Dlí Poynings (reachtanna Shasana a dheimhniú)
Tréimhse | 1 Nollaig 1494 - | ||
---|---|---|---|
Repealed by (en) ![]() | 8 Bealtaine 2007 ![]() | ||
Fionnachtaí nó aireagóir | Édouard Poynings ![]() | ||
I rith an Ré Túdarach, cuireadh breis máistreacht ar Éirinn, agus i 1494 cuireadh Dlí Poynings i réim. Thug an dlí - nó na dlíthe seo le fios conas a d'oibreodh Parlaimint na hÉireann. Deirtear ann nach bhféadfadh Parlaimint na hÉireann teacht le chéile ná dlíthe nua a rith gan cead a fháil ar dtús ó Leasrí agus Ríchomhairle na hÉireann, chomh maith le Rí Shasana agus a Ríchomhairle. Ba fhoinse mhór frustrachais é an dlí seo in Éirinn, go háirithe san 18ú haois. Lagaíodh é sa Bhunreacht 1782, agus d’éirigh sé neamhábhartha tar éis Acht an Aontais 1801. Aisghaireadh é leis an Statute Law Revision (Ireland) Act 1878 (Gaeilge: Acht Athbhreithnithe ar an Dlí Reachtach (Éire) 1878).
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le tamall anuas, bhí na príomh-ghobharnóirí, go háirithe Iarlaí Chill Dara, ag tabhairt faoi thionscnaimh i bParlaimint na hÉireann i gcoinne mhianta na cúirte i Londain. Spreag sé seo Dlí Poynings.[1][2]
Ar 13 Deireadh Fómhair 1494 i mBinn Éadair, tháinig Edward Poynings agus 1,000 saighdiúir i dtír.
Tháinig "Dlí Poynings" i bhfeidhm tamall ina dhiaidh. Ritheadh Acht Poynings (10 Hen.7 c.22) ar 1 Nollaig 1494.[3] Bhí dlíthe na hÉireann curtha faoi réir leasú ag an Ríchomhairle i Londain.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh breis máistreacht ar an tír tamall ina dhiaidh. I 1534 rinneadh Tiarnaí Tánaiste de Iarlaí Chill Dara, agus i 1541 ghlac rí Shasana an teideal "Rí na hÉireann" chomh maith.
Níos déanaí, choinnigh feisirí i bParlaimint na hÉireann súil ar thuairimí an rí i Londain nuair a bhí billí á ndréachtú acu: níorbh fhiú dóibh bille a chur trí dhá theach na parlaiminte dá ndiúltódh an rí é a shíniú sa deireadh thiar thall—mar shampla, b’éigean dóibh éirí as an iarracht a deineadh dlí Poynings a aisghairm.[4]
Is beag ná gur cuireadh an Ghaeilge chun báis trí éigeantas agus trí reachtanna stáit, ag dul siar amach go dtí Dlí Poynings.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Statutes at Large: From the third year of Edward the Second, A.D. 1310, to the eleventh, twelfth and thirteenth years of James the First, A.D. 1612, inclusive" (as en) (1765). B. Grierson.
- ↑ Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL, 1983" (ga). www.acts.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-03. Dáta rochtana: 2020-10-13.
- ↑ legislation.gov.uk (1495). "Dl Poynings i bhfeidhm fós inniu i Sasana". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Ancien régime na hÉireann". Cúrsaí Staire (2016-06-18). Dáta rochtana: 2020-10-13.
- ↑ Pádraig Mac Fhearghusa (1 Nollaig 2004). "Eagarfhocal" (Feasta 57 (12), Leathanach: 3).
![]() | Is síol faoin dlí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
![]() | Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
![]() | Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |