Jump to content

Iriseoireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iriseoirí i mbun a gceirde sna 1940idí

Is ionann iriseoireacht agus ceird ina ndéantar tuairisciú, scríbhneoireacht, eagarthóireacht nó grianghrafadóireacht ar nuacht, ar mhaithe le craobhscaoileadh. Is gnách go ndéantar í mar ghnó tráchtála.[1] Tugtar iriseoir ar dhuine a bhíonn ag plé leis an gceird seo.[2]

Ar an 2 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Dheireadh leis an tSaoirse ó Phionós i gcás Coireanna in aghaidh Iriseoirí.

Gold and Black (1922)

Tá saol an iriseora, bíodh sin in iriseoireacht spóirt nó in iriseoireacht nuachta, polaitíochta nó aon chineál nuachta eile, tá sé athraithe go mór sa 21ú haois. Ní féidir leis an iriseoir anois a bheith chun cinn ar an nuacht mar tá na meáin dhigiteacha ar fad a ghabháil a bheith romhat – is cuma céard atá ann. Ní féidir a bheith chomh "te" leis an nuacht agus a bhíodh tráth den saol. Ach ag an am céanna, tá seans i bhfad níos leithne, agat a ghabháil ag plé le do thuairimí féin. Mar sin, scéalaíocht, ar bhealaí go leor, í an iriseoireacht agus go háirid an iriseoireacht scríofa.[3]

Níl an iriseoireacht furasta mar obair. Mar shampla, b’fhearr lena lán léitheoirí go minic altanna a léiríonn cinnteacht agus atá ag teacht lena réamhchlaonta fhéin faoi ábhar, seachas alt a léiríonn go bhfuil castacht agus éiginnteacht ag baint leis an scéal.   Ach is annamh a ndéantar scagadh tomhaiste ar an bhfianaise a thacaíonn le téis áirithe agus ar an bhfianaise a bhréagnaíonn é. Tosaíonn iriseoirí uaireanta le freagra na ceiste agus ansin téann siad ag lorg na fianaise chun é a chruthú (nó níos measa, ag lorg fianaise chun téis nó réamhchlaonadh áirithe a chruthú).[4]

Iriseoirí a maraíodh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is obair chontúirteach í amanna.[5] Mar shampla sna 1990idí, bhí Veronica Guerin ag obair mar iriseoir imscrúdaitheach. Ach rinne mangairí drugaí slad uirthi sa bhliain 1996.

  • 'Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?', clár de chuid Raidió na Life, 2011.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Breandán Delap : Scéal Scéil, Rúndiamhra na Meán (Cois Life)
  • Breandán Delap : Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal (Cois Life)[2]
  • Antain Mac Lochlainn : In Ord is in Eagar (Cois Life)
  • Antain Mac Lochlainn : Cruinneas (Cois Life)
  • Philip Cummings (Eag.): Ár Nuachtán laethúil: Fiche Bliain De Lá (Coiscéim)
  • "An tIriseoir Fánach: Comhairle d'ógánaigh", Sarah de Búrca, 12 Meán Fómhair 2016[7]
  1. Cúla4 (Iúil 2020). "iriseoireacht le Méabh Ní Thuathaláin ó @tuairiscnuacht". Twitter. Dáta rochtana: 2022-05-17.
  2. 1 2 Breandán Delap (2012). "Ar an taifead (Cois Life)". Dáta rochtana: 2022-04-22.
  3. gaa.ie / CUAILLE (NOLLAIG 2022). "Buaic-Ghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge bronnta ar Mhártan Ó Ciardha".
  4. Fachtna Ó Drisceoil (14 Aibreán 2023). "An cogadh san Úcráin agus ceist chigilteach na bhfoinsí eolais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  5. "Reporters without Borders | RSF" (en). rsf.org. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  6. Raidió na Life (2011). "Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?". Dáta rochtana: 2024.
  7. "An tIriseoir Fánach: Comhairle d'ógánaigh < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-05-12.