Gleann Dá Loch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Gleann Dá Loch
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Glendalough
(ga) Gleann Dá Loch
Sonraí
CineálMainistir, gleann U-chruthach agus abtheach
Lonnaithe i limistéar cosantaPáirc Náisiúnta Sléibhte Chill Mhantáin
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Mhantáin, Éire
Map
 53°00′37″N 6°19′39″W / 53.010277777778°N 6.3275°W / 53.010277777778; -6.3275
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir134
Gníomhaíocht
ReiligiúnCaitliceachas
Bunaitheoir(í)Naomh Caoimhín
Séipéal Naomh Caoimhín, ceann de fhothracha mhainistir Ghleann Dá Loch
Gleann Dá Loch

Suíomh de mhór-mhainistir Éireannach is ea Gleann Dá Loch (Béarla: Glendalough), ar bhunagh Naomh Caoimhín í sa séú haois. Tá sé suite i ngleann aibhne a bhfuil dhá loch inti. Tá cloigtheach iontach, séipéil chloiche agus croiseanna maisithe i measc na bhfothracha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaigh Naomh Caoimhín, a bhí ina dhíthreabhach, an áit mar gheall ar cé chomh iargúlta is a bhí sí ach i ndiaidh a bháis, bhunaigh a chuid manach cathair mhanachúil ann. Lean an chathair ag dul chun treise mar ionad foghlama agus mar ionad d’oilithrigh go dtí an 12ú haois, cé go n-ionsaíodh na dúchasaigh agus na Lochlannaigh í ó am go ham. Tógadh Bealach an Oilithrigh, a théann ó Ghleann Dá Loch go dtí Slí Cualainn, idir an séú agus an deichiú haois. Thosaigh meath ag teacht ar an mainistir sa 13ú haois nuair a tháinig oird de mhanaigh ón mhór-roinn chun cinn ar fud na hÉireann agus nuair a comhaontaíodh deoise Ghleann Dá Loch le deoise Bhaile Átha Cliath. Bhí ceann de na h-ardeaspaig is cáiliúla ar Bhaile Átha Cliath, Lorcán Ua Tuathaill, ina ab ar Ghleann Dá Loch an tráth sin, idir 1153 agus 1162, bliain inár fhág sé an áit chun glacadh le h-ardeaspagóideacht na príomhchathrach. Tháinig deireadh leis an gcathair mhanchúil i 1398 nuair a scrios saighdiúirí í. Tháinig drochbhail ar na foirgnimh a bhí fágtha go luath sna 1600í agus tréigeadh iad, ach ba shuíomh oilithreachta an áit ina dhiaidh sin. Ba leis an deoise píosaí ollmhóra talaimh sa limistéar máguaird go dtí gur díoladh é sna 1830í agus gur tugadh foirgnimh eaglaise manachúil don Stát faoin Irish Church Act i 1869.

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Gleann Dá Loch suite taobh le Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Tá ionad cuairteoirí faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí ann anois le taispeántas spéisiúil agus léiriúchán closamhairc ar stair na háite. Tá an áit i measc na hionaid turasóireachta is mó tarraingthe in Éirinn.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]