Amhránaíocht Fraincise Québec

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá in amhránaíocht Fraincise Québec traidisiún amhránaíochta Fraincise a chuirtear in iúl ar roinnt bealaí difriúla: mar chansons ceabairé ar minic blas fileata ar a gcuid focal, mar phopcheol agus mar rac-cheol.

Place des Arts, Montréal

Tús traidisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’eascair amhránaíocht Québec mar atá sí inniu ón amhránaíocht thraidisiúnta agus ó na soirées de folkore a bhí á gcur ar bun tar éis an Chéad Chogadh Domhanda in Québec, gan trácht ar dhrámaí ceoil. Ó na fichidí amach bhí tionchar trí rud le haithint ar an amhránaíocht in Québec: cultúr na Fraince, cultúr Béarla Cheanada (a chuirtí in iúl i gcúrsaí dlí) agus cultúr na Stát Aontaithe (a bhí ag brath ar an gcóngaracht agus ar an tráchtáil). Timpeall an ama sin léiríodh na chéad mhion-cheoldrámaí i bhFraincis, rud a chuidigh leis na hamhránaithe féin a chur chun cinn.[1]

Ba í La Bolduc (Mary Travers) an chéad chanteuse ceart a fáisceadh as an saol sin. Bhí timpeall trí chéad amhrán aici agus rian na hamhránaíochta traidisiúnta orthu. Amhráin na hÉireann agus na hAlban is mó a bhí i gceist, ó chuir a lán daoine ó na tíortha sin fúthu sa Gaspésie, a ceantar féin.

La Bolduc le ceoltóirí eile, 1928

Bhí amhránaithe ó Québec ag déanamh ceirníní faoi na tríochaidí, ach tháinig meath ar an ngnó sin de thoradh dhroch-chúrsaí geilleagair. Faoi dheireadh na dtríochaidí, áfach, bhí borradh éigin ag teacht arís faoin tráchtáil, a bhuíochas sin ar bheartais nua rialtais agus ar chonarthaí trádála leis an mBreatain agus leis na Stáit Aontaithe. Ar na rudaí eile a chuir rath ar cheol Québac bhí bunú an fhoilsitheora ceoil La Bonne Chanson, na seónna ceoil (Variétés Lyriques) agus comórtais cheoil ar raidió nó ar an láithreán.

Bhí claonadh ann fós chun tairbhe a bhaint as ábhar traidisiúnta amhránaíochta chun féiniúlacht lucht Fraincise Cheanada a threisiú, faoi thionchar Charles Marchand agus Charles-Émile Gadbois (sagart agus béaloideasóir). Ach faoi na daichidí ba threise fós tionchar na gceolta tuaithe (country and western), rud a spreag a lán amhránaithe is scríbhneoirí nua chun iad féin a chur in iúl. Bhí Roy Rogers, Hank Williams agus amhránaithe tuaithe eile le cloisteáil ó na Stáit ar an raidió, agus d’fhág siad a rian ar leithéidí Roland Lebrun, amhránaí a spreag úsáid an ghiotáir i gceol Québec.[2]

Amhránaíocht nua-aimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1956 cuireadh an Concours de la chanson canadienne (Comórtas Amhránaíocht Fraincise Cheanada) ar siúl ar an raidió in Québec. Ba mhór an cúnamh é seo chun misneach a chur in amhránaithe is i scríbhneoirí áitiúla. Bhí Raymond Lévesque tagtha ar an bhfód mar amhránaí is scríbhneoir faoin am seo agus blas na filíochta agus na tráchtaireachta comhaimseartha ar a chuid amhrán, blas a bheadh le haithint ar shaothar a leithéidí eile ina dhiaidh sin. Bhí iomrá éigin ag teacht le hamhránaithe is scríbhneoirí Québec sa Fhrainc féin, rud eile a chuir misneach iontu.

