Gaeil
Comhartha an Dreama Dheirg | |
| Cineál | pobal teanga agus grúpa eitnitheangeolaíoch |
|---|---|
| Léarscáil dáileacháin | |
Gaeil a thugtar ar dhaoine a bhfuil teanga Gaelach ar a dtoil acu.[1][2][3][4][5][6][7][8][9]
Go stairiúil, thugtaí Gaeil ar bhunmhuintir na hÉireann, na hAlban (Gaeilge na hAlban: na Gàidheil) agus Mhanann (Gaeilge Mhanann: ny Gaeil), agus é le tuiscint go raibh saghas éigin Gaeilge á labhairt acu uile. Ainm é a thagann ó Goídil (/gοi:ðil'/) na sean-Ghaeilge. (D'fhéadfadh sé siúd teacht ón ainm a thugadh na Breatnaigh ar choilínigh Éireannacha in iarthar na Breataine tar éis thitim na hImpireachta Rómhánaí.)[10][nóta 1]
Is fada na sean-Ghaeil á samhlú leis na Ceiltigh, ach is léir ón bhfianaise sheandálaíoch nach bhfuil an scéal chomh simplí sin.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an focal fréamhaithe ó Goídel, ón tSeánBhreatnais Guoidel (duine fiáin, gaiscíoch) (féach Breatnais Gwyddel, Éireannach, Gael), ón bPróta-Bhriotainic *guɨðel, ón bPróta-Cheiltis *wēdus (fiáin), ón bPróta-Ind-Eorpais *weydʰ- (adhmaid, fásach).[11] Tháinig sé in ionad téarmaí dúchasacha féni agus fénechas, cé go gcaomhnaítear iad i siúd sna focail féine agus féineachas.
Tíortha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tamall éigin tar éis 8000 RC tháinig na chéad daoine Méasailiotacha chun na hÉireann agus iad ina bhfiagaithe agus ina gcnuasaitheoirí. Ní fios cén teanga a bhí acu, ach idir 4500 agus 4000 RC tháinig daoine Neoiliteacha agus iad ina bhfeirmeoirí. Thug siad caoirigh, gabhair, beithígh agus barra (go háirithe cruithneacht agus eorna) leo. Áitíonn scoláirí éigin gur leosan a tháinig an chéad teanga Ind-Eorpach, teanga a n-eascródh an Ghaeilge aisti níos faide anonn.[12]
Tháinig Éire faoi anáil chultúir mhóra ábhartha na hEorpa: thosaigh an Chré-Umhaois ann timpeall 2500 RC agus thosaigh an tIarannaois timpeall 800 RC. Ba ghnách riamh úsáid an iarrainn a chur i leith na gCeilteach de bharr iarsmaí a fuarthas i lár na hEorpa agus iad chomh sean le 8000 RC, ach is beag fianaise atá le fáil ar ionradh Ceilteach, agus is mó an trácht a dhéantar anois ar idirleathnú teicneolaíoch ná ar idirleathnú pobail. Tá le tuiscint as sin nach gá teacht na nGael agus déanamh na n-earraí iarainn a chomhcheangal le chéile, d'ainneoin na bhfinscéalta a chuireann síos ar ionraí aniar.
Muintir Mhéasailiotach a bhí ann ar dtús: iad ag seilg, ag iascaireacht agus ag cnuasach.
Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach, agus leachtanna móra á dtógáil. Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha. Sa Iarannaois tosaíodh ag tógáil dúnta móra agus an chuid is mó acu le fáil in iarthar na tíre.

Cibé athruithe cultúrtha a tharla i measc na scothaicme, is léir go raibh an-leanúnachas ag baint le saol na ngnáthdhaoine: tá an fhianaise le fáil sna hiarsmaí a thugann léargas ar bheatha mhuintir na tuaithe ó ghlúin go glúin, agus iad á gcur féin in oiriúint go dlúth d'aeráid agus do luí na tíre maidir le modhanna curadóireachta, le cothú, le ceirdeanna. Neartódh sin leis an tuairim go raibh na Gaeil ann ón aimsir Neoiliotach amach, béascna agus teanga ar leith acu agus iad in ann pobail nua a Ghaelú de réir mar a tháinig siad siúd isteach. D'fhágfadh sin gur tábhachtaí cultúr ná cine.[13]
Tá rian na seandachta ar chuid mhaith de na logainmneacha freisin,[14] rud eile a chuireann an leanúnachas in iúl.
Manainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa ré Mhéasailiotach a tháinig na chéad daoine chun Oileán Mhanann, agus lean feirmeoirí iad sa ré Neoiliotach, mar a tharla in Éirinn. Tháinig an t-athrú céanna ar na tuamaí agus eile de réir na tréimhse. B'fhéidir gur ón mBreatain a tháinig na chéad fheirmeoirí, ach meastar gur tháinig dream nua isteach ó Éirinn timpeall 700 AD, rud atá le haithint ar na hinscríbhinní oghaim.

Maidir le cúrsaí teanga, is féidir na Manannaigh a áireamh ar na Gaeil. Bhí an teanga Ghaeilge acu ón 8ú haois amach, agus mhair sí fiú tar éis theacht agus lonnú na Lochlannach. Bhí sí láidir go leor mar theanga phobail chomh déanach leis an 18ú haois.
Albain
[cuir in eagar | athraigh foinse]P-Cheiltis a bhí á labhairt i ndeisceart na tíre le linn na Rómhánach, agus glacann a lán scoláirí leis gur theanga P-Cheiltise í an Phiochtais a bhí á labhairt sa tuaisceart sa luathmheánaoiseanna. Bunaíodh Ríocht na bPiochtach roimh an 6ú haois AD agus mhéadaigh de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge, Lochlainnis agus Béarla (san oirdheisceart) le cloisteáil ann.
Ba í an Ghaeilge teanga Dhál Riada, ríocht Ghaelach a bhí le fáil in Earra-Ghaidheal in oirdheisceart na tíre timpeall an 4ú haois AD. Is léir go raibh Éireannaigh á bhfódú féin ann, agus déarfadh scoláirí éigin go raibh Gaeilge á labhairt ann i bhfad roimhe sin.[15] Leathnaigh an teanga leis an gCríostaíocht agus ghéill an Phiochtais de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge á labhairt sa chuid ba mhó den tír. Ach bhí limistéar an Bhéarla ag méadú agus nósanna nua ag teacht isteach: cuireadh an feodachas agus na chéad bhailte móra cairte ar bun, agus tháinig uasalaicme nua isteach - ridirí agus eaglaisigh Fhrancacha agus Angla-Fhrancacha. Is dócha, freisin, go raibh an dátheangachas ag éirí coitianta i gceantair an oirthir agus go raibh buntáiste na cumhachta ag an mBéarla. Faoin 13ú haois bhí an Ghaeilge ag cúlú; bheadh na Gàidheil le fáil thiar feasta, sna Garbhchríocha, in Inse Gall agus feadh Mhaol na nGall.
Na Gaeil sa bhaile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Má tá ceangal idir cine agus teanga, is léir gur ar éigean atá na Gaeil ann inniu. Tá Gaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban ag meath i gcónaí, agus cailleadh an cainteoir dúchais deireanach ar Oileán Mhanann sna seachtóidí. In Éirinn tháinig an meath mór sa 19ú haois thar aon aois eile; bhí an dátheangachas (nó saghas dátheangachais) ag fás, bhí an Béarla i réim i gcúrsaí poiblí, agus ba é an Drochshaol an babhta marfach. In Albain (Inse Gall agus na Garbhchríocha) sa tréimhse chéanna is beag baint a bhí ag an teanga in intinn na ndaoine le dul chun cinn, agus ní dhearnadh freastal uirthi. Meas béarlagair a bhí ar an teanga in Oileán Mhanann; b'fhearr duit Béarla.
