Dùn Èideann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dún Éideann)
Jump to navigation Jump to search
Leacht cuimhneacháin don scríbhneoir Walter Scott i nDún Éideann

Is é Dún Éideann (Béarla agus Albainis: Edinburgh; Gaeilge na hAlban: Dùn Èideann) príomhchathair na hAlban, agus an dara chathair is mó. Tá dún ar chnoc ard os cionn an bhaile, áit a bhfuil iarsmalann míleata inniu uirthi.

Tá suíomh an rialtais arís i nDún Éideann ó athbhunaíodh Parlaimint na hAlban le féinrial teoranta a thabhairt don tír. Is é suite i gComhairle Cathair Dhún Éideann.

Castle of Edinburgh.jpg

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Dún Éideann a príomhchathair i bhfad roimh an Acht Aontais le Sasana i 1707, ach lean neamhspleáchas áirithe in Albain i gcúrsaí dlí agus oideachais go háirithe.

St Cuthbert

Ceantair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sráidbhailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is daoine gairmiúla iad 43% de mhuintir Dhún Éideann, an céatadán is airde sa Ríocht Aontaithe. Ainmníodh Dún Éideann mar an mórchathair is iomaíche sa Ríocht Aontaithe.

Sa 19ú aois, bhí clú agus cáil ar gheilleagar Dhún Éideann mar gheall ar bhaincéireacht, foilsitheoireacht agus grúdaireacht. Sa lá atá inniu ann, tá an geilleagar bunaithe go príomha ar sheirbhísí airgeadais, taighde eolaíoch, ardoideachas agus turasóireacht. I Mí an Mhárta 2010, ba é an leibhéal dífhostaíochta sa chathair ná 3.6%, figiúir atá measartha íseal. Bíonn an leibhéal dífhostaíochta i nDún Éideann níos ísle ná an meán náisiúnta i gcónaí, is é sin 4.5%. Is é Dún Éideann an cathair is mó a thugann turasóirí cuairt air sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh Londain.

Bunchloch an gheilleagair is ea í an bhaincéireacht ar feadh os cionn 300 bliain, ó bhunaíodh Banc na hAlban (Bank of Scotland) in 1695. Is mar gheall ar an earnáil shéirbhísí airgeadais gurb é Dún Éideann an dara lárionad airgeadais is mó de chuid na Ríochta Aontaithe. D'oscail Royal Bank of Scotland ceanncheathrú idirnáisiúnta nua in iarthar na cathrach i 2005. Chomh maith leis sin, tá ceanncheathrúna eile suite i nDún Éideann, ar nós Virgin Money, Tesco Bank, TSB Bank agus Sainsburys Bank.

Imríonn turasóireacht tionchar mór ar an gheilleagar sa chathair chomh maith. Mar Láithreán Oidhreachta Domhanda, tugann turasóirí cuairt ar áiteanna ar nós Caisleán Dhún Éideann, an tSeanbhaile agus an Nuabhaile. Tagann borradh ar leith ar líon na dturasóirí gach bliain i Mí Lúnasa le linn fhéilte Dhún Éideann. Meallann na féilte sin 4.4 milliún turasóir chuig an chathair agus saothraíonn siad os cionn £100 milliún don gheilleagar áitiúil.

Is é Dún Éideann lárionad chóras rialtais na hAlban agus de bharr sin, tá ról lárnach ag an earnáil phóiblí i ngeilleagar na cathrach. Tá cuid mhór de ranna rialtais na hAlban suite sa chathair. Fostóirí suntasacha is ea iad NHS agus an rialtais áitiúil.

Reiligiún[cuir in eagar | athraigh foinse]

In iomlan: 459,366; Eaglais Albain 23.9%' Caitliceach Rómhánach 12%; Chríostaí eile 7.0% Moslamach 2.7% Reilgiún eile 2.2% Gan reiligiún 44.9% Not stated7.1%

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Flag of Scotland.svg athraigh Cathracha na hAlban
Obar Dheathain · Dún Déagh · Dún Éideann · Glaschú · Inbhear Nis · Sruighle