Aontachtóirí na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach an Aontais

Is é is brí leis an Aontachtóir i gcomhthéacs na hÉireann ná duine a léiríonn tacaíocht d'aontacht na hÉireann agus na Breataine Móire mar aon slánaonad bunreachtúil amháin. Is é Acht na hAontachta ón mbliain 1800 príomhcháipéis na hAontachtóireachta, nó b'é an t-acht sin a chuir deireadh le hÉirinn mar stát ar leith a raibh parlaimint dá chuid féin aige. Nuair a thosaigh na hÉireannaigh ag cur ar son an Rialtas Dúchais sa naoú haois déag, tháinig na téarmaí Béarla Unionism agus Unionist sa ghnáthúsáid.

Maidir leis an téarmaíocht sa Ghaeilge, is é an leagan a mholann foclóir Uí DhónaillAontachtaí, agus d'fhéadfá AontachtaíochtAontachtachas a úsáid le Unionism a aistriú. Dealraíonn sé, áfach, gurb é Aontachtóir an leagan is coitianta i bhfíor-úsáid na teanga, agus mar sin, is iad Aontachtóir agus Aontachtóireacht na leaganacha a bheidh le léamh san alt seo.

In Éirinn sa lá atá inniu ann, is é an chéad rud a ritheann leis na daoine agus iad ag cloisteáil an fhocail sin "Aontachtóir" ná Protastúnaigh Thuaisceart Éireann. Cé nach bhfuil gach Caitliceach ó thuaidh ina Náisiúnaí ná gach Protastúnach ina Aontachtóir, is féidir seasamh polaitiúil an chuid is mó de mhuintir an Tuaiscirt a thuar de réir an dreama eitnireiligiúnda. Nuair a bunaíodh an stáitín Tuaisceartach i ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann sa bhliain 1920, b'iad na hAontachtóirí a chuaigh i gceann air, nó fuair siad tromlach láidir i bparlaimint nua an stáit, an Stormont. Chuaigh siad i dtuilleamaí chlaonroinnt na dtoghlach agus bhain siad úsáid as cleasanna cosúla a raibh blas an fhrithdhaonlathais agus na héagóra orthu, dar leis na Caitlicigh, a fuair iad féin curtha ar imeall na sochaí agus i bhfad ón gcumhacht. B'e an míniú a thug na hAontachtóirí ar na cleasanna seo ná go raibh an stát féin cruthaithe le hiad siúd a shásamh a bhí fonnmhar an Aontacht a choinneáil, is é sin, na Protastúnaigh thar aon dream eile - stát agus parlaimint Phrotastúnach a bhí ann don mhuintir Phrotastúnach, mar a mhaígh na hAontachtóirí. Ó theastaigh ó na Caitlicigh an Tuaisceart a aontú leis an gcuid eile d'oileán na hÉireann, a réasúnaigh na hAontachtóirí, ní raibh cumhacht ar bith ag dul dóibh ó cheart sa stáitín a bhí siad ag iarraidh a chur de dhroim an tsaoil.

An Dúchas Briotanach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is é an dúchas Briotanach lárphointe na hAontachtóireachta in Éirinn. Creideann an tAontachtóir i bprionsabail na Réabhlóide Glórmhaire sa bhliain 1866, mar a cheiliúrann an tOrd Oráisteach ar a gcuid mórshiúlta iad, agus léiríonn an tAontachtóir urraim do Choróin na Breataine Móire, ós dóigh leis gurb í an Choróin is mó a sheasann do na prionsabail sin. Is é dearcadh na Náisiúnaithe in Éirinn ná gur chóir scarúint a lorg ón mBreatain Mhór, is é dianbharúil na nAontachtóirí gur cheart an nasc leis an mBreatain Mhór a dhaingniú agus a bhuanú, agus is cúis bhróid dóibh gur Briotanaigh iad agus gurb iad siombailí an Bhriotanachais a siombailí féin. Ina dhiaidh sin féin, is féidir leis na hAontachtóirí a cheapadh agus a rá gur Éireannaigh iad freisin.

Siombailí tábhachtacha don Aontachtóireacht is ea an Bhanríon, teaghlach ríoga na Breataine Móire go léir, bratach na hAontachta agus parlaimint na Breataine Móire. Sna ceantair Aontachtacha i dTuaisceart Éireann, bíonn muintir na háite ag cur na siombailí seo ar taispeántas go hoscailte lena ndílseacht do dhúchas a bpobail a léiriú.

