Omar Karami

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba pholaiteoir Liobánach é Omar Abdul Hamid Karami. Rugadh é ar 7 Meán Fómhair, 1934 agus fuair sé bás ar 1 Eanáir 2015. Bhí sé ina phríomh-aire ó 1990 go 1992 agus ó 2004 go 2005.

Rugadh Karami in An Nouri, baile beag i dtuaisceart na Liobáine gar do Tripoli, do theaghlach Muslamach Sunni. Ba phríomh-aire agus laoch san fheachtas ar son neamhspleáchas na tíre é a athair, Abdul Hamid Karami. Deartháir leis Rashid Karami, príomh-aire na Liobáine faoi ocht agus státaire, a feallmharaíodh sa bhliain 1987. Bhí céim ag Omar Karami sa dlí a bhronn Ollscoil Chaireo air sa bhliain 1956.