Jump to content

Inbhir Nis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Inbhear Nis)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilInbhir Nis

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 57° 29′ 02″ N, 4° 13′ 33″ O / 57.4839°N,4.2258°W / 57.4839; -4.2258
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán47,380 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,256.19 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla8 mi² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistIV1, IV3 agus IV2 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód1463 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáininverness-scotland.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair i dtuaisceart na hAlban í Inbhir Nis (Béarla: Inverness).[1] Tá an chathair ina lárionad riaracháin do Chomhairle na Gàidhealtachd, agus tá sí aitheanta mar phríomhbhaile na Gàidhealtachd. Tá an chathair suite in aice le suíomh Bhlár Chúil Lodair, áit ar troideadh an cath mór sa bhliain 1745, agus ag béal an Ghleanna Mhóir, san áit a sreabhann Abhainn Nis amach chuig an Cuan Moireach. Tá a suíomh ina mhol nádúrtha i gcomhair nasc iompair éagsúil. Is í an chathair is faide ó thuaidh sa Ríocht Aontaithe í. Bunaíodh lonnaíocht ann sa 6ú haois agus bhronn an rí Daibhidh I an chéad chairt ríoga uirthi sa dara haois déag.

Bhí Inbhear Nis ar cheann de phríomhdhaingean na gCruithneach. Sa bhliain AD 569, thug Naomh Colm Cille cuairt air, agus é ar intinn aige Bridei mac Maelchon, rí na gCruithneach a thabhsirt chun na Críostaíochta, a ndeirtear go raibh cónaí air sa dún gloinithe ar Lárach an Taigh Mhóir,[2] ar imeall thiar na cathrach.[3], Ceaptar gur bunaíodh eaglais nó cillín ag manaigh luath-Cheilteacha ar Chnoc Mhìcheil, cnocán gar don abhainn, atá anois ina láthair ag an Sean Ard-Eaglais [4] agus reilig.



  1. ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-17.
  2. ↑ "Craig Phadrig, Inverness, Walk in Scotland, Visitscotland".
  3. ↑  Ionchorpraíonn ceann amháin nó níos mó de na habairtí roimhe seo téacs ó fhoilseachán atá san fhearann poiblí anois : Chisholm, Hugh, ed. (1911). "Inverness". Encyclopædia Britannica (as Béarla). Vol. 14 (11th ed.). Cambridge University Press. pp. 718–719.
  4. ↑ "Inverness churches". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Meitheamh 2010. Dáta rochtana: 11 Deireadh Fómhair 2026.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
athraigh Cathracha na hAlban
Obar Dheathain · Dún Déagh · Dún Éideann · Glaschú · Inbhear Nis · Sruighle