An Aontachtóireacht ar fud na hÉireann[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa naoú haois déag agus i dtús na fichiú haoise, bhí lucht leanúna na hAontachtóireachta flúirseach ar fud oileán na hÉireann. Chomh déanach leis an mbliain 1859, b'é Páirtí Coiméadach Aontachtach na hÉireann (Unionist Irish Conservative Party) an páirtí polaitiúil ba mhó san oileán, agus é ag gnóthú ní ba mhó suíocháin sa Pharlaimint ná Páirtí Liobrálach na hÉireann nó aon cheann de na Páirtithe Náisiúnaíocha éagsúla. Nuair a tháinig na fichidí san fhichiú haois, áfach, ní raibh an Aontachtóireacht ag dul ach leis na contaetha in Ultaibh ar chuir an mhuintir isteach fúthu iontu le linn Phlandáil Uladh. Sa bhliain 1920, rith Parlaimint na Ríochta Aontaithe an tAcht um Rialtas na hÉireann a rinne dhá cheantar saindlínse den oileán. Fágadh ceann acu seo, mar atá, Tuaisceart Éireann, faoi svae Pháirtí Aontachtach Uladh. Sa chuid eile den oileán, mar atá, Saorstát Éireann, chuaigh an Aontachtóireacht i laghad, nó is iomaí iar-Aontachtóir a chuaigh le ceann de na páirtithe measartha Náisiúnaíocha, ar nós Chumann na nGaedheal. Inniu, ní fhanann ach dornán beag Aontachtóirí i bPoblacht na hÉireann, agus an chuid is mó de na daoine ag dearcadh ar an Aontachtóireacht mar fheiniméan nach bhfuil le fáil ach amháin sa Tuaisceart.

An Creideamh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Inniu, is é an meas a bhíonn ag na daoine ar an Aontachtóireacht gur leis na Protastúnaigh is mó a bhaineann sí, agus an Náisiúnachas ag dul leis an gCaitliceachas. Níl an scéal chomh simplí sin, áfach. Bhí ceannairí Protastúnacha ag na Náisiúnaithe Éireannacha go háirithe sa naoú haois déag, cosúil le Henry Grattan, Theobald Wolfe Tone agus Charles Stewart Parnell. Cé gurbh iomaí Caitliceach a chaith vóta ar son na nAontachtóirí sna toghcháin, b'iad na Protastúnaigh a bhí i gceannas ar na páirtithe polaitiúla Aontachtaíocha. Mar sin, thosaigh na Náisiúnaithe ag milleánú na nAontachtóirí faoi sheicteachas, go háirithe sna blianta 1921-1972, nuair a bhí na hAontachtóirí áitiúla ag stiúradh Thuaisceart Éireann - thar an tréimhse seo ar fad, ní raibh ach aon Chaitliceach amháin ina Aire Rialtais sa Tuaisceart. D'fhruiligh an Príomh-Aire Brian Faulkner, polaiteoir de chuid Pháirtí Aontachtach Uladh, an Caitliceach áirithe seo - an Dochtúir G. B. News - d'aonturas le feabhas a chur ar an gcaidreamh trasphobail. An caibinéad a raibh an Dochtúir News ina bhall de, b'é an rialtas deireanach é sular chuir Londain féinrialtas an Tuaiscirt ar fionraí. Is é an tátal a bhain David Trimble, ceannaire na nAontachtóirí Ultacha, as an scéal gur "fuar an fháilte a fuair na Caitlicigh rompu i dteach an Tuaiscirt" (a cold house for Catholics), nuair a bhí sé tar éis Duais Nobel na Síochána a ghnóthú as ucht na n-iarrachtaí a rinne sé leis an tsíocháin a chur ar bun.

Aontachtóirí nó Dílseoirí?[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is minic nach n-aithníonn na meáin chumarsáide na h-"Aontachtóirí" agus na "Dílseoirí" thar a chéile. Mar sin féin, bíonn sé níos coitianta an téarma úd "Dílseoir" a úsáid le tagairt a dhéanamh do lucht antoisceachais atá sásta droichead a dhéanamh den dlí is den cheart leis an status quo a choinneáil i bhfeidhm sa Tuaisceart nó a bhfuil a ndearcadh ar na cúrsaí neamhghéilliúlach as an ngnáth. An chuid is mó de na hAontachtóirí, ní thabharfaidís "Dílseoirí" orthu féin. Go bunúsach, cuimsíonn an téarma "Aontachtóir" gach duine a dteastaíonn uaidh an Ríocht Aontaithe, agus an chuma atá uirthi inniu, a choinneáil aontaithe. Mar sin, is féidir an dá chiall a bhaint as an bhfocal "dílseoir": dílseacht don Aontacht, nó dílseacht do Choróin na Breataine Móire.

Ar an taobh eile den chlaí, is gnách Poblachtánaigh a thabhairt ar an gcuid sin de na Náisiúnaithe a bhíodh sásta, sna laethanta a bhí, dul i muinín na láimhe láidre le hathaontú na hÉireann a bhaint amach, nó a bhfuil luiteamas acu leis an ngleic armtha i gcónaí.

