1 Eanáir (Lá Caille)
(Athsheolta ó 1 Eanáir)
<< Eanáir >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 |
8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 |
15 | 16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 |
22 | 23 | 24 | 25 | 26 | 27 | 28 |
29 | 30 | 31 | ||||
2018 | ||||||
Laethanta na bliana go léir |
Is é an 1 Eanáir an 1ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 364 lá fágtha sa bhliain nó 365 i mbliain bhisigh.
Clár ábhair
Féilte[athraigh | athraigh vicithéacs]
- Lá Caille (feictear an leagan canúnach lá Coille freisin), nó Lá Nollag Beag. Is éard atá i gceist leis an bhfocal Caille ná ginideach an ainmfhocail caileann. Tháinig an focal seo as Calendae nó Kalendae na Laidine (calends sa Bhéarla). Is ionann Kalendae agus an chéad lá den mhí.
Daoine a rugadh ar an lá seo[athraigh | athraigh vicithéacs]
- 1767 - Maria Edgeworth, scríbhneoir Éireannach (b.1849)
- 1919 - J. D. Salinger, úrscéalaí Meiriceánach (b.2010)
- 1928 - Iain Mac a' Ghobhainn, scríbhneoir (b.1998)
- 1982 - Joe Gamble, imreoir sacair Éireannach
- 1986 - Pablo Cuevas, imreoir leadóg
- 1992 - Jack Wilshere, imreoir sacair Sasanach
Daoine a fuair bás ar an lá seo[athraigh | athraigh vicithéacs]
- 1766 - Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart, "Séamus III" de réir na Seacaibíteach (r.1688)
- 1957 - Seán Sabhat, 27, ceannaire de chuid an IRA (r.1929)
- 2009 - Helen Suzman, polaiteoir ón Afraic Theas (r.1917)
Imeachtaí eile[athraigh | athraigh vicithéacs]
- 1801 - Cuireadh Acht an Aontais (a reachtaíodh in 1800) i bhfeidhm.
- 1901 - Ceiliúradh céad bliain Acht na hAontachta. Stop na húdaráis cruinniú de chuid an Irish League i mBéal Éasa i gContae Mhaigh Eo.
- 1926 - Thosaigh seirbhís raidió na hÉireann ar an lá seo. Chuir Dubhghlas de hÍde tús léi go poiblí.
- 1944 - Thug an Kerlogue, long Éireannach, 164 Gearmánach go dtí Cóbh tar éis iad a tharrtháil amuigh ar an teiscinn mhór.[1]
- 1945 - Bunaíodh Córas Iompair Éireann, agus chuaigh A.P. Reynolds i gceannas air.
- 1957 - D'ionsaigh an tIRA beairic de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh in Achadh Lon, agus fuair Seán Sabhat agus Feargal Ó hAnluain bás sa teagmháil.
- 1973 - Chuaigh Éire i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
- 2002 - Tháinig an euro in áit an phunt mar airgeadra in Éirinn.
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: 1 Eanáir |