Dlí Coiteann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

██ Dlí Coiteann

██ Córas dlí measctha a bhfuil an Dlí Coiteann mar chuid de

Is éard atá i gceist leis an Dlí Coiteann ná córas dlí a chuireann an bhéim is mó ar chleachtas na gcúirteanna - ar an bhfasach (is é sin, ar an réamhshampla) - seachas ar leabhar na reacht. Na dlínsí ina bhfuil an Dlí Coiteann i bhfeidhm, is tíortha agus críocha iad a bhfuil tionchar láidir ag traidisiún dlí Shasana agus na Breataine Bige orthu. Go tipiciúil, is iar-choilíneachtaí de chuid na Ríochta Aontaithe iad.

Taobh amuigh de thíortha an Bhéarla, is é an Dlí Sibhialta an córas dlí is coitianta.

II. Teacht Dlí Shasana go hÉirinn: Dlí na nAngla-Normannach 1169 : Ionradh na nAngla-Normannach i Loch Garman faoi stiúr Richard FitzGilbert de Clare, Iarla Pheambróg (Strongbow). 1171 : Tionól Chomhairle Rí Anraí II i bPort Láirge. Gníomh siombalach – bhí Comhairle an Rí, Curia Regis, mar comhlacht cinnteoireachta rí-thábhachtach i gcomhair ríthe feodacha na nAngla-Normannach .

Bhí dhá roinn sa Chomhairle: An Státchiste : leis an gCisteoir i gceannas air. An tSeansaireacht : leis an Seansailéir i gceannas air.

Bhí cumhacht ghlan ag an Rí ag an am seo agus bhí an chomhairle mar an phríomh-fhearas feidhmiúcháin nuair a bhí an rí as láthair, mar shampla, i rith na gCrosáidí, nó nuair a bhíodh sé thar lear. Le himeacht ama tháinig forbairt ar an gcomhairle chun córas cúirteanna, parlaimint agus rialtas feidhmiúcháin a chuimsiú, agus fágadh an rí nó an bhanríon mar cheann Stáit siombalach.

III. Forbairt an Dlí Choitinn Ba í Éire an chéad tír lasmuigh den Bhreatain inar cuireadh córas Dlí Coiteann na nAngla-Normannach i bhfeidhm.


(i) Teacht na Normannach 1066 : Concas na Normannach ar Shasana. Bhí príomh-neart na Normannach préamhaithe ina gcuid saighdiúirí agus ina gcuid arm, ach an fíor-bhua a bhí acu agus an modh fadthéarmach a bhí acu na Sasanaigh a chur faoi smacht ná a n-ard-chumas riaracháin. Múnlú, mionleasú agus forbairt ar na córais agus ar na struchtúir a bhí sa tír cheana is ea a rinne siad seachas aon mhórleasú suntasach. • Bhunaigh siad rialtas lárnaithe leis an Rí mar fhoinse gach cirt. • Chuir siad tús le córas feodach tionóntachta faoinar shainigh seilbh talún, an príomh-saibhreas ag an am, an chéimlathas shóisialta. - Thugadh an Rí deontais de straicí móra talún do na príomh-uaisle: na príomh-thionóntaí / ard-tionóntaí - Thugadh na hard-tionóntaí seo “seirbhísí” pearsanta in arm an Rí agus d’iocaidís cáin leis ar ócáidí ar leith. - Thugadh na hard-tionóntaí deontais talún do na fo-thionóntaí, agus thugaidís sin deontais talún do dhaoine níos ísle ar an scála sóisialta. - Bhí struchtúr pirimide ag an gcóras a raibh gach fear saor sa ríocht san áireamh ann. - Gné riachtanach den chóras ab ea an nasc pearsanta a bhí idir an tionónta agus a thiarna. Sa bhreis ar an dílseacht a bhí ag gach géillsineach don Rí, thug gach tionónta mionn dílseachta dá thiarna agus thug an tiarna geallúint an tionónta a chosaint. • Chun a chuid údaráis a threisiú, thaistealaíodh an Rí timpeall na tíre agus é i mbun cúirte. Ceann dá chuid feidhmeanna ab ea éisteacht le gearáin agus le hachainíocha a chuid géillsineach. Le h-imeacht ama rinneadh an ról seo a tharmligean chuig oifigigh a ghníomhaigh in ainm an Rí: na breithiúna. • Thar am, bunaíodh córas cúirteanna i Westminster (agus níos déanaí, córas parlaiminte). Chomh maith le h-éisteacht le cásanna a thagadh go Londain, théadh na breithiúna ag taisteal timpeall na tíre faoi dhó sa bhliain ar na Seisiúin (“Assizes.”). • Bhí dhá feidhim ag na Seisiúin – údarás an Rí a threisiú, agus a chinntiú go raibh corpas dlí aonchineálach á chur i bhfeidhm ar fud na ríochta – an “ Dlí Coiteann”. Dheineadh na breithiúna athbhreithniú ar na sean-nósanna áitiúla dlí. Dá mbeidís i gcomhréir leis an Dlí Coiteann dhéanfaidís iad a chomhnascadh leis, agus dhiúltaídís do na sean-nósanna eile. • Ós rud é go raibh cumhacht gan teorainn ag an Rí, bhí cumhacht ollmhór ag a chuid breithiúna maidir le forbairt agus cóiriú an Dlí. Míníonn an ról ag bhí ag breithiúna i bhforbairt an luath-dhlí choitinn an tábhacht leanúnach atá acu fós sa chóras seo.