Nuair a chuaigh na Poblachtánaigh i dtuilleamaí an fhoréigin, b'é stáitín an Tuaiscirt agus a chuid fórsaí slándála a bhí thíos leis, an chuid ba mhó den am, cé go ndearnadh ionsaithe ar an stát Deisceartach (an Saorstát, nó an Phoblacht) chomh maith, ó am go ham, nó bhí go leor Poblachtánaigh den tuairim nach raibh an stát Deisceartach puinn ní ba dlisteanaí ná an stáitín Tuaisceartach. Bhí an naimhdeas seo bunaithe ar an scoilt a tháinig ar na Náisiúnaithe Éireannacha le linn Chogadh Cathartha na hÉireann. An téarma úd Náisiúnaí, arís, tagraíonn sé dóibh siúd nár chrom riamh ar an ngleic armtha leis an gCríochdheighilt a chur ar ceal. Sa chiall seo, is Náisiúnaithe iad siúd a thacaigh le polasaithe bunreachtúla na bpáirtithe measartha Caitliceacha, cosúil leis an SDLP.

Stair na hAontachtóireachta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ceist an Rialtas Dúchais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1800, rinneadh aon stát amháin d'Éirinn agus den Bhreatain Mhór, nuair a reachtaíodh Acht na hAontachta. Iad siúd a dtugadh Aontachtóirí orthu féin roimh an mbliain 1912, b'iadsan an dream a bhí sásta leis an Acht áirithe seo, agus iad ag déanamh a ndíchill leis an Acht a choinneáil i bhfeidhm. B'iad lucht leanúna an Rialtas Dúchais naimhde na nAontachtóirí seo. Is é an rud a bhí ag teastáil ó lucht an Rialtas Dúchais ná parlaimint fhéinrialaitheach a chur ar bun d'Éirinn. Níor thaitin an smaoineamh sin leis na hAontachtóirí, nó bhí eagla orthu go bhfágfaí na Protastúnaigh faoi leatrom in Éirinn, dá mbeadh an tír á rialú ag parlaimint áitiúil a bheadh ag cur thar maoil le Caitlicigh agus Náisiúnaithe, agus go n-iompódh a leithéid de pharlaimint an t-oileán ina phoblacht neamhspleách sa deireadh thiar thall.

Charles Stewart Parnell

B'é an Rialtas Dúchais - an pharlaimint fhéinrialaitheach gan neamhspleáchas iomlán - an polasaí a bhí ag ceannairí Náisiúnaíocha cosúil le hIsaac Butt, William Shaw, Charles Stewart Parnell, Seán Réamann, agus Seán Diolún. Nuair a tháinig Páirtí na Náisiúnaithe - ar a dtugtaí freisin Conradh an Rialtas Dúchais nó Páirtí Parlaiminteach na hÉireann - ar an bhfód, rinne sé a chuid féin den Rialtas Dúchais mar chuspóir polaitiúil. B'iad na Náisiúnaithe a fuair an chuid ba mhó de na suíocháin i ngach olltoghchán in Éirinn ó na 1870idí anuas go dtí an bhliain 1914.

Uaisle ba mhó a bhí ina nAontachtóirí taobh amuigh de Chúige Uladh - is é sin, na scothaicmí a bhí ag rialú na tíre agus a raibh tailte móra acu. In oirthuaisceart na tíre, áfach, bhí an lucht oibre féin ag tacú leis an Aontacht. Is gnách cúiseanna eacnamaíochta a lua leis an aimhrialtacht seo, nó murab ionann agus an chuid eile den tír, chuaigh an tOirthuaisceart tríd an Réabhlóid Thionsclaíoch, rud a d'fhág ní ba chosúla le Sasana ná le hÉirinn é ó thaobh an gheilleagair de.

Cuireadh ceithre bhille éagsúla faoi bhráid na parlaiminte i Westminster leis an Rialtas Dúchais a bhaint amach d'Éirinn. Níor tháinig an Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1886 trí Theach na dTeachtaí riamh, ach rinne sé ciolar chiot de rialtas an Pháirtí Liobrálaigh, nuair a thréig na Fuigithe agus na Radacaigh an Páirtí Liobrálach leis an bPáirtí Liobrálach Aontachtaíoch a chur ar bun. Sa deireadh, chuaigh an páirtí seo agus an sean-Pháirtí Coimeádach le chéile, agus fáisceadh an Páirtí Coimeádach Aontachtaíoch astu - sin é an t-ainm atá ar pháirtí coimeádach na Ríochta Aontaithe inniu féin, go hoifigiúil.

