Lyra McKee
Lyra McKee | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomláin | Lyra Catherine McKee |
Eolas breithe | Béal Feirste, Márta 31, 1990 |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Áit cónaithe |
Béal Feirste Doire |
Céad teanga | An Béarla |
Bás | Doire, Aibreán 18, 2019 |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | dúnmharú (tráma balaistíoch) |
Education | |
Alma mater |
Birmingham City University ![]() ![]() ![]() |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir aistí agus scríbhneoir |
Saothar iomráiteach |
Angels with Blue Faces ![]() The Lost Boys ![]() |
Duais |
liosta iomláin
|
IMDb | nm8461421 |
Iriseoir agus údar Éireannach ab ea Lyra Catherine McKee (31 Márta 1990 – 18 Aibreán 2019).
Ba as ceantar na Seanpháirce i dtuaisceart Bhéal Feirste di. D’fhág sí Ollscoil na Ríona le tabhairt faoin iriseoireacht. Bhí céim mháistir aici in iriseoireacht ar líne ó Birmingham City University.
Clár ábhair
Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'oibrigh McKee do Mediagazer mar thuairisceoir agus eagarthóir. Scríobh sí píosaí tábhachtacha faoina saol mar bhean óg aerach; faoin mbulaíocht a rinneadh uirthi ina hóige; agus faoi mar a d’fhógair sí don saol mór go raibh sí aerach.[1]
Ar cheann de na píosaí móra a scríobh McKee, bhí píosa faoi ghlúin daoine óga sa Tuaisceart, a tháinig ar an saol tar éis na dTrioblóidí, a bheith ag cur lámh ina mbás féin.
Scríobh McKee leabhar neamhfhicsin, Angels With Blue Faces, faoi dhúnmharú an fheisire Aontachtaigh, an tUrramach Robert Bradford.
Scríobh McKee leabhar eile, The Lost Boys, ag na foilsitheoirí Faber & Faber.[2]
Dúnmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]
Scaoileadh í sa Chreagán i nDoire agus í i mbun oibre le linn círéibe ann. Tugadh í go dtí an t-ospidéal in Alt na nGealbhán ach fuair sí bás.
Bhásaigh an t-iriseoir tar éis d’fhear gunna a raibh masc air urchair a scaoileadh le póilíní sa Chreagán. Dúirt an PSNI gurb é an grúpa easaontóirí poblachtánacha an "IRA nua" ba chionsiocair le bás McKee.
Fágadh McKee a páirtí, Sara Canning, ina diaidh.[3] D’aistrigh McKee go Doire le go mbeadh siad le chéile agus lena gcat, Marie.
Dúirt an Taoiseach gur iriseoir agus gníomhaí a bhí inti a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine, a d’athraigh saol daoine nuair a bhí sí ina beatha agus a athróidh saol daoine chomh maith lena bás.[4]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Iriseoir den scoth a bhí tiomanta dá pobal a bhí i mo chara Lyra McKee" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-22.
- ↑ "Faber signs two from 'rising star' Lyra McKee | The Bookseller". www.thebookseller.com. Dáta rochtana: 2019-04-22.
- ↑ "Lyra McKee: Murdered journalist's 'dreams snuffed out'".
- ↑ "Marú Lyra McKee á chásamh lena muintir" (in ga) (2019-04-19).
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |