Diarmaid Mac Murchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmaid Mac Murchadha

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Dermot Mac Murrough
Beathaisnéis
Breith1110
Cúige Laighean Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Bealtaine 1171
60/61 bliana d'aois
Áit adhlacthaFearna Cuir in eagar ar Wikidata
Ríthe na Laighean
1126 – 1171 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois
Teaghlach
CéileMór Ní Thuathail Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAoife Mac Murchadha, Domhnall Caomhánach, Urlachan Mac Murchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonnchadh mac Murchadha  agus Orlaith Ní Bhraonáin
SiblínEnna mac Donnchada Mac Murchada

Laighean idir na blianta 1126 agus bliain a bháis ba ea Diarmaid Mac Murchadha (1110 - 1 Eanáir, 1171). Bhí aighneas idir é féin agus Tighearnán Ua Ruairc, agus chaill sé a choróin sa bhliain 1166 dá bharr. Tháinig na Normannaigh go hÉirinn sa bhliain 1169, áfach, tar éis dó cuireadh a thabhairt do rí Shasana agus na Normainne Anraí II teacht i gcúnamh air. Mar gheall ar seo, tugtar Diarmaid na nGall air chomh maith. Gheall sé a iníon Aoife don Normannach Strongbow mar pháirt den bheart céanna.

A shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Diarmaid Mac Murchadha sa bhliain 1110 agus toghadh é ina rí ar Chúige Laighean nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArd-Rí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighean leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh sa bhliain 1133, agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tighearnán Ua Ruairc arís agus chreach Diarmaid tailte Thighearnáin sa bhliain 1152. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighean agus lean an t-aighneas ar aghaidh mar gheall air sin. Díbríodh Diarmaid i 1166, agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normannacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí Normannacha faoi cheannas Strongbow. Ghabhadar Baile Átha Cliath agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife, i Ardeaglais Chríost, atá suite i bPort Láirge. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Ghallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normannaigh i dtiarnas ar an bPáil, agus ar an tír ar fad ar deireadh.

Pósadh a iníne Aoife le Strongbow

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]