Ritheadh an Bille nua um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1893. An turas seo, tháinig sé trí Theach na dTeachtaí, ach ansin, chuir na Tiarnaí cosc leis, nó bhí an Páirtí Coimeádach i bhfad ní ba láidre i measc na dTiarnaí ná i measc na bhFeisirí. Sa bhliain 1914, áfach, chuaigh an tAcht um Rialtas Dúchais na hÉireann ar leabhar na ndlíthe, ó bhí cumhacht lánchoisc na dTiarnaí maolaithe go mór le hAcht na Parlaiminte sa bhliain 1911. Cé go raibh an Rialtas Dúchais ar an leabhar, níor cuireadh i bhfeidhm é riamh, nó níor cheadaigh an Chéad Chogadh Domhanda é. Sa deireadh thiar thall, reachtaíodh Acht nua um Rialtas na hÉireann sa bhliain 1920. B'é an tAcht seo ba chúis le críochdheighilt na hÉireann, nó d'fhoráil sé go mbeadh dhá stát fhéinrialaitheacha ann in áit aon cheann amháin, mar atá, Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann, na hAontachtóirí ina dtromlach thuaidh, agus na Náisiúnaithe theas. Bhí an chríochdheighilt seo leagtha amach i mBille na bliana 1914 féin, mar fhuascailt "shealadach", ach ní raibh sé curtha i bhfoclaibh, cé chomh fada is a mhairfeadh an stádas "sealadach" seo. Mar a thiontaigh an scéal amach, níor tháinig ach Tuaisceart Éireann ar an bhfód, ó bhunaigh na hÉireannaigh a Saorstát féin san áit a raibh an stát Deisceart ceaptha a bheith suite.

Sior Edward Carson


Is iomaí cúis a bhí ag na hAontachtóirí le bheith drochamhrasach i leith an Rialtas Dúchais. Iad siúd a bhí ina nAontachtóirí i gCúige Mumhan, i gCúige Laighean, nó i gCúige Chonnacht, ba tiarnaí talún iad a raibh eagla orthu go ngearrfadh parlaimint na Náisiúnaithe cánacha móra orthu. B'eagal le cuid acu freisin go dtapódh na Caitlicigh an deis anois le Péindlíthe dá gcuid féin a imirt ar na Protastúnaigh, cosúil leis na Péindlíthe a bhí i bhfeidhm leis na Caitlicigh a choinneáil faoi smacht, lá den saol. Cuid eile, bhí siad chomh doirte don Choróin agus don Ríocht Aontaithe is go raibh drogall orthu roimh aon athrú a thiocfadh ar stádas bunreachtúil na hÉireann. Ní hionann an méid sin, áfach, agus a rá gur Aontachtóir ab ea gach Protastúnach san am, nó nach raibh ach uaisle ag tacú leis an Aontacht.

Bhí Aontachtóirí le fáil i measc an lucht oibre agus na meánaicmí chomh maith, agus d'fhéadfá teacht ar an gcorr-Chaitliceach a bhí tar éis a chuid féin a dhéanamh de dhearcadh polaitiúil na n-uasal. Ón taobh eile de, bhí a lán Protastúnach - daoine cosúil le Charles Stewart Parnell - ag taobhú leis an Rialtas Dúchais. Cúrsaí eacnamaíochta ba mhó a bhí ag déanamh scime d'Aontachtóirí áirithe i gCúige Uladh. Bhí siad barúlach, dá mbeadh parlaimint Náisiúnaíoch i mBaile Átha Cliath ag rialú na tíre, go mbeadh an chuid ba mhó d'Fheisirí na parlaiminte sin dall ar fad ar shainriachtanaisí na tionsclaíochta, ós rud é gurbh í an talmhaíocht an tslí bheatha ba tábhachtaí sa chuid eile den oileán.

Cé gurbh é Cúige Uladh dúshraith na hAontachtóireachta roimh an mbliain 1920 féin, b'as an gcuid eile d'Éirinn a tháinig ceannairí an Pháirtí Aontachtaích sa tréimhse sin féin. B'é Sior Edward Carson, an dlíodóir ó Bhaile Átha Cliath, an ceannaire ba thábhachtaí san am sin. Ní hamháin go raibh sé ag cur in aghaidh an Rialtas Dúchais, thairis sin theastaigh uaidh gach iarraidh chun críochdheighilt a chur i bhfeidhm ar Éirinn a stopadh.