(ii) Deighilt idir an córas Dlí Choitinn agus an córas Dlí Shibhialta Bhí ról lárnach ag breithiúna i gcóras Dlí Coiteann Shasana ón tús. Is iad a chuir an dlí i bhfeidhm ar fud na ríochta agus le himeacht ama is iad a rinne forbairt agus cíoradh ar an dlí. Tarmligeadh cumhacht an rí chucu chun rialacha bunúsacha an Dlí a leagan síos. Aithníodh na rialacha seo mar Dhlí Coiteann Shasana. Aithnítear anois aon chóras dlí ina ndéanann breithiúna an dlí a leagan síos mar chóras Dlí Choitinn.

I gcodarsnacht leis seo, bunaíodh na córais dlí ar Mhór-roinn na hEorpa ar théacsanna dlí Romhánacha a thángthas orthu sna Méan-Aoiseanna. Ní raibh mórán cros-síolrú idir an Mhór-roinn agus Sasana sa tréimhse fhorbartha seo agus d’fhorbair dhá chóras dlí a bhí an-éagsúil óna chéile. Ar feadh i bhfad, bhí scoláirí na Mór-roinne ag braith go tréan ar na téacsanna Rómhánacha, go dtí go ndearnadh an códú cuimsitheach a athnímíd mar shaintréith chórais Dhlí Shibhialta an lae inniu. Tosaíodh air seo le Cód Napoléon in 1804.


(iii) Cothromas agus Seansaireacht Ag an tús, bhí an Dlí Coiteann dolúbtha. Cloíodh go treán le fasaigh agus dá réir sin bhí sé deacair ceartas a fháil i gcásanna ina ndearnadh éagóir faoi leith. D’fhás an nós achainí a dhéanamh leis an Rí ag lorg faoisimh. Nuair a d’fhás líon na n-achaníocha, leagadh an cúram plé leo ar an Seansailéir. B’é siúd duine de phríomh-oifigigh an Rí agus cúlra sa Dlí Canónta aige. Dheineadh sé cinneadh i ngach cás de réir thuillteanais an cháis sin sa Chúirt Seansaireachta. Bhí na rialacha níos solúbtha, agus is í an aidhm a bhí leo ná teacht ar leigheas don éagóir i gceist. Tháinig fás agus forbairt ar Chothromas mar chóras, agus faoi thús an 19ú Aois, bhí córas rialacha chomh daingean leis an Dlí Coiteann i gceist le Cothromas. Sa lá atá inniu ann, cuirtear an Cothromas i bhfeidhm go comhthreomhar leis an Dlí Coiteann sna cúirteanna céanna. Is samplaí de fhaoisimh chothromasacha iad an urghaire, sainchomhlíonadh, cealú, urbhac agus an dlí maidir le hiontaobhais.

(iv) Parlaimint agus Reachtaíocht Bhí tábhacht ról na mbreithiúna mar lucht déanta dlí soiléir ó thús an Dlí Choitinn ach tháinig an Pharlaimint chun cinn mar reachtóir dlí níos déanaí. Le teacht na Meánaoiseanna, aithníodh an dlí parlaiminteach nó an Reachtaíocht mar bhealach chun srian a chur le cumhacht an Rí agus mar fhoinse mhalairteach dlí. Cé go raibh moill ar na cúirteanna glacadh leis go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt don reachtaíocht thar an Dlí Coiteann, i ndeireadh thiar, aithníodh go raibh údarás cuimsitheach ag an bParlaimint rialacha agus dlí a leagan síos agus gurb é ról na mbreithiúna ná an dlí sin a fhorléiriú.

(v) Ról na mBreithiúna mar lucht déanta dlí - An Teoiric Dhearbhaitheach– déanann na breithiúna an dlí a nochtadh agus a dhearbhú. - An Ról Cruthaitheach – athnítear anois go bhfuil ról cruthaitheach na mbreithiúna an-ghar don reachtaíocht. - Áit nach bhfuil reachtaíocht le réimse dlí a rialú is iad na breithiúna a bheartaíonn conas a chuirtear an dlí i bhfeidhim. Ainneoin chorpas mór reachtaíochta le blianta anuas, tá méid shuntasach de Dhlí Shasana agus de Dhlí na hÉireann fós préamhaithe sa Dlí Coiteann. - Áit a ndéanann an pharlaimint reachtaíocht, tá ról tábhachtach ag na breithiúna forléiriú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin. - In Éirinn, tá cumhacht bhreise ag na breithiúna; is féidir leis na cúirteanna a dhearbhú go bhfuil Acht den Oireachtas (nó cuid de) neamhbhaillí toisc go bhfuil sé bun os cionn le forálacha an Bhunreachta. Ar an mbonn céanna, is féidir leo an Dlí Coiteann a mhódhnú chun teacht leis an mBunreacht.

Tíortha ina bhfuil an Dlí Coiteann i bhfeidhm[athraigh | edit source]