Lorcán Ua Tuathail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLorcán Ua Tuathail

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1128
Díseart Diarmada Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Samhain 1180
51/52 bliana d'aois
Eu, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Roman Catholic Archbishop of Dublin (en) Aistrigh
Eanáir 1162 –
← Gréne (en) AistrighJohn Comyn →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmeaspag Caitliceach (1162–), sagart Caitliceach, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois
CoisreacanGelasius Ruaidri (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ardú
Lá féile14 Samhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairMuirchertach Ua Tuathail (O'Toole) (en) Aistrigh

Bhí Lorcán Ua Tuathail ina Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath í rith thréimhse na Normannach.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i nDiseart Diarmad, Contae Chill Dara i 1128. Ba é Muirchertach Ua Tuathail a athair agus Eithne Ní Bhroin a mháthair agus tháinig an bheirt acu ón uasaicme Gaelach, a bhain le muintir Uí Dunlainge a bhíodh ina ríthe ar Chúige Laighean.

San aonú aois déag, bhíodar faoi theach Uí Chennsailigh, teaghlach cumhachtach lonnaithe i Loch Garman. Bhí muintir Uí Tuathail ina cónaí i Mullach Maistín, Contae Chill Dara ag an am.

Chuaigh Lorcán mar ghiall do Diarmaid Mac Murchadha i Loch Garman agus aois deich mbliain aige. Chuaigh Diarmaid i gcoinne nósanna na hama agus chuir sé Lorcán i dteach a bhí ró-íseal chun prionsa a glacadh. Ghabh Muirchertach cuid de oifigigh thábhabhtacha Dhiarmuid agus bhagair sé iad a mharú mura lig Diarmuid do Lorcan imeacht saor.

Gleann dá Loch

Gleann dá Loch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seoladh Lorcán chuig Gleann Dá Loch faoi choimirce an aba ansin. Nuair a d'fhill Muirchertach ar Ghleann dá Loch, thóg Lorcán air féin fanacht ansin mar mhanach.

Cheap Muirchertach Lorcán in ab ar Ghleann dá Loch i 1154, nuair nach raibh ach 26 bhliain aige agus nach raibh sé oirnithe ina shagart go fóill.

Cé nach raibh an pobal sásta le sin ar dtús, feictear go raibh buanna faoi leith ag Lorcán agus toghadh é mar Easpag Ghleann dá Loch cúpla bliain dár gcionn, tar éis dó a bheith oirnithe ina shagart. Dhiúltaigh sé an ceapacháin.

Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1162, d'ainmnigh Diarmuid Mac Murchadha (a bhí pósta lena dheirfiúr Mór ag an am) é mar Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath. Ba chathair Lochlannach é Baile Átha Cliath ag an am agus ní raibh muintir na cathrach sásta le manach Gaelach a bheith mar ardeaspag acu ar dtús. Ach tar éis dóibh cráifeacht agus catharnacht an ardeaspaig a fheiceáil, thugadar tacaíocht dó. Thóg sé na Canóinigh Rialta Agaistíneacha isteach in Ard-Eaglais Chríost agus tháinig sé chucu le culaith Agaistíneach air féin chun an portús a canadh in éineacht leo.

I 1166, chuir an tArd Rí Ruaidhrí Ua Conchobhair agus Tighearnán Ua Ruairc, rí Bhréifne, Diarmaid Mac Murchadha as Éireann (sa bhliain 1152, d'fhuadaigh Diarmaid Mac Murchadha bean Uí Ruairc. Dearbhairghilla). Ag an am céanna, d'fhág dheirfiúr Lorcáin Diarmaid agus chuaigh sí i gclochar i mBaile Átha Cliath.

Strongbow, Ard-Eaglais Chríost, BÁC

Teacht na Normannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Diarmaid ar ais le saighdiúirí Angla-Normannach faoi stiúir Risteard FitzGilbert de Clare, 2ú hIarla Penfro (Strongbow), Iarla Phembroke. Ghabh siad ríocht Laighean ar ais do Dhiarmaid. Sa bhliain 1170 ghabhadar Baile Átha Cliath tar éis dóibh an bua a fháil ar an ard rí agus a lucht tacaíochta i gcath. Phós de Clár iníon Dhiarmaid, Aoife (neach Lorcáin) agus mharaíodar rí Lochlannach deireanach ar Bhaile Átha Cliath, Ascall Mac Torcaill.

Tháinig Anraí II Shasana go hÉirinn i 1171. Ina óige fuair Anraí cead ón bPápa Haidriain IV (an t-aon Sasannach ar éirigh leis bheith ina bpápa)ionsaigh a dhéanamh ar Éirinn i mBull Laudabiliter. I 1170, choinnealbhá an Pápa Alaistir III é toisc baint aige i ndúnmharú Thomáis Beicéad. Chuir Anraí na tiarnaí Normannacha faoina smacht agus ghlac sé údarás ar na bprionsaí Éireannacha faoin dteideal Tiarna na hÉireann. Ghlaoigh sé easpaig agus aba na hÉireann le chéile i Sionad Chaisil i 1172. Bhain an chuid is mó de ghnó an Sionaid le dlíthe liotúirgeacha, ach rinne Anraí iarracht Laudabiliter a chuir i bhfeidhm agus cliarlathas na hÉireann a chur faoi réim Chanterbury.

Collégiale Notre-Dame et Saint-Laurent d'Eu

Conradh Windsor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1175, chuaigh sé go Sasana mar thaidhleoir an Ard Rí chun Conradh Windsor a shocrú le Anraí, ina raibh cearta uasaicme Gaelach in Éirinn agus cliarlathas na hÉireann leagtha amach. Ag an am sin, rinneadh iarracht Lorcáin a mharú nuair a bhí an Aifreann á léamh aige. Chuimhnigh daoine ar Thomas Becket. Chuireadh an locht ar Anraí cé nach bhfuil cinnteacht ann go raibh sé freagrach.

I 1179, d'fhreastail Lorcáin ar an Tríú Comhairle Lataránach sa Róimh agus ceapadh é mar Legatus Pápúil in Éirinn. Thóg sé cásanna i gcoinne 150 cléirigh Angla-Normannacha a bhí ceapadh ag an rialtais nua in Éirinn agus briseadh amach as a bpostanna iad. D'fhill sé ar Éireann arís ach d'iarr an ard rí air filleadh ar Anraí le taidhleoireachta breise a dhéanadh.

a chroí curtha in Ard-Eaglais Chríost go dtí an bhliain 2012

Bás agus Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ar Lorcán dul chun na Fraince, ach tháinig tinneas air leathbhealach agus bhí air dul go dtí Mainistir na gCanónach Agaistíneach in Eu ina fuair sé bás i 1180.

Tháinig Gael, Lochlannaigh agus Normannaigh le chéile le cinntiú gur naomh a bhí ann agus rinne an Pápa Honorius III naomh de sa bhliain 1225. Tá a lá féile ar 14 Samhain agus is pátrún é ar Ard-deoise Átha Cliath.

Bhí a chroí curtha in Ard-Eaglais Chríost go dtí an bhliain 2012 .. nuair a goideadh é.

D'éirigh leis na Gardaí an iarsma 800 bliain d'aois a aisghabháil gan damáiste sa bhliain 2018 agus tá sé thár n-ais in Ard-Eaglais Chríost ó shin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]