Sa bhliain 1911, baineadh cuid mhór dá chumhacht de Theach na dTiarnaí, agus tháinig an chuma ar na cúrsaí nach raibh an Rialtas Dúchais inseachanta a thuilleadh. Ansin, chuir na hAontachtóirí, go háirithe na hAontachtóirí Ultacha, feachtas ar obair in aghaidh an Rialtas Dúchais - "rialtas na Róimhe", mar a deiridís féin (Home Rule is Rome Rule). Bhí siad, fiú, ag bagairt go gcuirfidís ar bun rialtas sealadach dá gcuid féin do Chúige Uladh dá dtiocfadh an Rialtas Dúchais ar an bhfód. Bhunaigh siad mílíste - Óglaigh Uladh - agus d'iompórtáil siad 25,000 raidhfil ó Impireacht na Gearmáine le cath a chur in aghaidh an Rialtas Dúchais agus ar son a rialtais shealadaigh féin, mura mbeadh aon bhealach éalaithe eile ann.

I lár na bliana 1914, bhí 90,000 fear earcaithe san fhórsa. Ó na 1880idí go dtí an bhliain 1914, bhí polaiteoirí móra Coimeádacha ag tacú leis na hAontachtóirí, go háirithe an Tiarna Randolph Churchill agus Andrew Bonar Law, a bhí lena sheal a chaitheamh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain Mhór an lá ab fhaide anonn. Chualathas sluaghairmeanna cosúil le Cuirfidh Ulaidh cath agus beidh an lá ag Ultaibh, agus iad ag tabhairt le fios go raibh na hAontachtóirí meáite ar an Rialtas Dúchais a throid, beag beann ar an deachú.

Tuaisceart Éireann[athraigh | athraigh vicithéacs]

Contaetha an Tuaiscirt: Doire, Aontroim, an Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Ard Mhacha

Sa bhliain 1920, bunaíodh stáitín Thuaisceart Éireann, a raibh formhór a mhuintire ina nAontachtóirí, de réir mar a d'fhoráil an tAcht um Rialtas na hÉireann. Bhí sé ceaptha stát féinrialaitheach eile, Deisceart Éireann, a chruthú sa chuid eile den oileán, ach san am seo, bhí na hÉireannaigh Chaitliceacha tar éis droim láimhe a thabhairt leis an Rialtas Dúchais mar aidhm pholaitiúil san am seo, agus iad ag éileamh stát neamhspleách dá gcuid féin. Sa deireadh thiar, tháinig Saorstát Éireann ar an bhfód sa Deisceart. Ní raibh na hAontachtóirí ina dtromlach, go beacht barainneach, ach i gceithre chontae, mar atá, Aontroim, Doire, an Dún agus Ard Mhacha, ach mar sin féin, choinnigh siad seilbh ar Fhear Manach agus ar Thír Eoghain chomh maith.

Ó tharla go raibh na contaetha fairsinge seo an-ghann i ndaonra i gcomparáid leis an gceithre chontae eile, bharúil na hAontachtóirí gurbh fhiú an beagán Caitlicigh bhreise a ligean isteach, agus na tailte móra sin ag dul leo. Mar sin féin, fágadh trí chontae eile Chúige Uladh, mar atá, Dún na nGall, Muineachán, agus an Cabhán, taobh amuigh de stáitín an Tuaiscirt agus den Ríocht Aontaithe féin. Na hAontachtóirí a raibh cónaí orthu sna contaetha seo, ba mhór an drochbhuille dóibh é. D'fhéach siad le háitiú ar a gcomh-Aontachtóirí an teorainn a athrú, ach ní raibh gar ann. Cuid mhaith acu, chuaigh siad sna B-Speisialaigh le cuidiú leis an stát nua, cé gur fhan siad féin ina gcónaí sa Saorstát.

D'áitigh Edward Carson ar James Craig, an chéad Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann, féachaint chuige go bhfaighfeadh na Caitlicigh thuaidh cothrom na Féinne ó rialtas an stáit nua, ionas nach gcuirfidís síocháin na sochaí ó mhaith. Ní mar sin a d'iompaigh na cúrsaí amach, áfach. Bhí leatrom á imirt ar na Caitlicigh, cé gur ábhar conspóide é i gcónaí, cé chomh coitianta a bhí sé i ndáiríre. Bhí Basil Brooke, arbh é an tríú Príomh-Aire ar an Tuaisceart é, drochamhrasach i leith an phobail Chaitlicigh, ó mharaigh na Poblachtánaigh col ceathair leis, agus iad ag bagairt go gairid ina dhiaidh sin go bhfuadóidís a mhac. Dúirt Brooke go hoscailte nár chóir do na fostóirí Protastúnacha jabanna a thabhairt ach don lucht oibre Protastúnach. Rinneadh claonroinnt ar na toghlaigh agus ar na dáilcheantair freisin lena chinntiú go bhfaighfeadh na hAontachtóirí a gcuid iarrthóirí isteach fiú in áiteanna a raibh pobail mhóra Chaitliceacha iontu. Ón taobh eile de, bhí an bochtanas coitianta go leor i measc na bProtastúnach féin, agus nuair a d'ionsaigh buamadóirí na Gearmáine Béal Feirste sa bhliain 1941, tháinig sé chun solais le linn na n-oibreacha réitithe ná go raibh lucht oibre an dá phobal go mór mór faoi leatrom.