Bhí baint ag oscailteacht nua na hamhránaíochta Fraincise in Québac le borradh an phopcheoil éadrom (an yé-yé) sna seascaidí agus é lán de scléip na hóige agus de phléisiúr na maoine. Bhí an feimineachas á chur in iúl san amhránaíocht freisin agus leithéidí Diane Dufresne agus Diane Tell ann, gan trácht ar Belgazou sna hochtóidí. Rud eile ba ea úsáid an joual (canúint uirbeach Montréal) mar chomhartha féiniúlachta pobail: d’fhág sé seo lorg, mar shampla, ar cheol Charlebois, amhránaí a bhí tugtha don rac síceideileach agus aoibh na ndaoine riamh air.[3]

Bhí an náisiúnachas ag borradh in Québec anuas go dtí deireadh na seachtóidí agus an Parti Québécois i réim. Bhí ban-amhránaithe nua ann, leithéidí Renée Claude, Pauline Julien agus Monique Leyrac, agus éileamh ar a saothar. Bhí an-tábhacht le Starmania, rac-cheoldráma le Luc Plamondon agus Michel Berger nach raibh a leithéid le feiceáil riamh roimhe sin in Québec agus a tharraing clú ar roinnt amhránaithe mná in Québec agus sa Fhrainc féin.

Faoi na hochtóidí, áfach, bhí athrú ag teacht ar shaol Québec agus cúrsaí cultúir san áireamh. I 1980 theip ar reifreann a d’fhéadfadh neamhspleáchas a bhronnadh ar Québec. Lena chois sin bhí an geilleagar lag go leor. Tháinig an amhránaíocht chuici féin tar éis tréimhse de laige agus grúpaí leictrea-phop ag teacht chun solais. Sna hochtóidí tháinig an físeán ceoil agus an dlúthdhiosca, in éineacht le ceoltóirí arbh áil leo meascán a dhéanamh de sheánraí, agus le amhránaithe a tharraing chucu arís modh amhránaíochta a bhí faoi thionchar an traidisiúin bhéil nó a chuaigh i muinín ceol lom acústaice.

Glúin nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna hochtóidí a réitíodh an bealach atá á leanúint fós ag ceoltóirí Québec. Le blianta beaga anuas tá glúin nua de chanteuses et de chanteurs tagtha ar an bhfód, dream a bhfuil iomrá leo ní amháin in Québec ach sa Fhrainc chomh maith. Orthu siúd tá roinnt amhránaithe mná ar nós Ingrid St-Pierre, Salomé Leclerc agus Amélie Veille nach mór an clú atá orthu i saol an Bhéarla i gCeanada ach a bhfuil éileamh ar a gceol i measc a bpobail féin.

La chanson québécoise s’est tour à tour inspirée des rythmes et thèmes propre au folklore, de la romance, du country, la musique pop enraciné dans le mouvement yé-yé tout en cherchant, par la musique à texte, à construire une esthétique proprement québécoise qui n’est plus uniquement le calque des tendances étrangères.[4]
Fuair amhránaíocht Québec spreagadh i ndiaidh a chéile ó rithimí agus ó théamaí an cheoil tíre, ó amhráin rómánsacha, ó cheolta tuaithe, ó phopcheol de chuid na gluaiseachta yé-yé, agus é de chuspóir aici, trí cheol a chur le téacsanna, aeistéitic de chuid Québec féin a chumadh nach mbeadh ag brath go hiomlán ar thionchar coimhthíoch.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Féach Mireille Barrière, ‘Exposé d’une problématique de culture urbaine appliquée à l’étude du développement du théâtre lyrique à Montréal (1840-1913),’ Société québécoise de recherche en musique [1] Curtha i gcartlann 2016-08-16 ar an Wayback Machine
  2. Féach Gérald Côté, ‘Sources des syncrétismes musicaux à la québécoise,’ Société québécoise de recherche en musique [2] Curtha i gcartlann 2016-08-15 ar an Wayback Machine
  3. Richard Baillargeon, ‘Du rock and roll au yé-yé : la « Révolution tranquille » des palmarès,’ Société québécoise de recherche en musique [3] Curtha i gcartlann 2016-08-15 ar an Wayback Machine
  4. De Surmont, 2007

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta ban-amhránaithe Fraincise ó Québec

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Demers, Frédéric (1999). Céline Dion et l’identité québécoise. Montréal: VLB éditeur.
  • De Surmont, Jean-Nicolas (2005). La bonne chanson : le commerce de la tradition en France et au Québec dans la première moitié du XXe siècle. Montréal: Triptyque.
  • De Surmont, Jean-Nicolas. Octobre 2007. ‘Histoire de la chanson québécoise’ (Chansons françaises et francophone en cours de FLE/French through songs and singing) : [4] Curtha i gcartlann 2021-09-20 ar an Wayback Machine