret Alethea [known as Althea Gyles (1868–1949), artist and poet]". Oxford University Press. 
  34. Claire V. Nally (2006-2). "Leo Africanus As Irishman?: National Identity Formation in W. B. Yeats's A Vision" (in en). Irish Studies Review 14 (1): 57–67. doi:10.1080/09670880500439810. ISSN 0967-0882. 
  35. Foster (1997). "": lch, 103. 
  36. Elizabeth Cullingford (1983). "How Jacques Molay Got Up the Tower: Yeats and the Irish Civil War". ELH 50 (4): 763. doi:10.2307/2872926. ISSN 0013-8304. 
  37. 37.0 37.1 Foster (1997). "": lch, 57. 
  38. Jalal Uddin Khan (2002). "Yeats and Maud Gonne: (Auto)Biographical and Artistic Intersection". Alif: Journal of Comparative Poetics (22): 127. doi:10.2307/1350053. ISSN 1110-8673. 
  39. Foster (1997). "": lch, 86-87. 
  40. "BBC - BBC Four - Audio Interviews - William Butler Yeats". web.archive.org (2008-02-05). Dáta rochtana: 2019-02-12.
  41. Christopher Cahill (2003-12-01). "Second Puberty" (en-US). The Atlantic. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  42. Ó Corráin, Donnchadh; 2 July 2007 at the Wayback Machine". University College Cork. Retrieved on 15 July 2007. (2007-07-02). "Multitext - William Butler Yeats". web.archive.org. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  43. Jordan (2003 agus 1997). "": lch, 139-153 agus lch, 83-88. 
  44. Jordan (2000). "": lch, 13-141. 
  45. Foster (1997). "": lch, 394. 
  46. Malins; Purkis (1994). "": lch, 124. 
  47. Neil Corcoran (2012-10-25). "Modern Irish Poetry and The Visual Arts: Yeats to Heaney". Oxford Handbooks Online. doi:10.1093/oxfordhb/9780199561247.013.0016. 
  48. 48.0 48.1 "Yeats, William Butler" (2011-10-31). Benezit Dictionary of Artists. Oxford University Press. 
  49. Foster (2003). "": lch, 486-662. 
  50. Foster (1997). "": lch, 183. 
  51. Téacs atáirgeadh ó dhréacht lámhscríofa Yeats é féin.. "". 
  52. Foster (1997). "": lch,184. 
  53. [Trinity College Dublin] (Feabhra 12, 2004). "Irish Genius': The Yeats Family and The Cuala Press". www.tcd.ie. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  54. Monroe, Harriet (1913.). "Poetry". Poetry: lch, 123. (Chicago) Modern Poetry Association.. 
  55. "Sands - The Influence of Japanese Noh Plays on William Butler Yeats". writing.colostate.edu. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  56. Foster (2003). "": lch, 59-66. 
  57. Alex. MacBain, Gregory (1904). "Gods and Fighting Men". The Celtic Review 1 (1): 87. doi:10.2307/30069775. ISSN 1755-6066. 
  58. "Roy Foster: Yeats emerged as poet of Irish Revolution, despite past political beliefs : 4/01". news.stanford.edu. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  59. Ellmann (1948). "" (lch, 244). 
  60. "Sanford Sternlicht revisits ‘Modern Irish Drama’" (en-US). SU News. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  61. Nally, Claire, 1979- (2010). "Envisioning Ireland : W.B. Yeats's occult nationalism". Peter Lang. OCLC 815508669. 
  62. Anthony Bradley, Jonathan Allison, W. B. Yeats (1998). "Yeats's Political Identities: Selected Essays". South Atlantic Review 63 (3): 102. doi:10.2307/3201338. ISSN 0277-335X. 
  63. "The Nobel Prize in Literature 1923" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  64. Foster (2003). "": lch, 246-247. 
  65. Michael Valdez Moses from the February 2001 issue-view article in the Digital Edition (2001-02-01). "The Poet As Politician" (en). Reason.com. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  66. Foster (2003). "": lch, 246-247. 
  67. Foster (2003). "": lch, 228-239. 
  68. Foster (2003). "": lch, 293. 
  69. 69.0 69.1 Foster (2003). "": lch, 651. 
  70. Foster (2003). "": lch, 468. 
  71. Wyndham, Diana. (2012). "Norman Haire and the study of sex". Sydney: Sydney University Press. OCLC 795702307. 
  72. "The National Library of Ireland - The Life and Works of William Butler Yeats - Online Exhibition". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2019-02-13.
  73. Foster (2003). "": lch, 504, 510-511. 
  74. 74.0 74.1 Letter to Dorothy Wellesley, 17 Meitheamh 1935, Richard Ellmann (1985-05-09). "Yeats’s Second Puberty" (en). Dáta rochtana: 2019-02-12.The New York REview of Books 9 Bealtaine, 1985
  75. Jordan (2003). "": lch, 114. 
  76. Foster (2003). "": lch, 656. 
  77. Jordan (2003). "": lch, 115. 
  78. Allen, James Lovic, 1929- (1981). "'Imitate him if you dare' : relationships between the epitaphs of Swift and Yeats". [Studies]. OCLC 49889352. 
  79. "WB Yeats" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  80. Ulanov, Barry (1961). "Makers of the modern theater: Ibsen [a.o.]". McGraw-Hill. OCLC 470184991. 
  81. "Twentieth-Century Literary Criticism Series - Gale". www.cengage.com. Dáta rochtana: 2019-02-12.
  82. Richard Finneran (1997). "Yeats". Ann Arbor, MI: University of Michigan Press. 
  83. Young Suck Rhee (2004-12-31). "James Longenbach, Stone Cottage: Pound, Yeats & Modernism. (Oxford: Oxford UP, 1988)". The Yeats Journal of Korea 22: 215–218. doi:10.14354/yjk.2004.22.215. ISSN 1226-4946. 
  84. "Yeats and the logic of formalism" (2006-09-01). Choice Reviews Online 44 (01): 44–0154-44-0154. doi:10.5860/choice.44-0154. ISSN 0009-4978. 
  85. "Sligo: W.B. Yeats Statue" (en-US). A Trip to Ireland (2014-07-08). Dáta rochtana: 2019-02-12.
  86. Grosvenor E. Powell (1981-04). "Yeats's Second "Vision": Berkeley, Coleridge, and the Correspondence with Sturge Moore". The Modern Language Review 76 (2): 273. doi:10.2307/3726410. ISSN 0026-7937. 

