Salomé Leclerc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSalomé Leclerc

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithAibreán 1986
37 bliana d'aois
Sainte‐Françoise, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2010 –

Amhránaí agus scríbhneoir Fraincise ó Québec is ea Salomé Leclerc (rugadh 1987). Chuaigh sí i mbun a gairme mar cheoltóir proifisiúnta i 2003 agus tháinig aoibh na ndaoine agus gcriticeoirí uirthi gan mhoill mar dhuine suntasach den ghlúin nua de cheoltóirí Québec. Deir sí gur breá léi téacsanna a chuireann íomhánna cineamatacha in iúl agus gur mar sin a chumann sí a cuid liricí féin.[1]

A cuid ceoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh í i sráidbhaile beag atá suite níos lú ná 200 ciliméadar ó Montréal. Thosaigh sí ag bualadh na drumaí in aois a deich mbliana d’aois i dteannta a beirte deartháireacha agus lé acu leis an rac-cheol. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin tháinig sí os comhair an phobail le hamhrán dá cuid féin, “Vent d’ailleurs,” i gcomórtas scoile (Secondaire en spectacle), rud a thug chun féile móire í. Ó shin i leith tá na scórtha léirithe déanta aici in Québec agus san Eoraip.

Tá sé ráite ina taobh go bhfuil nádúrthacht, mealladh agus fírinne ag baint léi mar cheoltóir agus an slua éisteachta fágtha faoi dhraíocht ag a eagna chaol.[2]

Ghnóthaigh sí a lán duaiseanna in aon bhliain amháin: Prix Espoir FEQ, Prix Rapsat-Lelièvre 2015, Prix Félix-Leclerc 2015 agus Coup de cœur chanson francophone 2015 (bronnta ag an Académie Charles-Cros sa Fhrainc).[3]

Sliocht as "Tourne encore"[cuir in eagar | athraigh foinse]

J'aurai les yeux des marées bleues et le visage du temps pluvieux
J'aurai le coeur sur un nuage passerai ma vie en décalage
J'aurai la tête sur l'oreiller à peine poser les plumes au pieds
J'abandonnerai mon âme d'avant et chercherai celle au présent…[4]
Beidh súile na dtaoidí gorma agam agus dreach na haimsire fliche, beidh mo chroí ar néal agam agus caithfidh mé mo shaol go ciotach; beidh mo cheann ar an adhairt agam, é ann ar éigean agus cleití ar na cosa, tréigfidh mé an t-anam a bhí agam tráth agus rachaidh mé ar lorg anam an ama seo…

Agallamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agallamh le Salomé Leclerc, TV5Monde [1]

Dioscaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sous les arbres (2011)
  • 27 fois l'aurore (2014)
  • Arlon/Vers le sud (2014)

Le cloisteáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Salomé Leclerc - Tourne encore [2]
  • Salomé Leclerc - Le Vent Nous Portera [3]
  • Salomé Leclerc – Caméléon [4]
  • Salomé Leclerc - Les chemins de l'ombre [5]
  • Salome Leclerc - Sous les arbres [6]
  • Salomé Leclerc - Arlon [7]
  • Salome Leclerc - Partir ensemble [8]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amhránaíocht Fraincise Québec

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh Salomé Leclerc [9]