An Liobáin
| الجمهورية اللبنانية (ar) لبنان (ar) Republic of Lebanon (en) Lebanon (en) Republik Lubnan (ms) Lubnan (ms) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Amhrán náisiúnta na Liobáine | ||||
| Mana | «Lebanon Passion for Living» «Libanus: Y Wefr o Fyw» | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | Béiriút | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 6,100,075 (2018) | ||||
| • Dlús | 583.63 hab./km² | ||||
| Déamainm | Liobánach | ||||
| Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | an Meánoirthear Iarthar na hÁise an Áise | ||||
| Achar dromchla | 10,452 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir | ||||
| Pointe is airde | Qurnat as Sawda' (en) | ||||
| Pointe is ísle | an Mheánmhuir (0 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Lebanese Republic under French mandate (en) | ||||
| Cruthú | 22 Samhain 1943 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
| Comhlacht reachtach | Parlaimint na Liobáine | ||||
| • Uachtarán na Liobáine | Michel Aoun (2016–2022) | ||||
| • Príomh-Aire na Liobáine | Nawaf Salam (2025–) | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| OTI ainmniúil | 23,131,941,557 $ (2021) | ||||
| Airgeadra | punt na Liobáine | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .lb | ||||
| Glaochód | +961 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 140, 175, 112 agus 160 | ||||
| Cód tíre | LB | ||||
Is poblacht sa Mheánoirthear í an Liobáin,[1] agus í suite ar chósta thoir na Meánmhara. Tá teorainneacha na Liobáine le hIosrael sa deisceart agus leis an tSiria san oirthear agus sa tuaisceart. Is í an Araibis an teanga oifigiúil agus an teanga is mó a labhraítear. Is í Béiriút príomhchathair na tíre.
Scrios Iosrael cuid mhaith den tír sna 2020idí; féach ar Chogadh na hIaráine 2026 srl.


Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tír bheag atá ann, 10,452 km^2, níos lú ná Contae an Chláir, Contae Luimnigh agus Contae Thiobraid Arainn le chéile, agus daonra 6 milliún ann, nó b'fhéidir seacht milliún, na Palaistínigh agus na teifigh as Siria san áireamh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí roinnt prionsacht uathrialach i Sliabh Liobáine ó dheireadh na séú haois déag i leith, faoi réim na nOtománach.
1920-1974
Cruthaíodh an stát Liobánach mar atá inniu ann i 1920 nuair a dheighil na húdaráis Fhrancacha amach é ó na críocha de chuid na Siria a tugadh dóibh faoi Shainordú Chonradh na Náisiún. Bhain an stát nua a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943.
Ionad tábhachtach don chultúr Arabach ba ea an Liobáin. Roimh an Chogadh Chathartha (1975 - 1990) mheall sí scríbhneoirí agus smaointeoirí ón domhan Arabach mar gheall ar an tsaoirse intleachtúil a bhí le blaiseadh inti, tráth a bhí deachtóireachtaí ag cur greim ar fhormhór na bpoblachtaí eile sa réigiún. Bhí neart comhlachtaí foilsitheoireachta agus preas beoga lonnaithe i mBéiriút agus bhí an chathair ina lárionad don cheol fosta. Go dtí tús an chogaidh, bhí sí ar na hionaid tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear, le tionscnamh mór baincéireachta.
Na Palaistínigh sa Liobáin sa 20ú haois
I dteannta an daonra Liobánaigh dhúchasaigh bhí thart faoi 400,000 Palaistíneach ina gcónaí sa Liobáin, an formhór mór acu teifigh a díbríodh óna dtír dhúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948. Ní raibh ach cearta an-teoranta acu.
Ós rud é go raibh an formhór acu ina Sunnaígh agus iad uile, beag nó mór, i bhfabhar an náisiúnachais, ní raibh na fórsaí polaitíochta Críostúla sásta ariamh na cearta céanna a thabhairt dóibh agus a tugadh do na teifigh Phalaistíneacha sa tSiria nó san Iordáin. Dá ainneoin sin, agus mar gheall ar laige an Stáit Liobánaigh, bhí Eagraíocht Fuascailte na Palaistíne in inmhe fórsa míleata suntasach a eagrú sa Liobáin ó dheireadh na 1960idí, rud a tháinig salach ar shocracht na tíre.
D'éirigh na hairm Phalaistíneacha ina n-ábhar conspóide idir an eite chlé (Moslamach don chuid is mó agus báúil don náisiúnachas Arabach) agus an eite dheis (Márúnach don chuid is mó agus níos meáite ar fhéiniúlacht agus neamhspleáchas Liobánach).
1975-2004
D'fhulaing an Liobáin cogadh cathartha fada millteanach ó 1975 go 1990. B'é ionsaí de chuid mhílíste Críostaí na bhFalangach, an 13 Aibreán 1975 (ar bhus a bhí ag iompar sibhialtach Palaistíneach ó agóid) an chéad bheartas de Chogadh Sibhialta na Liobáine.
Bhí cuid den Liobáin faoi fhorghabháil mhíleata Iosraelach ó 1982 go 2000. Rinne Iosrael ionraithe ar an tír i 1978, 1982 agus arís in 2026. Chuir Iosrael léigear ar Bhéiriút in 1982 agus cuireadh iallach ar na fórsaí armtha Palaistíneacha an chathair a fhágáil. Choinnigh Iosrael stráice de dheisceart na tíre faoi fhorghabháil mhíleata go dtí 2000 nuair a tharraing siad amach faoi bhrú ón ghluaiseacht Shíach Hizbullah.
Bhí forlámhas ag an tSiria ar chuid mhór den tír ó 1976 i leith, agus ar gach chuid de nach raibh faoin fhorghabháil Iosraelach ó dheireadh an Chogaidh Shibhialta sa bhliain 1990 go dtí 2005.
2005
I 2005 dúnmharaíodh iar-Uachtarán Chomhairle na nAirí Rafiq al-Hariri le buama, tar éis dó cur i gcoinne bheartas na Siriach fadú téarma a shocrú do Uachtarán na Poblachta Emíl Lahúd. Dúirt roinnt polaiteoirí Liobánacha gurbh iad na Siriacha a mharaigh an t-iar-Uachtarán.
Mar gheall ar agóidí móra i mBéiriút agus brú idirnáisiúnta le linn 2005, tharraing an tSiria a fórsaí armtha agus a seirbhísí slándála as an tír. Thug lucht tacaithe na n-agóidí Intifada an Neamhspleáchais orthu, agus bháistigh rialtas Mheiriceá, a thug tacaíocht dóibh, the Cedar Revolution[3] orthu.
2020idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]2026
Thug an Cogadh san Iaráin leithscéal do Iosrael an ruaig a chur an an daonra i ndeisceart an Liobáine. Ní raibh an rún ag Iosrael, a mhaígh an rialtas, ach an ruaig a chur ar an grúpa míleata Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis. Ach thug an cogadh san Iaráin leithscéal do Iosrael chun an Liobáin a scrios.
Thug Hezbollah a n-aghaidh ar Iosrael; sna chéad laethanta de mhí an Mhárta, scaoileadh diúracáin agus buaileadh bunáiteanna leis na hIosraelaigh in Ardáin Ghóláin sa tSiria agus i dtuaisceart Iosrael, gan mórán damáiste.
Theilg scairdeitleáin na nIosraelach diúracáin le hionaid éagsúla ar fud na tíre gach lá, na comharsanachtaí Siacha go háirithe i ndeisceart na tíre, ach fiú ceantair cónaithe i lár Bhéiriút. Buamáil thréan a bhí ann ar cheantar dlúthchónaithe lán d'árasáin agus de shiopaí beaga, Bhuail buamaí Iosrael lár na príomhchathrach, áit nach bhfuil i ngaobhar dhaingean Hezbollah ó dheas de Bhéiriút.[4]
Bhuamáil Iosrael an bonneagar sibhialta, áiseanna sláinte, bóithre agus droichid ina measc.[5] Mhaígh na hIosraelaigh gur ar lucht Hezbollah a bhí a gcuid arm dírithe ach ní raibh a n-amas ró-chruinn.[6]
Chuir Iosrael saighdiúirí thar teorainn isteach i ndeisceart na Liobáine, áit a raibh saighdiúirí na hÉireann ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe.[7]
Dúirt Rialtas na Liobáine go raibh 570 duine maraithe ag fórsaí Iosrael sa tír idir 28 Feabhra - 9 Márta agus bhí 760,000 duine curtha as a mbailte.[8] Tugadh "pionós comhchoiteann" ar easáitiú éigeantach an phobail seo.[9] [10]
D'fhoilsigh Human Rights Watch tuairisc ag léiriú fianaise gur bhain Iosrael leas as an nimh fosfar bán i gceantair ina bhfuil cónaí ar dhaoine i ndeisceart na Liobáine (mar a tharla le linn DF 2023-Bealtaine 2024) (9 Márta).[11][12] Maíodh go raibh coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta á ndéanamh ag na hIosraelaigh.[13][14][15]
An córas polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Poblacht dhaonlathach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre.