Dúirt David Trimble, a bhain amach Duais Nobel na Síochána, gur "fuar an fháilte a bhí roimh an gCaitliceach i dteach an Tuaiscirt" an chuid ba mhó den fhichiú haois, agus é ag maíomh gur ceann de chuspóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta ab ea athrú cuma a chur ar na cúrsaí seo. Is iomaí Aontachtóir, áfach - go háirithe na hAontachtóirí Daonlathacha - a deir nach raibh leatrom á imirt ar na Caitlicigh ach go hócáidiúil, agus gur fhág trioblóidí na heacnamaíochta an dá phobal i ndrocháit.

Na Trioblóidí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Múrmhaisiú i mBéal Feirste
Príomhalt: Na Trioblóidí

Sna 1960idí, chrom Terence O'Neill, Príomh-Aire nua an Tuaiscirt, ar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le sochaí a chur ar bun a thabharfadh cearta do na Caitlicigh féin. Ní raibh na hAontachtóirí go léir sásta leis na polasaithe seo, áfach, agus chuaigh siad chun cogaidh ar O'Neill faoi cheannas Ian Paisley, seanmóirí bunúsaíoch a chuaigh le polaitíocht. Bhí an dá phobal ag dul in adharca a chéile, agus an caidreamh trasphobail ag dul chun donais. Chuaigh na Náisiúnaithe amach sna sráideanna le cothrom na Féinne a éileamh faoi bhratach Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta.

Dá thoradh sin, bhí scliúchais bhrúidiúla i nDoire agus i mBéal Feirste sa bhliain 1969. Nuair a thit an tóin as an dlí agus as an tsíocháin i dTuaisceart Éireann, cuireadh trúpaí Briotanacha ar garastún i dTuaisceart Éireann le síocháin a chur ar bun arís. Ní raibh na trúpaí ábalta neodracht a choinneáil idir an dá thine Bhealtaine, agus tarraingíodh rialtas Londan go domhain isteach in abar an Tuaiscirt nuair a thosaigh an tIRA ag cur catha ar na saighdiúirí. Sa deireadh thiar thall, mharaigh na paratrúipéirí Briotanacha triúr Caitliceach déag ar Dhomhnach na Fola i nDoire ar an tríochadú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1972. Dhá mhí ina dhiaidh sin, cuireadh rialtas na nAontachtóirí ar an Stormont ar ceal, agus chuaigh rialtas Londan go díreach i gceannas ar an stáitín.

Sa bhliain 1974, shínigh an lucht measartha ar an dá thaobh Comhaontú Sunningdale, a bhí ceaptha lena gceart a thabhairt do na Caitlicigh i gcúrsaí rialtais an stáitín. Ní rabhthas in ann an comhaontú sin a chur i bhfeidhm riamh, áfach, nó chuaigh lucht oibre Protastúnach Thuaisceart Éireann ar ollstailc faoi bhratach Chomhairle Lucht Oibre Uladh leis an gcomhaontú a stopadh. Ina dhiaidh sin, tháinig pleananna eile chun tosaigh leis an bhféinrialtas a chur ar bun arís sa Tuaisceart, mar atá, an "déabhlóid rollach" (rolling devolution as Béarla). An turas seo, b'iad na Caitlicigh nach raibh sásta comhoibriú a dhéanamh. I ndiaidh fiche éigin bliain de thrioblóidí, d'éirigh leis an lucht measartha ar an dá thaobh sos cogaidh a chur ar bun, agus thosaigh na comhchainteanna arbh é Comhaontú Aoine an Chéasta a dtoradh. Iarracht eile a bhí ann leis an gcumhacht a roinnt idir an dá phobal. Fuair an Comhaontú tacaíocht Pháirtí Aontachtach Uladh, ach ní raibh Aontachtóirí Daonlathacha Ian Paisley sásta leis.

Aontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is féidir leis na hAontachtóirí i dTuaisceart Éireann a ndúchas Briotanach a chur in iúl ar a lán dóigheanna sa ghnáthshaol: is dual don Aontachtóir páipéar nuachta ar leith a léamh, tacaíocht a thabhairt d'fhoireann ar leith lúthchleasaíochta, páirt a ghlacadh i gcultúr áitiúil na nAontachtóirí nó vóta a chaitheamh i bhfách le páirtithe agus le hiarrthóirí Aontachtacha.

