Robert Erskine Childers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Erskine Childers

Údar agus náisiúnaí Éireannach ab ea Robert Erskine Childers (25 Meitheamh 1870 a rugadh é, 24 Samhain 1922 a fuair sé bás), a thóg lastas de ghunnaí agus armlón i dtír faoi cheilt i mBinn Éadairar an mbád Asgard, chun chur i gcoinne na nÓglach Uladh. Cuireadh chun báis é ag rialtas nua an tSaorstáit le linn Chogadh Cathartha na hÉireann.

Mac an fhir léinn Sasanaigh Robert Caesar Childers a bhí ann, col ceathrar le Hugh Childers agus Robert Barton, agus bhí a mhac Erskine Hamilton Childers ar cheathrú Uachtarán na hÉireann.

Tús a shaoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig Robert Erskine Childers chun saoil i Mayfair Londain, an dara mac a saolaíodh i gclann de bhunadh Angla-Éireannacha. Cailleadh a athair agus é ina bhuachaill sé bliana d'aois agus seoladh na leanaí go léir go áras na mBartons i nGleann Dá Loch in Éirinn. Cothaíodh féiniúlacht Éireannach sa bhuachaill óg agus Gael go smior a bhí ann as seo amach, cé go raibh sé mar chuid den Chinsealacht Phrotastúnach.

Throid sé sa Chogadh Boer, i gCogadh na Saoirse in Éirinn agus i gCogadh Cathartha na hÉireann, cogadh ina maraíodh é. Bhí sé i láthair i Londain i rith plé an Chonartha Angla-Éireannaigh ach bhí sé dian ina choinne agus bhí sé ar thaobh na bhfrith-chonratheoirí sa Chogadh Cathartha. Chuidigh sé i 1914, thóg sé airm chuig Éirinn ina bhád, airm a úsáideadh i rith Éirí Amach na Cásca i 1916. D'ionadaigh sé Éire i gComhdháil Síochána Párais, tar éis an Chéad Chogaidh Domhanda.

Scríbhneoireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Scríobh sé an t-úrscéal The Riddle of the Sands.