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh Léitheoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]


Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1886 - Mosada
  • 1889 - The Wanderings of Oisin and Other Poems
  • 1891 - John Sherman and Dhoya
  • 1892 - The Countess Kathleen and Various Legends and Lyrics
  • 1894 - The Land of Heart's Desire
  • 1895 - Poems
  • Drumcliff, Sligeach
    1897 - The Secret Rose
  • 1899 - The Wind Among the Reeds
  • 1900 - The Shadowy Waters
  • 1902 - Cathleen Ní Houlihan
  • 1903 - In the Seven Woods
  • 1910 - The Green Helmet and Other Poems
  • 1912 - The Cutting of an Agate
  • 1913 - Poems Written in Discouragement
  • 1914 - Responsibilities
  • 1917 - The Wild Swans at Coole
  • 1921 - Michael Robartes and the Dancer
  • 1921 - Four Plays for Dancers
  • 1924 - The Cat and the Moon
  • 1927 - October Blast
  • 1928 - The Tower
  • 1929 - The Winding Stair
  • 1933 - The Winding Stair and Other Poems
  • 1934 - Collected Plays
  • 1935 - A Full Moon in March
  • 1938 - New Poems
Portráid de W. B. Yeats ón bhliain 1900 (pictiúr lena dheartháir, John Butler Yeats)

Saothair eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1888 - Fairy and Folk Tales of the Irish Peasantry
  • 1891 - Representative Irish Tales
  • 1892 - Irish Faerie Tales
  • 1893 - The Celtic Twilight
  • 1907 - Discoveries
  • 1903 - Ideas of Good and Evil
  • 1916 - Reveries Over Childhood and Youth
  • 1918 - Per Amica Silentia Lunae
  • 1921 - Four Years
  • 1925 - A Vision
  • 1926 - Estrangement
  • 1926 - Autobiographies