B'iad na Críostaithe Márúnacha an tseict ba chumhachtaí nuair a cruthaíodh an Liobáin Mhór in 1920, agus iad i bhfabhar ag na húdaráis Fhrancacha. Faoin am chéanna b'iad na Sunnaígh an dara dream ó thaobh cumhachta de agus bhí an tríú áit ag na Siacha. B'iad na Críostaithe Caitliceacha Gréagacha agus Ceartchreidmheacha Gréagacha agus na Moslamaigh Dhrúsacha na grúpaí eile ba mhó tábhachta.
Mar gheall air sin cuireadh socrú polaitíochta, ar a dtugadh an Pact Náisiúnta, ar bun sna 1940idí a gheall post Uachtarán na Poblachta do Chríostaí Marúnach, post Uachtarán Chomhairle na nAirí do Mhoslamach Sunnaíoch, agus post Uachtarán na Parlaiminte do Mhoslamach Siach. Rinneadh socrú a scar suíocháin na Parlaiminte ar bhunús 6:5 idir na seicteanna Críostúla agus na seicteanna Moslamacha fosta.
De réir a chéile tháinig nós i bhfeidhm maidir le postanna riaracháin agus postanna míleata a scaradh de réir na seicte fosta.
Tháinig athrú ar na socruithe seo i ndiaidh Chogadh Sibhialta na Liobáine a mhair ó 1975 go 1990, nuair a hathscaradh suíocháin na Parlaiminte ar bhunús cothrom idir Críostaithe agus Moslamaigh agus tugadh roinnt cumhachtaí, a bhí ag Uachtarán na Poblachta roimhe sin, don rialtas. Rinneadh a leithéid mar gheall ar an bhorradh suntasach a bhí tagtha ar chion na Moslamach sa daonra, agus cion na Moslamach Siach go háirithe, ó aontaíodh an Pact Náisiúnta an chéad uair.

Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí saighdiúirí na hÉireann ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe, UNIFIL, i ndeisceart na Liobáine.
- I dtús Dheireadh Fómhair 2024, bhí an IDF lonnaithe 100 méadar ó ionad faire leis na saighdiúirí Éireannacha. Bhí feachtas forleathan imeaglaithe ar bun ag Iosrael. D'iarr an tUachtarán Biden agus António Guterres araon ar na hIosraelaigh gan drannadh leis na hÉireannaigh. Ar an 9 Deireadh Fómhair, tharraing saighdiúirí Iosraelacha siar ón áit a raibh na hÓglaigh bunaithe.[16][17][18]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Béarla: the Lebanon
- ↑ "Garden of Forgiveness" (as en) (2025-10-09). Wikipedia.
- ↑ "Cedar Revolution" (as en) (2026-03-03). Wikipedia.
- ↑ "Na scórtha maraithe nó go gortaithe sna hionsaithe is déanaí ar Beirut" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-18). Dáta rochtana: 2026-03-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-03-14). "Ionsaithe tréana á ndéanamh ar an Liobáin" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-03-13). "Bonneagar na hIaráine á leacú tuilleadh ag Iosrael, Meiriceá" (as ga-IE).
- ↑ "Achrann ag scaipeadh sa mheánoirthear i ndiaidh ionsaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-02). Dáta rochtana: 2026-03-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-03-10). "'Luach $5.6 billiún d'airm scaoilte ag Meiriceá leis an Iaráin'" (as ga-IE).
- ↑ Al Jazeera Staff. "Israel extending ‘Gaza playbook’ to Lebanon, charity warns" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2026-03-11.
- ↑ "The World Watches as Israel Destroys Lebanon, Implementing a Doctrine of War Crimes" (en). The Wire. Dáta rochtana: 2026-03-11.
- ↑ "Lebanon: Israel Unlawfully Using White Phosphorus | Human Rights Watch" (en) (2026-03-09). Dáta rochtana: 2026-03-13.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-11). "22 duine maraithe, 117 leonta ag fórsaí Iosrael i mBéiriút" (as ga-IE).
- ↑ "Nearly 700,000 displaced in Lebanon as Middle East crisis escalates | UN News" (en). news.un.org (2026-03-09). Dáta rochtana: 2026-03-13.
- ↑ "From Gaza to Lebanon and Iran: The normalization of atrocity" (en). Global Voices (2026-03-12). Dáta rochtana: 2026-03-13.
- ↑ Adil Ahmad Haque (2026-03-11). "The Illegality of Israel’s Military Campaign in Lebanon" (en-US). Just Security. Dáta rochtana: 2026-03-13.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-14). "Ár ar muin áir sa Liobáin, díbirt agus ocras in Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-09). "Iosraelaigh tarraingthe siar ó ionad faire na nÉireannach" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-10). "Airtléire scaoilte ag Iosraelaigh leis na Náisiúin Aontaithe" (as ga-IE).
