Iarann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachIarann
Iron electrolytic and 1cm3 cube.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, miotal agus aicme eintiteas ceimiceach
Iarann sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachFe
Uimhir adamhach26
Mais adamhach55.845
Cumraíocht leictreon[Ar] 3d⁶ 4s²
Peiriad, Grúpapeiread 4
Dúil Ghrúpa 8
Airíonna fisiceacha
Dlús7.874 kg/m⁻³
Leáphointe1,811 agus 1,538
Fiuchphointe2,861
Leictridhiúltacht1.83
Ga ianach0.63, 0.61, 0.92, 0.49, 0.55 agus 0.78
Stair
Aimsitheoirluach anaithnid
Fionnachtain5 millennium "BCE"
Fe-TableImage.svg

Is dúil cheimiceach é an t-iarann. Is é an miotal is tábhachtaí atá ann ó thaobh na gnáthúsáide de. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 26, agus is é an tsiombail cheimiceach ná Fe. Tá sé ar an mbeagán dúl a bhfuil fearómaighnéadas iontu - is é sin, tarraingíonn na maighnéid iarann, agus is féidir smután iarainn a iompú ina mhaighnéad.

Tá an t-iarann an-fhlúirseach i screamh an Domhain - glactar leis go bhfuil sé ar an gceathrú dúil is flúirsí ansin. Níl sé gann san Ollchruinne ar fad ach oiread, nó tá sé ar ceann de na dúile is troime a chruthaítear sna gnáthréaltaí - dúile is troime ná é, tá ollnóva de dhíth le hiad a chruthú.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an iarann, mar atá, Fe-56 (91.72 % d'iarann an dúlra), Fe-57 (2.2 % d'iarann an dúlra), agus Fe-58 (0.28 % d'iarann an dúlra). Thairis sin, tá aon iseatóp radaighníomhach amháin ar fáil sa dúlra, Fe-54 (5.8 % d'iarann an dúlra), agus is í an leathré atá aige ná 3.1 x 1022 bliain (31,000,000,000,000,000,000,000 bliain).

Ní féidir teacht ar an iarann i bhfoirm na dúile, áfach. Ní mór é a bhaint as an iarnmhianach agus a dhí-ocsaídiú. Cé go bhfuil an t-iarann an-úsáideach mar mhiotal, tagann meirg air go héasca. Is éard atá ann, mar mheirg, ná trí-ocsaíd iarainn, nó Fe2O3. Leis an iarann a dhéanamh díonta ar an meirg, measctar miotail eile tríd. Thar aon rud eile, áfach, is leis an gcarbón a chóimhiotalaítear an t-iarann, ionas go bhfaightear cruach. I bhfoirm cruach is mó a úsáidtear an t-iarann.

Tagann dealramh dearg/donn an uisce ón iarann sna clochanna

Ceimic an Iarainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na huimreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí agus is coitianta ná +II agus +III. Is iad comhdhúile an iarainn (III) a aithnítear ar dhath deargrua na meirge. Bíonn dath uaine i gcomhdhúile an iarainn (II). Is ionann an mheirg agus an dé-ocsaíd trí-iarainn, nó ocsaíd an iarainn (III), Fe2O3. Tá dhá ocsaíd eile ag an iarann, an ocsaíd mheasctha Fe3O4, ina bhfuil idir iarann (II) agus iarann (III), agus í i bhfad níos cobhsaí ná ocsaíd ghlan an iarainn (II), FeO. Bíonn sé deacair FeO a tháirgeadh, agus is dual don ocsaíd seo claochlú go hiarann agus Fe3O4. Tugtar díréiriú (Béarla: disproportionation) ar an gcineál seo próiseas, nó ocsaídítear cuid d'adaimh an iarainn (ó Fe2+ go Fe3+) agus dí-ocsaídítear cuid eile (ó Fe2+ go Fe).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]