Is gnách glacadh leis go bhfuil na Caitlicigh ina Náisiúnaithe agus na Protastúnaigh ina nAontachtóirí, agus is minic nach n-aithnítear an tAontachtóir thar an bProtastúnach sa tráchtaireacht a dhéantar ar chúrsaí polaitíochta an stáitín. Róshimpliúchán atá ann, áfach. Tá baill Chaitliceacha i bPáirtí Aontachtach Uladh, cosúil le Sior John Gorman, a bhí ina fheisire i dtionól an Tuaiscirt sna blianta 1998-2003. Bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle ar an tionól. Maíonn Ian Paisley, seanmóirí bunúsaíoch agus cathaoirleach an Pháirti Aontachtaigh Dhaonlathaigh, go vótálann an corr-Chaitliceach i bhfách leis, ach is follasach nach bhfuil cead isteach ag na Caitlicigh sa pháirtí féin, mar bhaill.

Ian Paisley

Ón taobh eile de, is féidir teacht ar Phrotastúnaigh a bhíonn ag vótáil an SDLP, an páirtí náisiúnaíoch measartha. Bíonn iarrthóirí Protastúnacha ar rollaí an SDLP fosta, ó am go ham, agus vótáladh isteach cúpla acu i rith na mblianta. Na Protastúnaigh atá gníomhach i Sinn Féin, áfach, is as Poblacht na hÉireann don chuid is mó acu.

Is iomaí Caitliceach freisin a chaith seal ar fiannas i bhFórsaí Armtha na Breataine Móire nó sna péas i gConstáblacht Ríoga Uladh, cé go raibh sé de nós ag na sceimhlitheoirí Caitliceacha míle murdar a bhagairt ar a leithéidí. Is léir go raibh meas an fhealltóra acu ar na péas Caitliceacha.

De réir na suirbhéireachta a rinneadh ar dhearcadh na gCaitliceach thar na blianta, tá duine as gach triúr acu ina Aontachtóir ina chroí istigh. Más fíor é, áfach, ní fheictear sa bhosca ballóide é; agus is féidir amhras a chur sna torthaí seo i bhfianaise na dtoghchán deireanach fosta, ós rud é go bhfuil tacaíocht Shinn Féin ag fás.

Is iomaí duine sa Tuaisceart nach bhfuil ina Chaitliceach ná ina Phrotastúnach. Tá na daoine ag éirí níos patuaire i leith an reiligiúin, de réir mar atá an freastal ar an Aifreann nó ar na seirbhísí Protastúnacha ag dul i laghad.

Sa Deisceart, ba leis na meánaicmí agus na huasaicmí ba mhó a shamhlaítí an Aontachtóireacht go traidisiúnta, agus b'í Eaglais na hÉireann eaglais na nAontachtóirí. Sa Tuaisceart, áfach, is é an lucht oibre Preispitéarach crann taca na hAontachtóireachta.

Tá go leor páirtithe polaitiúla ag na hAontachtóirí sa Tuaisceart. Faoi láthair, is iad na hAontachtóirí Daonlathacha an ceann is mó tacaíochta. Is é an tUrramach Ian Paisley cathaoirleach an pháirtí. Ar feadh i bhfad, b'é Páirtí Aontachtach Uladh an príomhpháirtí Aontachtach, agus David Trimble ina chathaoirleach air go dtí an bhliain 2005. I ndiaidh Trimble, b'é Sior Reg Empey a chuaigh i gceannas an pháirtí. Tá an dá pháirtí seo ag gníomhú ar fud an stáitín. Thairis sin, tá lucht a leanúna féin ag an bPáirtí Forásach Aontachtach i dtimpeallacht Bhéal Feirste. Cé go ndearctar ar na hAontachtóirí Forásacha mar eagras polaitiúil na sceimhlitheoirí Protastúnacha ó Fhórsa Óglaigh Uladh, bhí clú na measarthachta agus na ciallmhaireachta ar an bpolaiteoir ba tábhachtaí de chuid an pháirtí, David Ervine, a cailleadh in Eanáir 2007.

Aontachtóirí i Saorstát Éireann agus i bPoblacht na hÉireann[athraigh | athraigh vicithéacs]

I ndiaidh na bliana 1890, agus go háirithe i rith na mblianta ó thús an Chead Chogadh Domhanda go dtí na 1920idí, chuaigh líon na nAontachtóirí i nDeisceart na hÉireann an oiread sin i laghad agus gur imigh an Aontachtóireacht as radharc ar fad sa saol poiblí. Is féidir míniúcháin dhifriúla a thabhairt ar an bhforbairt seo:

1) An Chéad Chogadh Domhanda féin. Níor cuireadh an coinscríobh i bhfeidhm ar Éirinn ach i ndeireadh an chogaidh. Mar sin, iad siúd a chuaigh chun cogaidh agus a fuair bás i machaire an áir, b'Aontachtóirí iad a bhformhór, agus an dóigh a raibh na Náisiúnaithe ag cur in aghaidh na "preasála", mar a thug siad ar an gcoinscríobh.

