Gabriel García Márquez

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGabriel García Márquez

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Gabriel José de la Concordia García Márquez
6 Márta 1927
Aracataca, An Cholóim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Aibreán 2014
87 bliana d'aois
Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (An liomfóma agus niúmóine)
Faisnéis phearsanta
Reiligiúnluach ar iarraidh
Scoil a d'fhreastail sé/síNational University of Colombia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreÚrscéal, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, prós, gearrscéal, iriseoireacht tuairimíochta agus iriseoireacht
Gairmúrscéalaí, file dlíodóra, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir scripte, scríbhneoir próis, foilsitheoir, drámadóir, scríbhneoir, gearrscéalaí, iriseoir, iriseoir tuairime Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1947 –  2009
Ball de
SeánraÚrscéal
GluaiseachtMagic realism (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaAn Spáinnis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMercedes Barcha (1958–2014) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRodrigo García Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Aibreán 2014Sickness, death, and funeral of Gabriel García Márquez (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0305781 Allocine: 37988 Allmovie: p101365 IBDB: 11092
Facebook: GabrielGarciaMarquezAuthor Musicbrainz: 5ced2364-f997-4a17-a21e-03d1c9277823 Discogs: 1636807 Find a Grave: 207447472 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir ón gColóim ba ea Gabriel García Márquez, nó Gabo, (6 Márta 192717 Aibreán 2014) agus é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó le rá i Meiriceá Theas. Scríobh sé idir úrscéalta, ghearrscéalta, aistí agus tuairiscí agus bhain sé amach Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1982.

Saolaíodh ar an 6 Márta 1928 in Aracataca i gCúige Magdalena sa Cholóim é. Ach is i Meicsiceo agus san Eoraip a chaith sé cuid mhór dá shaol. Deirtear gurbh eisean ba mhó a chuir an réalachas draíochta os comhair na ngnáthléitheoirí.[1] Is é tuairim na saineolaithe gurbh iad Márquez, Jorge Luis Borges, agus Julio Cortázar an triúr údar is mó i litríocht Mheiriceá Theas sa fichiú haois.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iriseoir ba ea Gabo ar dtús agus é ag scríobh alt ar El Heraldo i mBarranquilla agus ar El Universal i gCartagena.[2] Bhí sé ina bhall de bhaicle neamhfhoirmeálta scríbhneoirí agus iriseoirí, Grúpa Barranquilla, agus thug an dream seo an-spreagadh dó mar scríbhneoir. Ina dhiaidh sin, d'aistrigh sé go Bogotá agus é ag obair don nuachtán laethúil El Espectador. Chaith sé sealanna ina chomhfhreagraí ar an gcoigríoch freisin, sa Róimh, i bPáras, i mBarcelona, i gCaracas, agus i Nua-Eabhrac.[3]

Gabriel García Márquez
Relato de un náufrago[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an chéad mhórshaothar a tháinig óna pheann ná Relato de un náufrago nó "Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste". Ar dtús, foilsíodh mar shraithscéal nuachtáin é sa bhliain 1955. Fíorscéal ba ea é faoi longbhriseadh a tharla de dheasca go raibh lastas contrabhannach stuáilte go ciotach ar dheic na loinge. Long de chuid chabhlach cogaidh na Colóime a bhí inti, agus ba mhór an scannal é. Tharraing an tuairisc amhras ar an leagan oifigiúil a bhí á scaipeadh ag rialtas míleata an deachtóra Gustavo Rojas Pinilla agus áitíodh ar García Marquesz an tír a fhágáil. Foilsíodh an scéal i leabhar leis sa bhliain 1970 agus shíl go leor léitheoirí gur ficsean a bhí ann.[4].

