Pápa
| Sealbhóir | Pápa Leo XIV ó 8 Bealtaine 2025 | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Onórach | A Naofacht | ||||
| Cónaithe | an Pálás Aspalda agus Quirinal Palace (en) | ||||
| Dlínse | an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, Cathair na Vatacáine agus Stáit an Phápa | ||||
| Institiúid | an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, An Suí Naofa, Deoise Chaitliceach na Róimhe agus Roman Catholic Ecclesiastical Province of Rome (en) | ||||
| Stáit | Cathair na Vatacáine | ||||
| Cruthú | 33 | ||||
| Liosta | list of popes (en) | ||||
| Suíomh | vatican.va… | ||||

Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. Is mór í an fhreagracht do cheannaire spioradálta agus polaitiúil a dhéanann tréan iarracht treoir a thabhairt do thréad suas le 1.4 billiún Caitliceach go domhanda.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis.
Sa 20ú haois, Albino Luciani, a thóg an t-ainm Eoin Pól 1, an fear deiridh de bhunadh na hIodáile a ndearnadh Pápa dhe i 1978. 33 lá (26 Lúnasa - 28 Meán Fómhair) a chaith seisean sa Phápacht. Baineadh stangadh as pobal an domhain nuair a fógraíodh a bhás an mhaidin Fómhair sin.[2]
Polannach a tháinig ina dhiaidh, Karol Wojtyła (Eoin Pól 2 1979 - 2005).
Bhí An Gearmánach Josef Ratzinger, nó Beinidict XVI, ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013.
Bhí Jorge Mario Bergoglio ón Airgintin, nó Proinsias, ina Phápa ó 13 Márta 2013 go dtí 21 Aibreán 2025.
Toghchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a fhaigheann an Pápa bás nó nuair a éiríonn Pápa as a phost (mar a tharla don chéad uair riamh in 2013), tionóltar cruinniú de na cairdinéil ar fad; tugtar "comhthionól cairdinéal" ar an gcruinniú seo. Tosaíonn siad le hAifreann i mBaisleac Pheadair, agus ina dhiaidh sin tugann siad aghaidh ar an Séipéal Sistíneach. Téann siad le chéile i gcruinniú rúnda chun comharba ar an bPápa a roghnú. Tá an séipéal cáiliúil a mhaisigh Michaelangelo féin dúnta lena réiteach don chomhthionól rúnda.
Tá na Cairdinéil faoi ghlas go dtí go bhfuil móramh de dhá thrian acu i bhfabhar iarrthóir amháin don Suí Naofa.[3] Tá rialacha diana rúndachta agus deasghnátha daingne ag baint leis an bpróiseas a fheiceann 4 vóta sa lá, péire ar maidin agus péire sa tráthnóna.
Deatach dubh ó shimléir an tSéipéil Shistínigh a insíonn nach bhfuil toradh ar an vóta, deatach bán a fhógraíonn teacht an phápa nua. Tamall níos déanaí, fógraítear Habemus Papam ar bhalcóin Phálás an Phápa i gCearnóg Pheadair. Déanann Rúnaí Stáit na Vatacáine an fógra sollúnta mórchúiseach, meánaoiseach Laidine :
‘Annuntio vobis gaudium magnum. Habemus Papam (Fógraím cúis mhór lúcháire daoibh. Tá Pápa againn’).[4]
Eminentissimum ac Reverendissimum Dominum,
Dominum [ainm baiste] Sanctae Romanae Ecclesiae Cardinalem [Sloinne]
qui sibi nomen imposuit [ainm an Phápa]."
