Achtanna an Aontais 1800
| Cineál | acht de chuid Pharlaimint na Breataine Móire acht de chuid Pharlaimint na hÉireann | ||
|---|---|---|---|
| Dáta foilsithe | 1800 | ||
| Tír | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, Ríocht na Breataine Móire agus Ríoghacht Éireann | ||

Achtanna de chuid Pharlaimint na Breataine Móire agus Pharlaimint na hÉireann ab ea Achtanna an Aontais 1800, dá ngairtear in amanna An tAcht Aontais 1801 (uimhir uatha) a d’aontaigh Ríocht na Breataine Móire agus Ríocht na hÉireann chun Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a chruthú. Tháinig na hachtanna i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1801, agus reáchtáladh an chéad chruinniú de 'Pharlaimint na Ríochta Aontaithe' ar an Déardaoin 22 Eanáir 1801.

Tháinig Éire faoi chúram na Ríochta Aontaithe, a raibh Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain ann cheana féin. Ón 1 Eanáir 1801 go dtí an 6 Nollaig 1922, ba thír laistigh den Ríocht Aontaithe í Éire.


Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh na hAchtanna seo, bhí Éire in "aontas pearsanta"[1] le Sasana ó 1541, nuair a rith Parlaimint na hÉireann an Crown of Ireland Act 1542, ag fógairt go raibh Anraí VIII Shasana ina Rí na hÉireann. Ón 12ú haois i leith, bhí forlámhas teicniúil ar Thiarnas na hÉireann ag Rí Shasana, sealúchas pápach. Tháinig ríochtaí na hÉireann agus Shasana araon le cheile le hAontas na Corónach sa bhliain 1603.
Sa bhliain 1707, aontaíodh Ríocht Shasana agus Ríocht na hAlban ina ríocht aonair: Ríocht na Breataine Móire. Ar an aontas sin, thug gach Teach de Pharlaimint na hÉireann aitheasc comhghairdis don Bhanríon Áine, ag guí, “ "May God put it in your royal heart to add greater strength and lustre to your crown, by a still more comprehensive Union".”. [2]
Bhí Parlaimint na hÉireann ag an am sin faoi réir roinnt srianta a chuir faoi réir Pharlaimint Shasana í (agus tar éis aontas Shasana agus na hAlban, Parlaimint na Breataine Móire); áfach, fuair Éire neamhspleáchas reachtach éifeachtach ón mBreatain Mhór tríd an Constitution of 1782.[3]
Faoin am seo bhí rochtain ar chumhacht institiúideach in Éirinn teoranta do mhionlach beag, na hAngla-Éireannaigh den Chinsealacht Phrotastúnach.
Lean an tAcht 1800 Éirí Amach 1798 in Éirinn, éirí amach a raibh an-tacaíocht aige i measc na bProtastúnach agus na gCaitliceach araon, agus a bhí faoi thionchar an tSoilsithe san Eoraip agus réabhlóidí na Stát Aontaithe agus na Fraince.
Bratach
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'athraigh bratach Shasana, Bratach an Aontais nó Jeaic an Aonaigh. Tháinig sailtír Phádraig isteach.
Reachtaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ritheadh dhá acht sa bhliain 1800 leis an teideal fada céanna, An Act for the Union of Great Britain and Ireland. Is é gearrtheideal an achta ná Union with Ireland Act 1800, arna sannadh le Short Titles Act 1896.
Is é gearrtheideal acht Pharlaimint na hÉireann ná Act of Union (Ireland) 1800, nó Acht Aontais (Éire) 1800, sannta ag acht de chuid Pharlaimint Thuaisceart Éireann i 1951, agus mar sin ní raibh sé éifeachtach i bPoblacht na hÉireann, áit ar tagraíodh dó faoina theideal fada nuair a aisghaireadh é i 1962.
Tá an dá Acht fós i bhfeidhm, le leasuithe, i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann, ach aisghaireadh iad in Éirinn.[4][5]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mheas an staraí R.F. Foster ina leabhar staire[6] gur fíorbheag an t-athrú a rinne an tAcht d´Éirinn, mar nach mórán cumhachta a bhí ag parlaimint Bhaile Átha Cliath ar an gcéad dul síos.
Sa bhliain 2026, d'athraigh na brúghrúpaí Misneach agus Liú na Laoi ainm na céibhe Union Quay i gCorcaigh go "Cé Phádraig Uí Chuanacháin". Dar leo, is ainm é Union Quay a léiríonn an scrios cultúrtha: tugtar ómós d’Achtanna an Aontais 1800; déanann ainm na céibhe comóradh ar an imeallú bunreachtúil.[7][8][9]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Act of Union - Virtual Library Curtha i gcartlann 2011-08-14 ar an Wayback Machine (as Béarla)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Personal union" (as en) (2026-07-25). Wikipedia.
- ↑ Journals of the Irish Commons, vol. iii. p. 421
- ↑ "Constitution of 1782" (as en) (2026-03-30). Wikipedia.
- ↑ From legislation.gov.uk:
- ↑ From Irish Statute Book:
- ↑ Modern Ireland, 1600-1972 by R. F. Foster
- ↑ "‘Decolonise Cork’s place names’" (en-US). Cork Independent (2026-04-09). Dáta rochtana: 2026-04-15.
- ↑ Kerron Ó Luain (2026-04-10). "Cath na staire beo i gCorcaigh go fóill agus díchoilíniú déanta ar chomharthaí sráide impiriúlacha (Cuid 1)" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-04-15.
- ↑ Misneach (7 Aibreán 2026). "Agóid" (ga-IE). Dáta rochtana: 2026-04-16.