Na hÉireannaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2006 ba í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail agus an tí ag 3% den daonra.[16] (4,422,100 duine a bhí ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 2008).[17] Meastar go bhfuil idir 20,000 agus 80,000 cainteoir dúchais ann (cé go mbeadh a bhformhór meánaosta nó ina seandaoine).[18][19][20][21] Sa bhliain 2007 mheas an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh timpeall 17,000 duine le fáil i gceantair mar a raibh neart Gaeilge á húsáid.[22] Ach tá an meath ar siúl sa Ghaeltacht gan stad fiú ó bunaíodh an Stát – ó 250,000 cainteoir líofa sa Ghaeltacht ansin go dtí timpeall 30,000 anois (má tá a líon chomh mór sin féin).
Lasmuigh den Ghaeltacht bhí an Stát ag brath ar na scoileanna riamh chun ‘Gaeil Nua’ a dhéanamh. Theip air sin; tá daltaí na hÉireann ag foghlaim Gaeilge de dheoin nó d’ainneoin le timpeall seachtó bliain, agus gan ach Béarla ag a bhformhór mór tar éis an tsaoil. Le tamall de bhlianta anuas, áfach, tá borradh ag teacht faoin líon daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu de bharr scolaíocht lánGhaeilge. Astu sin a fáiscfear an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais. Tá an teanga ag lonnú i measc cuid den mheánaicme chathrach, go háirithe sna cathracha móra - Baile Átha Cliath sa deisceart, Doire agus Béal Feirste sa tuaisceart. Dream uirbeach na Gaeil feasta, cé gur deacair a líon a mheas faoi láthair.
Na hAlbanaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Albain tá líon na gcainteoirí dúchais ag dul i laghad i gcónaí, ach tá líon na ndaoine le Gàidhlig mhaith ag dul i méid i nDún Éideann agus i nGlaschú, áiteanna a bhfuil tumoideachas ar fáil.
Bhí 58,652 cainteoirí Gàidhlig ann sa bhliain 2001, de réir an daonáirimh (sin 1.2% den daonra os cionn trí bliana d’aois).[23] Sin laghdú timpeall 7,300 duine (11% den iomlán) ó dhaonáireamh 1991. In Inse Gall atá an chuid is mó de chainteoirí fós, ach níl céatadán is airde ná 61% le fáil ann.[24] Is cosúil go mbeidh sláinte na Gàidhlig ag brath ar an meánaicme feasta, mar a tharla cheana in Éirinn. Béarla ar na hoileáin, Gàidhlig sna sráideanna.
Na Manannaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]San 19ú haois is mó a mheath an Mhanainnis, mar theanga (mar a síleadh) gan feidhm gan éifeacht; ach sa bhliain 1899 bunaíodh Yn Çheshaght Ghailckagh. Nuair a cailleadh na cainteoirí dúchais deireanacha i lár an 20ú haois bhí daoine eile ag foghlaim na teanga.

Anois tá tumoideachas le fáil i mbunscoil amháin agus an Mhanainnis á múineadh mar theanga bhreise i scoileanna eile; is féidir céim sa teanga a fháil ó Choláiste Mhanann agus ó Lárionad an Léinn Mhanannaigh. I gcúig cinn de na naíscoileanna baintear feidhm as Manainnis amháin, a bhuíochas sin ar chomhlacht darb ainm Mooinjer Veggey. Is féidir a rá anois go bhfuil Gaeil arís i Manainn, más í an teanga féin an tomhas.
Na Gaeil i gCéin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meiriceá Thuaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]An Astráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín, Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta 1979.
- Dillon, Myles agus Chadwick, Nora, The Celtic Realms. Cardinal 1973. ISBN 0-351-15808-1
- Estyn Evans, E., Irish Folk Ways. Routledge 1989 (an dara heagrán).
- Mitchell, Frank and Ryan, Michael, Reading the Irish Landscape. Town House, Dublin 1997. ISBN 0-946172-54-4
- Flynn, Colin J.. "Léirmheas | Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas | An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain[nasc briste go buan]". COMHARTaighde (4). 2018 DOI. ISSN 2009-8626.
