Ardeaglais Theampall Chríost
| Ardeaglais Theampall Chríost | ||||
|---|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | an Tríonóid | |||
| Sonraí | ||||
| Cineál | Ardeaglais Anglacánach nó Easpagóideach | |||
| Foirgníocht | 1031 (Féilire Ghréagóra) | |||
| Tiomnaithe do | Íosa Críost | |||
| Tréith | ||||
| Stíl ailtireachta | ailtireacht Ghotach | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
| Bonnchló | ||||
| Gníomhaíocht | ||||
| Deoise | United Dioceses of Dublin and Glendalough (en) | |||
| Reiligiún | Anglacánachas | |||
| ID GeoNames | 6949194 | |||
| Suíomh gréasáin oifigiúil | christchurchcathedral.ie | |||
Tá Ardeaglais Theampall Chríost lonnaithe i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Eaglais bheag a bhí inti i dtosach, agus bhunaigh Dúnán, an chéad easpag ar Bhaile Átha Cliath, í le hairgead a fuair sé ó Sitriuc, rí Lochlannach Bhaile Átha Cliath. Is í an ardeaglais is sine i mBaile Átha Cliath í.
I ndiaidh do na hAngla-Normannaigh seilbh a fháil ar an gcathair sa bhliain 1170, bheartaigh Strongbow, a gceannaire, (atá curtha san Ardeaglais seo) agus Lorcán Ua Tuathail, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, ardeaglais taibhseach a thógáil. D'éirigh lena bpleananna agus cuireadh deireadh le tógáil na hardeaglaise sna 1230idí.
I ndiaidh an Reifirméisin, ardeaglais Phrotastúnach ba ea Teampall Chríost agus cuireadh iarsmaí de chuid na gCaitliceach Rómhánach, bachall Naomh Pádraig mar shampla, trí thine anseo i dtine chrámh mhór. Rinneadh obair shuntasach athchóirithe ar an ardeaglais sna 1870idí. Tá uaimh mheánaoiseach dhraíochtúil na hardeaglaise ar cheann de na struchtúir is sine i mBaile Átha Cliath.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