Úrscéal doiciméadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí leabhar leis ar féidir léamh an fhicsin a bhaint as chomh maith le léamh na fírinne. Mar shampla, in Crónica de una muerte anunciada ("Croinic an Bháis Réamhfhógraithe"), thug sé cur síos ar mhurdar áirithe a bhí i mbéal an phobail sa Cholóim agus an oiread sin scríofa faoi sna nuachtáin.[5] Cineál úrscéil dhoiciméadaigh atá ann a d'fhéadfaí a chur i gcomparáid le In Cold Blood le Truman Capote. Leabhar eile "idir eatarthu" is ea El amor en los tiempos del cólera ("An Grá i dTréimhse an Chalair") ón mbliain 1985, inar inis sé scéal grá a thuismitheoirí.[6]

Cien años de soledad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an saothar is rathúla leis ná an t-úrscéal Cien años de soledad ("Céad bliain d'uaigneas"), atá suite i sráidbhaile beag ficseanúil, Macondo, i bhforaois fearthainne na Colóime. Tugann an leabhar cur síos ar ghlúinte mhuintir Buendía i Macondo ó bhunú na háite amach, agus an tionchar a imríonn stair chorrach na Colóime ar shaol na hiargúltachta i bhfad ó phríomhchathair na tíre.[7]

Seanóir [cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1999 dúradh le García Márquez go raibh ailse limfeach air. Spreag an drochscéala é chun a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos, agus tháinig an chéad imleabhar, Vivir para contarla ("Saol le hinsint") i gcló sa bhliain 2002.

Sa bhliain 2004, arís, d'fhoilsigh García Márquez leabhar nua, Memoria de mis putas tristes ("Cuimhne ar mo striapacha brónacha").

Fuair García Márquez bás den niúmóine i gcathair Meicsiceo ar an 17 Aibreán 2014.

Rue Cujas, Páras

Réalachas agus réalachas draíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tábhacht leis an réalachas i saothar uile an údair. Ag cur síos dó ar na chéad leabhair aige, dúirt sé gur fhág fírinne an tsaoil sa Cholóim a rian ar El coronel no tiene quien le escribe, La mala hora agus Los funerales de la Mamá Grande (cé nárbh ionann cás do La hojarasca) agus gurb é sin ba chúis le struchtúr na leabhar. Dúirt sé nárbh oth leis iad a scríobh ach gur bhain siad le cineál litríochta réamhbheartaithe a raibh a dhearcadh ar an réaltacht ró-stalctha agus ró-theoranta.[8].

I saothair eile bhain sé triail as an réaltacht a láimhseáil ar shlite nach raibh chomh traidisiúnta sin, i dtreo go gcuirtear síos ar imeachtaí an-uafásacha nó an-neamhchoitianta ar bhealach neamhchúiseach.[9] Is minic a luaitear an phearsa in Cién años de soledad a dtéann a corp agus a hanam chun na bhflaitheas agus í ag crochadh cultacha. Tugadh “réalachas draíochta” ar an stíl seo.[10] Deir an criticeoir Michael Bell go bhfuil aigne inti atá in ann cónaí sa ghnáthshaol go neamh-mhaoithneach agus a fháiltíonn roimh réimsí a mbrúnn an cultúr comhaimseartha i leataobh iad de réir a loighce féin.[11] Mhaígh García Márquez féin gur dheacair do léitheoirí Eorpacha an réaltacht atá ceilte ag an draíocht a aithint.[12]