Is scéal mór nuachta domhanda é i gcónaí agus bíonn meáin na cruinne meáite fad is a bhíonn sé seo ar siúl.[5] Is mó fear a chuaigh isteach i dtoghchán an chomhthionóil cairdinéal mar Phápa agus a tháinig amach lena dhá lámh chomh fada le chéile, agus mar Chairdinéil i gcónaí.[2]
Pápaí (1740+)
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Pápacht | Íomhá | Ainm Gaeilge | Nomen pontificale | A Ainm féin | Áit breithe |
|---|---|---|---|---|---|
| 17 Lúnasa 1740 - 3 Márta 1758 | Pápa Beinidict XIV | Papa BENEDICTUS Quartus Decimus | Prospero Lorenzo Lambertini | Bologna, An Iodáil | |
| 6 Iúil 1758 - 2 Feabhra 1769 | Cléimeans XIII | Papa Clemens Tertius Decimus, Episcopus Romanus | Carlo della Torre Rezzonico | Venice, Veneto, An Iodáil | |
| 19 Bealtaine 1769 - 22 Meán Fómhair 1774 | Cléimeans XIV | Papa Clemens Quartus Decimus, Episcopus Romanus | Giovanni Vincenzo Antonio Ganganelli | Sant'Arcangelo di Romagna, An Iodáil | |
| 15 Feabhra 1775 - 29 Lúnasa 1799 | Pius VI | Papa Pius Sextus, Episcopus Romanus | Giovanni Angelo Braschi | Cesena, An Iodáil | |
| 14 Márta 1800 - 20 Lúnasa 1823 | Pius VII | Papa Pius Septimus, Episcopus Romanus | Barnaba Chiaramonti | Cesena, An Iodáil | |
| 28 Meán Fómhair 1823 - 10 Feabhra 1829 | Leo XII | Papa Leo Duodecimus, Episcopus Romanus | Annibale Sermattei della Genga | Fabriano, Mártae, An Iodáil | |
| 31 Márta 1829 - 1 Nollaig 1830 | Pius VIII | Papa Pius Octavus, Episcopus Romanus | Francesco Saverio Castiglioni | Cingoli, Mártae, An Iodáil | |
| 2 Feabhra 1831 - 1 Meitheamh 1846 | Gréagóir XVI | Papa Gregorius Sextus Decimus, Episcopus Romanus | Bartolomeo Alberto Cappellari | Belluno, Veneto, An Iodáil | |
| 16 Meitheamh 1846 - 7 Feabhra 1878 | Pius IX | Papa Pius Nonus, Episcopus Romanus | Giovanni Maria Mastai-Ferretti | Senigallia, Mártae, An Iodáil | |
| 20 Feabhra 1878 - 20 Iúil 1903 | Leo XIII | Papa Leo Tertius Decimus, Episcopus Romanus | Gioacchino Vincenzo Raffaele Luigi Pecci | Carpineto Romano, Latium, An Iodáil | |
| 4 Lúnasa 1903 - 20 Lúnasa 1914 | Pius X | Papa Pius Decimus, Episcopus Romanus | Giuseppe Melchiorre Sarto | Riese, Treviso, Veneto, An Iodáil | |
| 3 Meán Fómhair 1914 - 22 Eanáir 1922 | Beinidict XV | Papa Benedictus Quintus Decimus, Episcopus Romanus | Giacomo Della Chiesa | Genoa, An Iodáil | |
| 6 Feabhra 1922 - 10 Feabhra 1939 | Pius XI | Papa Pius Undecimus, Episcopus Romanus | Achille Ambrogio Damiano Ratti | Desio, Milano, An Iodáil | |
| 2 Márta 1939 - 9 Deireadh Fómhair 1958 | Pius XII | Papa Pius Duodecimus, Episcopus Romanus | Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli | An Róimh, An Iodáil | |
| 28 Deireadh Fómhair 1958 - 3 Meitheamh 1963 | Eoin XXIII | Papa Ioannes Vicesimus Tertius, Episcopus Romanus | Angelo Giuseppe Roncalli | Sotto il Monte, Bergamo, An Iodáil | |
| 21 Meitheamh 1963 - 6 Lúnasa 1978 | Pól VI | Papa Paulus Sextus, Episcopus Romanus | Giovanni Battista Enrico Antonio Maria Montini | Concesio, Brescia, An Iodáil | |
| 26 Lúnasa 1978 - 28 Meán Fómhair 1978 | Eoin Pól I | Papa Ioannes Paulus Primus, Episcopus Romanus | Albino Luciani | Forno di Canale, Veneto, An Iodáil | |
| 16 Deireadh Fómhair 1978 - 2 Aibreán 2005 | Eoin Pól II | Papa Ioannes Paulus Secundus, Episcopus Romanus | Karol Józef Wojtyła | Wadowice, An Pholainn | |
| 19 Aibreán 2005 - 28 Feabhra 2013 | Beinidict XVI | Papa Benedictus Sextus Decimus, Episcopus Romanus | Joseph Alois Ratzinger | Marktl am Inn, An Bhaváir, An Ghearmáin | |
| 13 Márta 2013 - inniu | Proinsias | Papa Franciscus Primus, Episcopus Romanus | Jorge Mario Bergoglio | Buenos Aires, An Airgintín |
Amlíne (1758+)
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-22). "Sláinte an Phápa ag dul chun donachta" (as ga-iE).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-04-21). "Stróc agus teipeadh croí a chriog an Pápa" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-28). "Comhthionól na gCairdinéal le tosú an 7 Bealtaine" (as ga-IE).
- ↑ Tadhg Ó Dúshláine (22 Aibreán 2025). "Cad a dhéanfaimid feasta gan ár bPápa Proinsias?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-23.
- ↑ Cathal Ó Murchú (2025-03-07). An Páipéar - Eagrán #19: "Amhras faoi shláinte an Phápa Proinsias" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-09.