2) Sceimhlitheoireacht ghlan. Is é seo an míniú is fearr leis na hAontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu, ní nach ionadh. Deirtear go ndearna Óglaigh áirithe de chuid an IRA géarleanúint agus cineghlanadh ar na Protastúnaigh in áiteanna le linn Chogadh na Saoirse agus go gairid ina dhiaidh, thar aon áit eile i gCorcaigh, ó bhí pobal mór de lucht oibre Phrotastúnach ina gcónaí ansin. Cuid mhór de na Protastúnaigh i gCorcaigh, ba deargdhílseoirí dobhogtha iad, agus na Poblachtánaigh áitiúla chomh fanaiceach céanna. Cé gur pobal dlúth ab ea Protastúnaigh Chorcaí, ní raibh na Dílseoirí ansin ábalta an fód a sheasamh ar a son ar feadh i bhfad. Go leor acu, ní bhfuair siad de rogha ach dul ar imirce.

3) Imirce. Níorbh iad Dílseoirí Chorcaí an t-aon dream de na Protastúnaigh a chuaigh idir dhá dtír. Sna blianta roimh Chogadh na Saoirse agus ina dhiaidh, is iomaí Protastúnach a thug aghaidh ar thíortha cosúil le Tuaisceart Éireann, an chuid eile den Ríocht Aontaithe, agus Ceanada.

Dubhghlas de hÍde, Protastúnach agus céad Uachtarán na hÉireann

4) Comhshamhlú. Na Protastúnaigh agus na hAontachtóirí a d'fhan sa Saorstát (agus ina dhiaidh sin, sa Phoblacht), chlóigh siad le sochaí agus le cultúr na hÉireann agus ghabh siad leor, a bheag nó a mhór, leis an gcineál saol a bhí acu in Éirinn neamhspleách. Ghlac siad leis, go prionsabálta, go raibh cúis na nAontachtóirí caillte i nDeisceart na hÉireann. Le linn Chogadh Cathartha na hÉireann, léirigh an chuid ba mhó de na hAontachtóirí tacaíocht do rialtas an tSaorstáit, ó ba dóigh leo gurbh é rogha an dá dhíogha é.

5) Cleamhnais mheasctha. De réir mar a bhí líon na bProtastúnach ag dul i laghad, bhí líon na nAontachtóirí ag titim fosta. Bhí na Protastúnaigh sásta Caitlicigh a phósadh, agus de réir ordú de chuid na hEaglaise Caitlicí, an t-ordú úd Ne Temere, chaithfí sliocht na lánúine measctha a thógáil leis an gcreideamh Caitliceach. Ansin, ní raibh moill ar na páistí luachanna agus nósanna na sochaí máguaird a ghlacadh chucu.

Cuid de na hAontachtóirí fásta féin, ní raibh drogall orthu a síocháin a shocrú le rialtas nua an tSaorstáit faoi cheannas Liam Mhic Chosgair agus Chumann na nGaedheal. Ar an 19 Eanáir 1922, tháinig Aontachtóirí ceannasacha na hÉireann le chéile, agus chinn siad ar thacaíocht iomlán a thabhairt do rialtas an tSaorstáit. Is iomaí duine acu siúd a ceapadh ina Sheanadóir ina dhiaidh sin.

Mar sin féin, ó dheireadh na bhfichidí anuas, is beag fíor-Aontachtóir a bhain amach suíochán in aon cheann de Thithe an Oireachtais. Bhí tromlach ag na hAontachtóirí i gcomhairle buirge Ráth Maonais sna fichidí, ach ansin, cuireadh atheagar ar chóras an rialtais áitiúil, ionas gur scoireadh na comhairlí buirge i mBaile Átha Cliath.

Agus an méid sin ráite, síltear go coitianta nach bhfuil na Protastúnaigh faoi leatrom i bPoblacht na hÉireann inniu ar aon dóigh chórasach. Bhí beirt Phrotastúnach, Dubhghlas de hÍde agus Erskine Hamilton Childers, ina nUachtaráin ar Éirinn, nó ba bhaill d'Eaglais na hÉireann iad. Tá Máire Mhic Róibín, a bhí ar an seachtú hUachtarán ar Éirinn, pósta ar fhear Protastúnach, Nioclás Mac Róibín, ach tógadh a gclann leis an gCaitliceachas.