Conradh na Náisiún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Siombail Chonradh na Náisiún

Eagraíocht idirnáisiúnta sna 1920idí agus 1930idí a bhí i gConradh na Náisiún.[1] Bunaíodh an Conradh tar éis comhdháil síochána i Versailles, Páras sa bhliain 1919.

Bunú[athraigh | athraigh vicithéacs]

An Conradh agus léarscáil den domhan

Cé gur chuidigh an Rúis leis na comhghuaillithe an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint[2], níor tugadh cuireadh dá gceannairí bheith páirteach i gComhdháil Síochána Pháras a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles.

Mar sin, níor ligeadh do APSS bheith páirteach i gConradh na Náisiún (roimh 1934).

Ní raibh na Stáit Aontaithe ina bhall riamh.

Neamhéifeachtach [athraigh | athraigh vicithéacs]

Níl raibh an Conradh éifeachtach ach ar éigean.

Bhí dí-armáil, cosc ar chogadh agus réiteach fadhbanna trí idirbheartaíocht mar aidhmeanna ag an gConradh.

Ach ní raibh airm ag an gConradh, agus bhí sé ag brath ar na cumhachtaí móra lena rúin a chur i bhfeidhm (mar shampla, smachtbhannaí eacnamaíochta). Bhí drogall ar bhaill an chonartha iad a úsáid áfach.

An faisisteachas agus cogadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tar éis ráthanna agus teipeanna sna 1920í, bhí sé soiléir nach raibh an Conradh in ann forrántacht chumhachtaí na hÁise a stopadh sna 1930í.

Nuair a bhris an An Dara Cogadh Domhanda amach sa bhliain 1939 ba léir go raibh teipthe ar phríomhaidhm an Chonartha: an cogadh a sheachaint.

Scigphictiúr - Ní raibh na Stáit Aontaithe ina bhall

Tar éis an chogaidh, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, atá fós ag déanamh oibre ar son na síochána sa lá atá inniu ann.

Éire[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí sé de chuspóir ag idirbheartaithe na hÉireann i Londain sa bhliain 1921 ballraíocht i gConradh na Náisiún a bhaint amach, ar comhchéim leis an Ríocht Aontaithe.

Ar an 10 Meán Fómhair 1923, ghlac Saorstát Éireann le ballraíocht i gConradh[3] na Náisiún (ACHT CUMANN NÁISIÚN (URRAÍOCHT), 1923 [4]).

Dhearbhaigh sé seo aitheantas idirnáisiúnta ar stádas an tSaorstáit. I measc na ngníomhartha ní ba luaithe a rinne sé mar bhall de, chláraigh sé na hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnradh idir an Bhreatain Mhóir agus Éire (6 Nollaig 1921) leis an gConradh, d'ainneoin na hagóide ó rialtas na Ríochta Aontaithe[5].

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. [https://www.aistear.ie/news-details.php?ID=29 Aistriúchán] agus an Rannóg
  2. An Cogadh Fuar, St Mary's, Béal Feirste
  3. An Conradh: téacs https://treaties.un.org/doc/Publication/UNTS/LON/Volume%2026/v26.pdf#page=9
  4. http://achtanna.ie/ga.act.1923.0041.1.html
  5. http://www.difp.ie/documents/1921treaty.pdf