Veronica Guerin
Veronica Guerin | |
---|---|
![]() Dealbh de Veronica Guerin | |
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Iúil 5, 1958 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | M7, Meitheamh 26, 1996 |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | dúnmharú |
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | cuntasóir, iriseoir, scríbhneoir agus imreoir sacair |
Ionad nó speisialtacht | ionsaitheoir |
Duais |
liosta iomláin
|
IMDb | nm0345944 |
B'iriseoir Éireannach í Veronica Guerin (5 Iúil, 1958 - 26 Meitheamh, 1996). Scaoileadh í i luíochán ar thaobh an bhóthair, ar dhébhealach Nás na Rí. Mangairí drugaí a rinne an slad sa bhliain 1996.[1]
Bhí Guerin ag scríobh faoi choirpigh éagsúla a bhí gníomhach i mBaile Átha Cliath don nuachtán Sunday Independent. Bhí na tuairiscí seo ceannródaíoch, pearsanta agus thar a bheith léargasach. ‘Citizen Journalist’ á baisteadh uirthi le meas agus gean.
Cé gur bhain sí úsáid as leasainmneacha ina cuid iriseoireachta, thosaigh sí ag fáil bagairtí mar gheall ar an obair a bhí á dhéanamh aici.
Lámhachadh í don chéad uair agus í sa bhaile ar an 30 Eanáir, 1995.
Maraíodh Guerin an bhliain ina dhiaidh sin, agus í ina suí ina hOpel Calibra ag na soilse tráchta ar Mótarbhealach Nás na Rí, cúpla míle amuigh ón gcathair. Ba bheirt fhear a bhí ag taisteal ar ghluaisrothair a rinne an t-ionsaí, sular theith siad go tapaidh ón láthair. D'éag Guerin ar an toirt.
Bhain an dúnmharú brúidiúil sin creathadh, ní hamháin as iomairí na hiriseoireachta, na polaitíochta agus na coiriúlachta, ach as muintir na hÉireann ar fad. ‘Má táid sásta iriseoir a mharú, táid oiriúnach ar dhuine ar bith a mharú’ tuairim coitianta na tréimhse.[2] "Ionsaí ar an nDaonlathas" a bhí ann, mar a dúirt Taoiseach an lae Seán de Briotún faoin eachtra.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Tugann an clár cumasach, corraitheach "Veronica Guerin: A Legacy, RTÉ (2016) cuntas ar shaol agus ar shaothar Veronica.
- ↑ "‘Clár corraitheach, cumasach faoi ‘Citizen journalist’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-06-26.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |