Béiriút

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéiriút
بيروت (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 33°53′13″N 35°30′47″E / 33.8869°N 35.5131°E / 33.8869; 35.5131
Stát ceannasachAn Liobáin
Governorate of Lebanon (en) AistrighBeirut Governorate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán2,421,354 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús121,067.7 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla20,000,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhNaomh Seoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód01 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbeirut.gov.lb Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Béiriút (Araibis: بيروت, traslitriú: Bayrūt) príomhchathair agus príomhphort na Liobáine, agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.1 milliún sa chúlchríoch.

Bhí Béiriút ar na hionaid chultúrtha agus tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear ó lár na 19ú haois i leith. Sa bhliain 1866 chuir misinéirí Meiriceánacha an Coláiste Protastúnach Siriach ar bun sa chathair agus é ar na chéad institiúidí ardléinn ar mhúnla Iartharach sa réigiún; mar fhreagair air sin d'oscail na hÍosánaigh Ollscoil San Iósaf sa bhliain 1875. Ó na 1920idí i leith tháinig preas beoga as Araibis agus Fraincis araon chun cinn sa chathair. Ionad tábhachtach don fhoilsitheoireacht as Araibis ab í Béiriút freisin, go háirithe i ndiaidh na 1950idí nuair a tháinig deachtóireachtaí chun cumhachta i dtíortha eile sa réigiún. Bhí tionscnamh baincéireachta an Mheánoirthir lonnaithe don chuid is mó i mBéiriút go dtí na 1970idí.

Ní hamháin muintir na Liobáine ó dhúchas a chuir le daonra na cathrach ach dhá ghluaiseacht mhór teifeach fosta: na hAirméanaigh a theith ó shléachtanna na nOtamánach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistínigh a díbríodh óna n-áiteanna dúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campaí ar a n-áiríodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.

D'imir Cogadh Cathartha na Liobáine scrios ar chuid mhaith de Bhéiriút. Sa chogadh sin throid mílístí Críostaí i gcoinne mílístí Moslamacha agus fórsaí armtha Palaistíneacha; ghlac an tSiria agus Iosrael páirt sa chogadh fosta. D'éirigh leis na fórsaí Críostaí smacht a chur ar oirthear na cathrach, agus bhí na Palaistínigh agus fórsaí an Ghluaiseachta Náisiúnaigh Liobánaigh i gceannas ar an taobh ó thiar. Scriosadh an chuid ba mhó de shean-lár na cathrach, a bhí suite ar an bhfronta idir an dá leath. Mhair an cogadh ó 1975 go 1990. Tosaíodh ar atógáil na cathrach ina dhiaidh, le hairgead an bhilliúnaí Rafik Hariri, a bhí ina phríomhaire freisin. Sa phróiseas sin, leagadh a raibh fágtha de sheanfhoirgintí chroílár Bhéiriút agus bhí conspóid ann maidir leis an bhealach a cúitíodh na hiar-áitritheoirí.

D'fhulaing an chathair ruathair bhuamála Iosraelacha i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2006 agus iad siúd ag iarraidh an ruaig a chur ar fhórsaí Hisbollah i ndeisceart na Liobáine. Rinneadh ionsaí ar aerfort Rafik Hariri ar an 13ú Iúil agus dúnadh é go deireadh na comhraice.

Déimeagrafaic:[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir nach raibh daonáireamh san Liobáin ón bhliain 1932[1], níl aon fhigiúirí iontaofa le fáil maidir le méid a lucht cónaithe.

Go stairiúil b'iad na Moslamaigh Shunnacha, na Críostaithe Ceartchreidmheacha Gréagacha agus na Críostaithe Caitliceacha Gréagacha, na seicteanna reiligiúnacha ba mhó i mbailte móra an chósta Liobánaigh. Sa dara leath den 19ú haois tháinig borradh ar líon na gCríostaithe Marúnacha agus na nDrúsach a d'aistrigh go dtí an chathair óna n-áiteanna dúchais i Sliabh Liobáine. Ó 1915 tá pobail thábhachtacha de Chríostaithe Ceartchreidmheacha Airméanacha agus de Chríostaithe Caitliceacha Airméanacha ina gcónaí sa chathair fosta. Tar éis an dara cogadh domhanda amháin a thosaigh inimirce suntasach ó na réigiúin bhochta imeallacha ina raibh cónaí ar Shíigh na Liobáine, ceantar Jabal Amil i ndeisceart na tíre go háirithe. Tháinig luas faoin inimirce sin le linn an chogaidh chathartha nuair a bhí cúinsí fíor-olc sa deisceart agus na hIosraelaigh, na Palaistínigh agus dreamanna eile i mbun cogaíochta ann. Anois tá siad ar na seicteanna is líonmhaire sa chathair agus an chuid is mó acu ina gcónaí i ndeisceart na cathrach, i gceantair bhochta ar a dtugtar Al-Dahiya ("an bruachbhaile"). Bhí roinnt Giúdach ina gcónaí i gceantar beag darbh ainm "Wadi Abu Jamil", i ngaire don lár na cathrach, ach d'imigh siad ón áit sin le linn an chogaidh chathartha. Athosclaíodh sionagóg an cheantair sa bhliain 2010, mar sin féin, nuair a deisíodh ar deireadh thiar an díobháil a rinne buamaí Iosraelacha dó le linn an chogaidh chathartha. Bíonn an teannas seictiúil ina fhadhb sa chathair ó am an chogaidh chathartha i leith.

Tagairtí:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-25. Dáta rochtana: 2009-12-24.