- Nicholls, Kenneth, Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages. Gill & MacMillan 1981 (an 3ú heagrán). ISBN 7171-0561-X
- Nolan, William (ed.), The Shaping of Ireland: The Geographical Perspective. Mercier 1986. ISBN 88342-765-8
- Renfrew, A.C., Archaeology and Language: The Puzzle of Indo-European Origins, London: Pimlico 1987. ISBN 0-7126-6612-5
- Room, Adrian, A Dictionary of Irish Place-Names. Appletree Press 1998. ISBN 0-86281-202-X
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Flynn, Colin J. (30/11/2018). "Léirmheas | Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas | An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain". COMHARTaighde (4). doi:. ISSN 2009-8626.
- ↑ Daithí De Mórdha (2019-01-28). "Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach…". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-28.
- ↑ Ellen Corbett (Eanáir 2025). "An gearr uainn ré dhorcha dhigiteach na nGael?". Comhar Iml. 85 (Uimh 1): lgh 22-24.
- ↑ Stiofán MacGréill (Meán Fómhair 2004). "Am Mòd ar na bacáin". Beo! (41).
- ↑ Robert McMillen (Meán Fómhair 2006). "Tá go leor le foghlaim ó na hAlbanaigh". Beo! (65).
- ↑ Ben Ó Ceallaigh (23/10/2018). "D’fhágfadh an Mòd díomá ar Ghael Éireannach". NÓS. Dáta rochtana: 28/09/2025.
- ↑ Ciara Ní É (23/01/2017). "Na 10 Gael is Gnéasúla". NÓS. Dáta rochtana: 28/09/2025.
- ↑ "Léargas ar shaol na nGael thar sáile ó Nua-Eabhrac go Osaka le fáil i sraith físeán nua". Tuairisc.ie (17 Meán Fómhair 2021). Dáta rochtana: 28 Meán Fómhair 2025.
- ↑ Róisín Nic Liam (27 Deireadh Fómhair 2022). "Mara mbeidh slí dos na Gaeil in Éirinn Aontaithe, orainn féin – agus orainn féin amháin – a bheidh an locht". Dáta rochtana: 28 Meán Fómhair 2025.
- ↑ Féach Dillon agus Chadwick agus iad ag plé stair thosaigh na gcríoch Ceilteach.
- ↑ Matasovic, 2009, lch. 408}}
- ↑ Féach Renfrew agus é ag plé chomhleathnú na curadóireachta agus na hInd-Eorpaise.
- ↑ Féach Mitchell agus Ryan, Nolan, agus E. Estyn Evans i ngeall ar chúrsaí tíreolaíochta agus dúchais.
- ↑ Féach Room.
- ↑ A mhalairt de bharúil atá ag Dillon agus ag Chadwick.
- ↑ Government of Ireland, Statement on the Irish Language 2006PDF (919 KB). Aimsíodh ar 21 Eanáir 2008 le haghaidh Irish Language.
- ↑ CSO Ireland - April 2008 Population Estimates
- ↑ Endangered languages in Europe: report
- ↑ Christina Bratt Paulston (1994). "Linguistic Minorities in Multilingual Settings: Implications for Language Policies". J. Benjamins Pub. Co.
- ↑ Pierce, David (2000). "Irish Writing in the Twentieth Century". Cork University Press.
- ↑ Ó hÉallaithe, Donncha (1999). "". Cuisle.
- ↑ "Welcome to Ocean fm". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-01-05. Dáta rochtana: 2009-05-06.
- ↑ "Census 2001 Scotland: Gaelic Language – first results". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-09-04. Dáta rochtana: 2009-05-06.
