Dúnmharú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is dúnmharúmurdar ann ná marú duine le mailís réamhcheaptha. An duine a mharóidh duine eile agus fearg air, is dócha nach mbeidh dúnmharú déanta aige ach dúnorgain. Má bhí rún nó plean ag an marfóir roimh ré an duine áirithe sin a mharú, nó má rinneadh an marú ar dhóigh chruálach - agus an marfóir, abair, ag céasadh an íobartaigh agus ag baint suilt as - is é an dúnmharú a rinne sé. I dtíortha an Dlí Choitinn, áfach, glacfar leis an dúnbhású tionóisceach mar dhúnmharú, mas féidir a rá go ndearna an ciontóir neamhshuim ghlan den dainséar a tharraing sé ar na daoine eile. Mar shampla, má bhíonn tú ag láimhseáil tréanphléascáin gan aird ar bith a thabhairt ar na rialúcháin slándála, is dócha go gcúiseofar i ndúnmharú thú má mharaíonn do chuid pléascán duine éigin.

I ndlínsí an Dlí Choitinn, is iad comharthaí sóirt an dúnmharaithe ná:

  • marú an duine, is é sin, an gníomh féin (actus reus, mar a deir an Laidin), agus
  • toil an mharfóra (mens rea), an mhailís réamhcheaptha - is é sin, bhí an ciontóir meáite dírithe ar an duine áirithe seo a mharú d'aon ogham, nó - i sampla na dtréanphléascán - ní raibh an ciontóir ag iarraidh an duine áirithe seo a mharú, ach bhí sé chomh siléigeach i leith na slándála is gur mailís réamhcheaptha de chineál eile a bhí ann.
Dúnmharuithe in aghaidh gach 100,000 áitritheoir sna tiortha éagsúla

Is iad na fir a dhéanann an chuid is mó (nócha faoin gcéad) de na dúnmharuithe ar fud an domhain, go háirithe na fir óga (17-30 bliain d'aois). Tá Éire, an Íoslainn agus an tSeapáin ar na tíortha is lú dúnmharuithe. Cé gur gnách leis na meáin chumarsáide an-challán a tharraingt faoi gach dúnmharú, is iad na tíortha forbartha an chuid is sábháilte ar domhan ó thaobh na ndúnmharuithe de. Tá an Bhrasaíl (agus Meiriceá Theas go ginearálta), an Rúis agus an Afraic Theas ar na tíortha is mó dúnmharuithe amuigh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]