Saothar as Spáinnis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • La hojarasca, 1954.
  • Relato de un náufrago, 1955. ("Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste" mar shraithscéal ar an nuachtán)
  • Un día después del sábado, 1955 ("Lá i ndiaidh an tSathairn")
  • El coronel no tiene quien le escriba, 1961. ("Níl duine ar bith ag an gCoirnéal a scríobhfadh litir chuige")
  • Los funerales de la Mamá Grande, 1962. ("Sochraid na Máthar Móire")
  • La mala hora, 1962. ("An Drochuair")
  • Cien años de soledad, 1967. ("Céad Bliain d'Uaigneas")
  • Monólogo de Isabel viendo llover en Macondo, 1968. ("Comhrá aonair Isabel agus í ag breathnú ar an mbáisteach in Macondo")
  • Relato de un náufrago, 1970. ("Scéal an mhairnéalaigh longbhriste" faoi chlúdach leabhair)
  • La increíble y triste historia de la cándida Eréndira y de su abuela desalmada, 1972. ("Scéal brónach dochreidte Eréndira macánta agus a máthar móire cruálaí")
  • Cuando era feliz e indocumentado, 1973. ("Nuair a bhí mé sona agus gan cháipéisí")
  • Chile, el golpe y los gringos, 1974. ("An tSile, an forghabháil chumhachta agus na Poncáin")
  • Ojos de perro azul, 1974. ("Súile an mhadra ghoirm")
  • El otoño del patriarca, 1975. ("Fómhar an Bhoic Mhóir")
  • Todos los cuentos (1947-1972), 1976. ("Na gearrscéalta go léir")
  • Crónica de una muerte anunciada, 1981. ("Croinic an Bháis Réamhfhógraithe")
  • Textos costeños, 1981. ("Téacsaí ón gcósta")
  • Viva Sandino, 1982. ("Go maire Sandino")
  • El olor de la guayaba, 1982. ("Boladh na guábha")
  • El secuestro, 1982. ("An Fuadach")
  • El asalto: el operativo con el que el FSLN se lanzó al mundo, 1983.
  • Erendira, 1983.
  • Diatriba de amor contra un hombre sentado, 1994
  • El amor en los tiempos del cólera, 1985 ("Scéal grá ó laethanta an chalair")
  • Las Aventuras de Miguel Littín Clandestino en Chile, 1986 ("Eachtraí Miguel Littín faoi rún sa tSile")
  • El general en su laberinto, 1989. ("An Ginearál ina Chathair Ghríobháin")
  • Doce cuentos peregrinos, 1992. ("Dhá scéal oilithreachta déag")
  • Del amor y otros demonios, 1994. ("Scéalta faoin ngrá agus faoi dheamhain eile")
  • Noticia de un secuestro, 1996. ("Scéala duine fhuadaithe")
  • Obra periodística 1: Textos costeños (1948-1952) ("Téacsaí ón gcósta", an chéad imleabhar de bhailiúchán shaothair iriseoireachta an scríbhneora)
  • Obra periodística 2: Entre cachacos (1954-1955) ("Idir gaigí")
  • Obra periodística 3: De Europa y América (1955-1960) ("Ón Eoraip agus ó Mheiriceá")
  • Obra periodística 4: Por la libre (1974-1995) ("Ar a son siúd atá saor")
  • Obra periodística 5: Notas de prensa (1980-1984) ("Scéalta nuachtáin")
  • Vivir para contarla, 2002.
  • Memoria de mis putas tristes, 2004.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘réalachas draíochta’?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-17.
  2. Bell, Michael (1993), Gabriel García Márquez: Solitude and Solidarity, Hampshire: Macmillan, ISBN 0-333-53765-3, lch 6
  3. Pelayo, Ruben (2001), Gabriel García Márquez: A Critical Companion, Westport: Greenwood Press, ISBN 0-313-31260-5, lch 6
  4. McMurray, George R. (1987), Critical Essays on Gabriel García , Boston: G.K. Hall & Co., ISBN 0-8161-8834-3, lch 6
  5. Pelayo (2001), lch 111
  6. Bell-Villada, Gene H. (1990), Márquez: The Man and His Work, North Carolina: University of North Carolina Press, ISBN 0-8078-1875-5, lch 157
  7. Pelayo (2001), lch 97
  8. Apuleyo Mendoza, Plinio; García Márquez, Gabriel (1983), The Fragrance of Guava, London: Verso, ISBN 0-86091-765-7, lch 56
  9. McMurray (1987), lch 18
  10. Maurya, Vibha (January 1983), "Gabriel García Márquez", Social Scientist, 11 (1): 53–58, doi:10.2307/3516870, ISSN 0970-0293, lch 57
  11. Bell (1993), lch 49
  12. Apuleyo Mendoza & García Márquez (1983), lch 35