- ↑ Duwe,Kurt(2006:Gaidhlig(Scottish Gaelic)Local Studies Vol.20 Muile,Tiriodh & Colla page 23 2nd edition September 2006 and Duwe,Kurt(2006:Gaidhlig(Scottish Gaelic)Local Studies Vol.17 Gleann Comhann,Lios Mor & Aird Chatain page 27 2nd edition May 2006
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ina leabhar sochtheangeolaíoch ar ghéarchéim na Gaeltachta Beartas Úr na nGael, mhaígh na taighdeoirí Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin go bhfuil an t-eitneachas fós le sonrú sa leithcheal atá á dhéanamh ag an stáit ó dheas ar na Gaeil mar ghrúpa, gné a dhéanann siad sainmhíniú uirthi mar phróiseas sóisialta
Dar le Colin J. Flynn áfach, "ainneoin nach mbeadh an sainmhíniú conspóideach ann féin", ní leor critéar teanga le grúpa eitneach a shainmhíniú agus dá réir sin níor chóir a bheith ag trácht ar na Gaeil mar ghrúpa eitneach. (Flynn, 2018)"trína gcruthaítear muintearas bunaithe ar chosúlacht chultúrtha seachas ar chosúlacht ghineolaíochta nó fhoirmeálta. Nuair a thráchtar anseo ar ghnéithe eitnitheangeolaíochta de chultúr grúpa, tagraíonn seo d’fheidhm agus do ról sóisialta teanga i gcleachtas an phobail trína gcruthaítear muintearas agus trína rannpháirtítear daoine i bhféiniúlacht an ghrúpa teanga" (lch 17).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Teangacha Gaelacha
- Gaeilge
- An Ghaeltacht
- Gàidhealtachd na hAlba
- An Ghaeilge i Meiriceá agus i Muir Chairib
- An Ghaeilge i gCeanada
- An Ghaeilge san Astráil
- Gaeilge Mhanann
- Gaeilge na hAlban
- Scotti
- Oileán Mhanann
- Éire
- Albain
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]- BCI: Staidreamh oifigiúil teanga Curtha i gcartlann 2011-09-27 ar an Wayback Machine
- Foras na Gaeilge Curtha i gcartlann 2008-04-05 ar an Wayback Machine
- Gaeilge ar an Ghréasán Irish online resources
- 'Gael-Taca (Corcaigh)' Curtha i gcartlann 2019-05-21 ar an Wayback Machine
- Acmhainn.ie – Foclóir agus téarmaíocht
- Foclóir Téarmaíochta, bunachar mór sonraí a rinne FIONTAR, DCU
- "Learning Irish?," BBC
Albain
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Learn Gaelic Curtha i gcartlann 2017-10-01 ar an Wayback Machine Ranganna agus cúrsaí ar fud an domhain]
- Parlaimint na hAlban
- Scottish Coiste Craolacháin na Gàidhlig Curtha i gcartlann 2017-07-14 ar an Wayback Machine
- Scotsman.com News - Leathanach na Gàidhlig
- BBC Scotland - Leathanach na Gàidhlig
- BBC Alba - Beag air Bheag
- Beul Aithris
- Iomairt Cholm Cille Curtha i gcartlann 2020-10-28 ar an Wayback Machine
- Comunn na Gàidhlig
- St Columba Gaelic Section Curtha i gcartlann 2007-06-08 ar an Wayback Machine Acmhainní Gàidhlig.
- Sabhal Mòr Ostaig - Coláiste Gàidhlig ar Oileán Scíthe.
- Scottish Gaelic College of Celtic Arts and Crafts - Coláiste Gàidhlig i gCèap Bhreatuinn, Nova Scotia, Ceanada.
- Gàidhlig (Scottish Gaelic) Local Studies Curtha i gcartlann 2010-12-29 ar an Wayback Machine Eolas daonáirimh ón mbliain 1881 i leith ar cheantair na Gàidhlig.
- SaorsaMedia Curtha i gcartlann 2008-05-09 ar an Wayback Machine Acmhainní i dtaobh stair na Gàidhlig in Albain agus i Meiriceá Thuaidh.
- Tìr nam Blòg Curtha i gcartlann 2016-05-14 ar an Wayback Machine Blaganna Gàidhlig.
- Fòram na Gàidhlig Le haghaidh foghlaimeoirí.
- Abair Thusa Curtha i gcartlann 2009-02-05 ar an Wayback Machine Gréasán sóisialta.
Manainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mooinjer Veggey Curtha i gcartlann 2009-04-16 ar an Wayback Machine
- Isle of Man Guide
- Manx Wiki Curtha i gcartlann 2011-07-14 ar an Wayback Machine