Oifig na nOibreacha Poiblí
Oifig na nOibreacha Poiblí | |
![]() Lógó an Chomhlachta | |
Saghas comhlachta | Comhlacht reachtúil |
Bunaithe | 1831 |
Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire |
Tír (Tíortha) | {{{tír}}} |
Daoine lárnacha | An tAire Comhshaoil |
Méid fostaithe | - |
Tionscail | Riarthóir Oibreacha Poiblí agus Cosanta Oidhreachta in Éirinn |
Láithreán gréasáin | http://www.opw.ie |
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ar cheann de na comhlachais stáit is sine in Éirinn. Bunaíodh í i Lúnasa 1831[1], chun maoirseacht náisiúnta a dhéanamh ar oibreacha poiblí, idir shibhialta agus mhíleata, amhail tógáil bóithre agus iarnróid, chomh maith le feabhsú uiscebhealaí. Chuir an Oifig cuid mhaith de na hoibreacha ar siúl le linn an Ghorta Mhóir, chun faoiseamh a chur ar fáil don chosmhuintir.
Ó shin i leith, is é an dualgas is mó atá ar an oifig ná chun aire a thabhairt agus athchóiriú agus cosaint a dhéanamh ar oidhreacht thógtha agus nádúrtha na hÉireann agus ar shéadchomharthaí na hÉireann. Le linn na 1960idí, bhí an Oifig i mbun athchóiriú a dhéanamh ar Chaisleán Chill Chainnigh agus forbairt Pháirc Náisiúnta Chill Airne. Ó shin i leith, tá athchóiriú déanta aici ar leithéidí Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus ar Thithe an Rialtais ag Sráid Mhuirfean.