Erskine Hamilton Childers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Erskine Hamilton Childers
Erskine Childers St Patrick's Cathedral Dublin 2006.jpg
Teachta Dála

Meitheamh 30, 1938 - Bealtaine 26, 1943
Dúiche: Baile Átha Luain–Longfort
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1938
Teachta Dála

Iúil 1, 1943 - Bealtaine 10, 1944
Dúiche: Baile Átha Luain–Longfort
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1943
Teachta Dála

Meitheamh 9, 1944 - Nollaig 11, 1947
Dúiche: Baile Átha Luain–Longfort
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1944
Teachta Dála

Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951
Dúiche: Longfort–Iarmhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1948
Teachta Dála

Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954
Dúiche: Longfort–Iarmhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
Dúiche: Longfort–Iarmhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
Teachta Dála

Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961
Dúiche: Longfort–Iarmhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1957
an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Márta 20, 1957 - Iúil 23, 1959
Joseph Blowick - Micheál Ó Móráin
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Teachta Dála

Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Tánaiste

Iúil 2, 1969 - Márta 14, 1973
Proinsias Mac Aodhagáin - Breandán Mac Fheorais
Teachta Dála

Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1969
An tAire Sláinte

Iúil 2, 1969 - Márta 14, 1973
Seán Flanagan - Breandán Mac Fheorais
Teachta Dála

Márta 14, 1973 - Meitheamh 23, 1973
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1973
4. Uachtarán na hÉireann

Meitheamh 25, 1973 - Samhain 17, 1974
Éamon de Valera - Cearbhall Ó Dálaigh
Saol
Eolas breitheLondain, 11 Nollaig 1905
NáisiúntachtÉire
BásBaile Átha Cliath, 17 Samhain 1974
Áit adhlacthaAn Tóchar
Cúis bháis (stad cairdiach)
Muintir
AthairRobert Erskine Childers
MáthairMolly Childers
Céile/CéilíRuth Ellen Dow (en) Aistrigh  (1925 -
Ruth Ellen Dow (en) Aistrigh  (1925 -  1950)
Rita Childers (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 16, 1952 -  1974)
Páistí
Oideachas
Alma materOllscoil Cambridge
Coláiste na Tríonóide, Cambridge
Gresham's School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil
Erskine H. Childers - Síniú.jpg

Ba é Erskine Hamilton Childers ceathrú hUachtarán na hÉireann (11 Samhain 190517 Samhain 1974).[1] Ba mhac é le Robert Erskine Childers (féach Asgard), scríbhneoir agus náisiúnaí a bhí páirteach sa ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hÉireann. Bhí sé ina aire i gcúig rialtas sular toghadh ina Uachtarán é in 1973. Bhásaigh sé go tobann tar éis dó a bheith aon bhliain agus cúig mhí in oifig.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Londain, Sasana a rugadh Erskine Hamilton Childers. Ach toghadh a a hathair i gCill Mhantáin.

Tar éis dó a bheith ina chónaí i Sasana agus sa bhFrainc, tháinig sé go Baile Átha Cliath in 1931 lena bheith ina Bhainisteoir Fógraíochta don nuachtán nuasheolta Scéala Éireann (Irish Press le De Valera). Idir 1936 agus 1944 bhí sé ina Rúnaí ar Chonaidhm Dhéantúsóirí na hÉireann.

t. 1973-1974

Bhí Childers ina Theachta Dála ó 1938, an bhliain a ndearnadh saoránach Éireannach de, go dtí 1973.

Bhí postanna éagsúla aige sa Dáil i gcomhaireachtaí Fhianna Fáil faoi Eamon de Valera, Seán Lemass agus Jack Lynch (Seán Ó Loingsigh). Idir 1944 agus 1948 bhí sé ina Aire Sóisearach agus idir 1951 agus 1954 agus arís idir 1957 agus 1973, bhí sé ina aire i roinnt ranna rialtais éagsúla i ndiaidh a chéile. Bhí sé ina Thánaiste chomh maith idir 1969 agus 1973.

Phós Erskine Childers Ruth Dow in 1925 agus in aois 20 bliain dó. Tar éis a báis, phós sé Rita Dudley in 1952.

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Childers ina Thánaiste ó 1969 go dtí gur toghadh mar Uachtarán na hÉireann é.

Ar an 25 Meitheamh 1973 insealbhaíodh Childers mar cheathrú Uachtarán na hÉireann. I mí na Bealtaine 1974 thug sé cuairt ar an Bheilg. B'ócáid stairiúil í toisc gurb í an chéad chuairt stáit a thug Uachtaran na hÉireann ar thír Eorpach eile. D'oibrigh sé go dian mar Uachtarán agus fuair sé taom croí go tobann agus é in oifig ar an 17 Samhain 1974. Bhí óráid faoi scíth & íoga á thabhairt aige ag an am i gColáiste Ríoga Lianna, Baile Átha Cliath[2]. Ní raibh ach 69 bliain d’aois slánaithe aige. Ba é an t-aon Uachtarán na hÉireann amháin a fuair bás agus é fós san oifig.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Office of the President of Ireland. "President Erskine Childers" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-11-17.
  2. Irish Times. "Daughter recalls sudden death". Dáta rochtana: 2018.