Conradh Versailles

Conradh síochána idirnáisíunta ab ea an Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin.
Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince, cothrom cúig bliana ón lá a fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire, ceann de na heachtraí ba mhó a chuir tús leis.
Cé gur chuir an sos cogaidh a bhí sínithe ar an 11 Samhain 1918 stad leis an troid féin, lean an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh sé mhí ag Comhdháil Síochána Pháras sular ghlacadh leis.
Fadhbanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Na coinníollacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gearrtar coinníollacha diana ar an nGearmáin leis an gConradh, a bhaineann dá sealúchas tíre agus dá críochtheoranna. Ordaítear go mbeidh ar an nGearmáin aisdúichithe a íoc le buaiteoirí an Chogaidh; an figiúr beacht a shocraítear níos déanaí ná 132 bhilliún marg óir[1].
An Rúís[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cé gur chuidigh an Rúis leis na comhghuaillithe an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint, níor tugadh cuireadh dá gceannairí bheith páirteach i gComhdháil Síochána Pháras a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles[2]. Mar sin, níor ligeadh do APSS bheith páirteach i gConradh na Náisiún.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 10 mBliana na gCuimhneachán, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 2016
- ↑ An Cogadh Fuar, St Mary's, Béal Feirste
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |